Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:10 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an nGaeltacht féin agus cur i bhfeidhm na straitéise, tá an fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta. Tá áthas orm a rá, mar atá a fhios ag an Teachta, go bhfuil bord úr ag Údarás na Gaeltachta anois. Bhí an cathaoirleach os comhair an chomhchoiste inné agus beidh an chéad chruinniú ag an bhord an tseachtain seo chugainn. Ar ndóigh, beidh an bord ag leagan amach an polasaí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise ó thaobh pleanáil teanga de agus ó thaobh fostaíochta agus mar sin de. Ní fhéadfainnse é a chur puinn níos fearr ná mar a chuir an cathaoirleach nua-tofa é inné.

Tá pleanálaithe teanga go leor ins an údarás a bhfuil cáilíochtaí acu agus beidh siad ag dul i dteagmháil agus i gcomhairle le 19 gceantar Gaeltachta ar fud na tíre. Beidh siad ag plé leis na pobail áitiúla, leis na comharchumainn, leis na coistí paróiste agus leis na heagraíochtaí deonacha ansin le pleananna teanga a dhéanamh amach do gach ceantar acu sin. Tá an obair ar siúl cheana féin. Tá tosnú maith déanta agus beidh sé ag dul ar aghaidh níos gaiste agus níos tapúla ins na seachtainí agus ins na míosa amach romhainn. Tá an obair sin ar siúl.

Maidir leis an chuid eile den tír, beidh freagracht ar Fhoras na Gaeilge ansin. Tig liom a rá go bhfuil 14 dhuine fostaithe ag Foras na Gaeilge ar fud na tíre ag tabhairt ceannródaíocht agus tosaíocht don straitéis ins na ceantair ina bhfuil siad lonnaithe.

Mar sin, tá dul chun cinn á dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil sé go léir le feiceáil ach tá an bhun obair agus an dúshraith á chur síos go daingean lá i ndiaidh lae ag na coistí seo. Tá gá leis na coistí. Tá an coiste Rialtais faoin Taoiseach, an coiste idir-ranna agus na coistí árd leibhéil idir oifigigh sinsearacha ann. Tá gá lena gcuid oibre siúd leis an dúshraith agus an bunsraith a chur síos sa dóigh gur féidir linn bogadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na straitéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.