Dáil debates
Wednesday, 28 November 2012
Other Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
2:10 pm
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Beidh mé ag súil leis an bhfreagra go léir a léamh.
An cheist a bhí agam ná an méid atá bainte amach maidir leis an straitéis. Tá a fhios agam go bhfuil Acht na Gaeltachta curtha tríd an Oireachtas agus go bhfuil coistí curtha ar bun. Ach tá díomá ar a lán daoine nach bhfuil díospóireacht á dhéanamh leis na heagraíochtaí pobal agus ceapann a lán daoine go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag déanamh an chinnidh gan an díospóireacht sin a dhéanamh. An féidir leis an Aire Stáit freagra a thabhairt ar an gceist sin?
No comments