Dáil debates
Wednesday, 28 November 2012
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Foras na Gaeilge
1:50 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
I dtosach báire, ní mór dom a shoiléiriú go mbaineann an cheist seo leis an athbhreithniú atá ar bun ag Foras na Gaeilge ó mhí Aibreáin 2008 i ndáil leis an mbunmhaoiniú a thugtar do 19 n-eagraíocht ar mhaithe le seirbhísí a sheachadadh do phobal na Gaeilge. Tá 12 n-eagraíocht acu sin lonnaithe go príomha sa dlínse seo agus tá seacht n-eagraíocht acu sin lonnaithe ó Thuaidh. Ar ndóigh, mar ghníomhaireacht den chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas, An Foras Teanga, tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus urraithe ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh.
Sa bhliain 2008, is amhlaidh go raibh Foras na Gaeilge ag cur 40% dá bhuiséad, is é sin €8 milliún, ar fáil don 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe. Bhí os cionn 50% den bhunmhaoiniú sin á chaitheamh ag na heagraíochtaí ar thuarastail amháin. Sa chomhthéacs sin, rinne bord Fhoras na Gaeilge cinneadh athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar an bhunmhaoiniú agus thacaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas leis an gcinneadh sin. Cuireadh an t-athbhreithniú seachtrach i gcrích le linn 2009. Léirigh na torthaí an mhí-éifeacht a bhaineann le seirbhísí a sheachadadh trí 19 n-eagraíocht do phobal na Gaeilge. Ó shin i leith, tá mionscagadh agus plé cuimsitheach déanta ar mhúnlaí eile a d'fhéadfaí a chur ar bun in ionad an chórais bhunmhaoinithe. Rinneadh é sin i gcomhairle leis an earnáil bhunmhaoinithe agus le páirtithe leasmhara eile.
Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí i gceist fosta, ó Thuaidh agus ó Dheas, agus pléadh an dul chun cinn ag cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. San idirlinn, leanadh le bunmhaoiniú eatramhach a chur ar fáil don 19 n-eagraíocht - socrú atá le bheith i bhfeidhm go dtí 30 Meitheamh 2013. Is é an staid reatha ná gur chuir Foras na Gaeilge cás gnó lena mholtaí críochnúla, atá aontaithe ag an bhord, chuig na Ranna urraíochta an mhí seo caite. Tá na moltaí sin á mbreithniú ag an dá Roinn faoi láthair. Táthar ag súil go gcuirfear páipéar fúthu os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag an chéad chruinniú eile ar 12 Nollaig 2012. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí aon eolas breise a thabhairt go dtí go mbeidh plé déanta ar mholtaí críochnúla Fhoras na Gaeilge agus cinneadh tógtha ina leith ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.
No comments