Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Foras na Gaeilge

1:50 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Mar a dúirt sé, beidh cruinniú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 12 Nollaig seo chugainn. Cuirim fáilte roimh an gcruinniú sin. Táimid ag caint mar gheall ar múnla nua atá molta ag Foras na Gaeilge. Tá an samhail nua maoinithe caite amach, ar ndóigh. Cé rud nua atá sa múnla nua? An aontaíonn an tAire Stáit le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go mbeidh sé an-deacair pleanáil a dhéanamh as seo amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.