Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí mé ag cur mo nótaí le chéile nuair a sheas mé don chéad uair, agus seo an rud atá i gceist agam. Ní aontaím leis an Teachta Ó Cuív sa chás seo. Aontaím gur chóir go mbéadh an smacht ag Tithe an Oireachtais. Mar a mholaim i leasú 16, is gá do Thithe an Oireachtais, tríd rannóg an aistriúcháin, dul i gcomhairle le daoine eile maidir leis an gcaighdeán oifigiúil. Orainne, atá tofa ag muintir na hÉireann, atá an cumhacht agus an dualgas an Ghaeilge a chosaint agus í a chur chun cinn. Mar chuid de sin, ba chóir go mbéadh an caighdeán oifigiúil ullmhaithe faoinár dtreoir.

Fágann an Bille go mbeidh sé ceadaithe príobháidiú a dhéanamh ar obair na rannóige agus go gcuirfear cuid den obair ar riaráistí Billí amach ar chonradh. Tá dáinséar i gcónái ansin, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Ach an rud atá i gceist agam anois go mbéadh dream amháin i mbun na hoibre. San Fhrainc, fágtar an cúram faoin Académie française. In Éirinn, rannóg an aistriúcháin atá i gceannas ar an gcaighdeán oifigiúil agus ba chóir go bhfanfadh sé sin mar atá sé, ach ba cheart go mbéadh ar an rannóg comhairle a ghlacadh. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív sa mhéid sin. Sin a fáth a bhfuil coiste stiúrtha ann, a bhfuil sé de ról aige an chomhairle sin a thabhairt. Nuair atá rannóg an aistriúcháin ag cur an chaighdeáin le chéile, ba chóir go mbéadh iallach air éisteacht a thabhairt don choiste stiúrtha agus dul dá réir.

Sa deireadh thiar thall is faoi stiúradh Thithe an Oireachtais a bheadh an caighdeán oifigiuil, mar a bhí anuraidh nuair a foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil is déanaí. Tithe an Oireachtais a d'fhoilsigh é. Foireann Thithe an Oireachtais a bhí i gceannas air agus ba chóir go bhfanfadh sin mar atá.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív nach fiú tráithnín é sin muna bhfuil na hachmhainní cuí ag an rannóg chun an jab tábhachtach sin a dhéanamh. Sa Fhrainc, ach go háirithe, tá seasamh mór ag an Académie Française i measc an phobail toisc an ról atá aige an teanga a chosaint, ní hamháin caighdeán oifigiúil a cur amach ach an teanga féin a chosaint i gcoinne Béarlachais agus a leithéid.

Uaireanta bíonn troid tógtha dá réir. Tá na Francaigh ag déanamh an iomarca cosaint ar a dteanga féin agus bheadh sé go hiontach dá mbeadh an sórt sin argóinte againne maidir leis an nGaeilge, go raibh an iomarca cosaint a dhéanamh ó thaobh an Bhéarlachais agus go mbeadh an teanga a labhairt ag an leibhéal céanna agus atá sa Fhrainc. Níl faoi láthair ach sin an aidhm atá againn ar fad anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.