Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé ráite faoi Chlár an Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Tá an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na Straitéise le feiceáil ó na gníomhartha éagsúla atá idir lámha ag mo Roinnse ar bhonn reachtaíochta, ar bhonn praiticiúil agus ar bhonn eagraíochtúil.

Is céim shuntasach ó thaobh cur i bhfeidhm na Straitéise í Acht na Gaeltachta 2012. Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht, is iad sin, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Mar atá sonraithe faoin Acht, tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge araon maidir le cúnamh a thabhairt do phobail éagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga sna ceantair éagsúla atá faoina gcúram. Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás agus an Foras ag plé le heagraíochtaí éagsúla ar an talamh chun dlús a chur leis an phróiseas pleanála teanga, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ar ndóigh, beidh orduithe le déanamh chun feidhm reachtúil a thabhairt do chuid 2 den Acht a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga. Tá na céimeanna cuí maidir leis na horduithe seo idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair.

Ar ndóigh, tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis a sheachadadh - an Coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht, atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh; an Grúpa Idir-Rannach, atá faoi mo chathaoirleacht féin; agus grúpaí oibre ardleibhéil atá bunaithe leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis.

Chomh maith leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag mo Roinnse ar chur i bhfeidhm na Straitéise, ní miste aird a tharraingt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil ról lárnach acu faoin Straitéis. Ina theannta sin, tá mo Roinnse ag plé le Ranna ábhartha eile ar bhonn déthaobhach chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh den Straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.