Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

4:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an deis seo labhairt ar chúrsaí Gaeilge agus léirmheas a dhéanamh ar pholasaí an Rialtais seo i leith na Gaeilge, nó b'fhéidir níos cirte a rá, easpa pholasaí an Rialtais seo i leith na Gaeilge.


I dtosach báire, ba mhaith liom tabhairt chun cuimhne cuid de na beartais a chuir na rialtais faoi Fhianna Fáil i gcrích i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 1997 go dtí gur fhág muid oifig sa bhliain 2011. Is ceann de na rudaí is bunúsaí a rinneadh an t-am sin, i 2002, ná gur tugadh cúram na Gaeilge d'Aire sinsearach a bhí ag suí ag bord an Rialtais. Creidim go bhfuil go leor de na fadhbanna atá ag éirí anois ag éirí as an easpa d'Aire sinsearach atá freagrach as an Ghaeilge ó lá go lá ag bord an Rialtais.


Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003, a leag amach don chéad uair, ar bhealach cuimsitheach, dualgais an Stáít maidir le seirbhísi a chur ar fáil do saoránaigh i nGaeilge. Ag éirí as an Acht sin, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil obair iontach déanta ag an oifig sin stiúr Sheáin Ó Cuirreáin. Baineadh amach stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san EU tar éis oibre éachtach taidhleoireachta ar an ard leibhéal. Tugadh stádas don chéad uair don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ag éirí as sin, bunaíodh Foras na Gaeilge, an chéad aisíneacht oifigiúil a bhí in ann tabhairt faoi cheist na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda.


Tugadh Coimisiún na Logainmneacha isteach faoi choímirce Roinn na Gaeltachta agus cuireadh dlús leis an obair ann le, mar shampla, forbairt an tsuímh www.logainm.ie. Bronnadh scoláireachtaí ar dhaoine sna hollscoileanna le staidéar a dhéanamh ar logainmneacha, le déanamh cinnte go mbeadh daoine ann a bheadh oilte ar an obair thábhachtach seo amach anseo. Chomh maith le sin, d'athraíomar bealach cheapacháin an choimisiúin agus nuair a chuireamar an struchtúr nua ar bun don choimisiún, thug an coimisiún nua chun oibre le flosc iontach agus rinneadar obair iontach faoi cheannas Sheosaimh Ó Braonáin.


Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta, agus ag éiri as sin rinneadh an staidéar teangeolaíochta ar an nGaeilge sa Ghaeltacht, tionscamh atá an-tábhachtach i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain. Lean sin ar aghaidh agus chuireamar An Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus aontaíodh í mar pholasaí Rialtais i 2010. I saol na cumarsáide, tugadh airgead ón gceadúnas teilifise do TG4 don chéad uair agus bunaíodh Raidió Rí Rá agus anocht FM ar Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar an aos óg. Cuireadh go mór le stádas na Gaeilge san Acht Oideachais agus bunaíodh COGG, eagras a bhfuil an-chuid oibre déanta aige ó thaobh an oideachas trí Ghaeilge.


Ó thaobh na Gaeltachta de, leasaíodh Acht Údarás na Gaeltachta le hionadaíocht a chinntiú do gach contae a bhfuil Gaeltacht ann. Rinneadh forbairtí móra ar scéim na gcoláistí Gaeilge agus feabhsaíodh cúrsaí slándála iontu agus cúrsaí caighdeáin ó thaobh Gaeilge agus cóiríochta. Cuireadh scéim na gcúntóirí teangan agus scéim na gcampai samhradh ar bun. Níl aon amhras freisin ach go ndearnadh obair mhór ar infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta na Gaeltachta agus na n-oiléan. Chomh maith le sin, cuireadh rochtain cheart ar fáil chuig na hoileáin ar fad, na hoileáin Gaeltachta san áireamh.


Thugamar airgead breise agus cúnamh d'Acadamh Ríoga na hÉireann le dlús a chur leis an obair an foclóir stairiúil ar an Ghaeilge, an ceann Gaeilge-Gaeilge, a fhorbairt, agus fostaíodh daoine i nDáilcheantar an Aire Stáit leis an obair sin a chur chun cinn. Ar ndóigh, tosaíodh freisin ar an obair ar an leagan nua don fhoclóir Béarla-Gaeilge agus tá an obair sin ag dul ar aghaidh faoi láthair.


