Dáil debates
Wednesday, 28 November 2012
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Foras na Gaeilge
1:50 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá an t-athbhreithniú seo ag dul ar aghaidh le ceithre bliana anuas, ón bhliain 2008. Chuir siad plean úr i láthair sa bhliain 2009. Chuaigh siad i mbun teagmhála leis na heagraíochtaí seo arís de bharr comhráití, srl., a tharla ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Tá plean maoinithe úr molta ag Foras na Gaeilge. Tá an plean sin curtha faoi bhráid mo Roinne agus freisin faoi bhráid an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ní shílim go mbeadh sé ceart, nó fiú indéanta, dul isteach sna moltaí seo go dtí go mbeidh siad pléite ag an gcruinniú a tharlóidh i gceann coicíse, ar 12 Nollaig seo chugainn. Os rud é go bhfuil freagracht ó Thuaidh agus ó Theas sa chomhthéacs seo - tá inchur ag an dá Rialtas - ba cheart dúinn fanacht go dtí go bhfuil an ábhar seo pléite agus cinneadh déanta. Is ag an am sin go mbeimid in ann na moltaí a chur in iúl don Teachta agus gach duine eile.
No comments