Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

Níl aon leithscéal do seo. In aon tír dhátheangach eile, mar shampla sa Bheilg, an gceapann an tAire Stáit go mbeadh sé inghlactha ag éinne go bhfoilseofaí, mar shampla, an leagan Francach d'Achtanna na Beilge ar bhonn bliain reatha? An t-éileamh a bheadh ann ná go mbeadh an dá leagan ann ag an am céanna agus go bhfoilseofaí na hAchtanna de réir mar a ritear iad. Má táthar in ann é sin a dhéanamh ar fud an domhain, d'fhéadfaí é a dhéanamh anseo, dá mbeadh an cur chuige ann. Ach níl an toil, an spéis ná an cur chuige ann. Séard atá á dhéanamh ag an Aire Stáit leis an mBille seo, ná ta sé ag cur leis an gcineál mí-éifeacht agus an dearcadh gur cuma faoi aistriúchán, mar níl inti ach an Ghaeilge, agus tá sé ag cur moille ar fhoilsiú Billí.

Is cuimhin liom Brian Ó Luineacháin, go ndéana Dia grásta ar a anam, fear a bhí thar a bheith báthúil don Ghaeilge, ag teacht chuig bord an Rialtais agus ag rá go gcaitfeadh muid soláthar faoi leith a dhéanamh sa Bhille seo nach mbeadh Acht na dTeangacha Oifigiúla bainteach leis an mBille seo, mar go gcaithfeadh an leagan oifigiúil a bheith foilsithe díreach tar éis don Bhille dul trí Tithe an Oireachtais. Dúirt sé nach raibh sé de chumas ag Rannóg an Aistriúcháin, rud a bhféadfaí a dhéanamh i chuile tír eile, é sin a dhéanamh sách scioptha dó agus go raibh éigeandáil ag baint le seo. Mar is eol don Aire Stáit, tharla an rud céanna le Bille i rith a thréimse sa Rialtas.

Tá a fhios agam nach mbeidh éinne ag mairseáil ar na sráideanna, ach is céim bheag eile é an Bille seo den chúlú agus den scrios atá dhá dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. Tá sé chomh maith ag an Aire Stáit a fhógairt anseo anocht go bhfuil deireadh curtha ag an Rialtas leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil sé caite i dtraipéisí aige agus nach bhfuil i gceist ag an Aire Stáit, ag an Aire Oideachais agus Scileanna ná ag an Rialtas ach a laghad agus is féidir leo a fháil away leis a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge feasta. Is náire dóibh é sin. Is náire gach atá déanta. An rud is aistí faoin rud ar fad ná nach bhfuil oiread agus pingin le sábháil de thoradh ar an chuid is mó den ionsaí atá déanta acu ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht. Mar sin, níl an gnáth leithscéal a úsáideann an Rialtas seo fíor sa chás seo. Níl sé fíor. Is ionsaí ar an Ghaeilge é agus níl aon bhaint aige le hairgead. Ní hamháin gur cuma leis an Rialtas seo, ach is léir go bhfuil daoine sa Rialtas go bhfuil gráin acu ar an Ghaeilge agus dá fhad uathu í, is ea is fearr leo é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.