Sula dtiocfaidh mé chuig ábhar an Bhille seo - tagróidh mé don obair atá déanta againn ar chaighdeán na Gaeilge sa gcomhthéacs sin - tá sé tábhachtach cur síos a dhéanamh maidir le cinntí an Rialtais i leith na Gaeilge, cinntí atá ag cur na Gaeilge siar lá i ndiadh lae. An chéad cinneadh, ceann nár chosain aon airgead ná nár shábháil aon airgead, ná gan Aire sinsearach Gaeilge a bheith ag bord an Rialtais. An dara cinneadh ná deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga mar oifig faoi leith. Tá an tAire Stáit féin tar éis a admháil nach bhfuil aon sábháil le déanamh as sin agus nach bhfuil ann ach buille don Ghaeilge. Níl ann ach iarracht a dhéanamh obair an choimisinéara a lagú. Rinneadh cinneadh deireadh a chur le Coimisiún na Logainmneacha, arís gan aon sábháil i gceist, nó ceann chomh beag agus nach fiú é a áireamh. Tá cinneadh déanta freisin deireadh a chur le húdarás daonlathach Gaeltachta tofa ag an bpobal. Tá deireadh curtha le go leor scéimeanna ag an Aire Stáit agus tá bagairt déanta aige ar an seirbhís aeir go na hOileáin Árainn. Níl aon rud curtha aige in áit scéim labhairt na Gaeilge.


Bíonn daoine ag rá, ar son an Aire Stáit, go raibh i gceist ag an Rialtas deiridh cumhachtaí fiontraíochta a bhaint ón údarás. Ní fíor sin.

Má bhreathnaíonn an tAire Stáit ar an straitéis 20 bliain, feicfidh sé nach tógadh aon chinneadh mar sin riamh. Níor smaoinigh an Rialtas sin ar deireadh a chur le bord tofa Údarás na Gaeltachta. Níor tháinig aon togra faoi bhráid an Rialtais le linn mo thréimhse mar Aire - bhí mé ann go dtí an deireadh, os rud é go raibh mé i measc an seachtar deiridh a bhí ann - ag moladh go gcuirfí deireadh le húdarás tofa sa Ghaeltacht. Ní cheart scéalta nach bhfuil fíor a scaipeadh.

Is léir nach dtuigeann ar éigean duine ar bith sa Teach seo cúlra na scéala seo - cúlra na cinnithe atá déanta ag an Aire Stáit - i gceart. I mí Márta 2010, rinne an Rialtas deiridh cinneadh coiste stiúrtha a bhunú chun athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge a dhéanamh. Socraíodh go mbeadh an Rialtas amháin freagrach as an gcaighdeán. Ní hé go rabhamar, ach an oiread le Coimisiún Thithe an Oireachtais, chun pointí beaga gramadaí a phlé ag bord an Rialtais. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an Rialtas freagrach as an gcaighdeán. Bhí sé mar aidhm againn go mbeadh na dreamanna ar fad a bhaineann leas as an gCaighdeán Oifigiúil timpeall an bhoird nuair a bheadh an t-athbhreithniú ar an gcaighdeán ar siúl. Bhíomar ag súil freisin go mbeadh an caighdeán inúsáidte i rith ghnáth-obair an lae, seachas caighdeán a bheadh feiliúnach do chúrsaí aistriúcháin an Oireachtais amháin. I gcás teanga ar bith, ba cheart go mbeadh an caighdeán mar uirlis ag an bpobal, seachas na saineolaithe amháin.

Ar an ábhar sin, bhunaíomar coiste ar a raibh ionadaíocht ag na spéiseanna éagsúla ar fad a theastódh uainn i gcomhthéacs aon athbhreithniú ar an gcaighdeán. Bhí saineolaithe teanga, aistritheoirí, ionadaithe ó Foras na Gaeilge a bhíonn ag plé le foclóireacht agus téarmaíocht, daoine ón nGaeltacht, daoine a bhfuil cleachtadh acu bheith ag múineadh na Gaeilge do dhaoine ón nGalltacht agus daoine ó na meáin a úsáideann an teanga gach lá ar an gcoiste. Bhí an tOllamh Dónall Ó Baoill mar chathaoirleach air. Is ceart go mbeadh an Ghaeilge oifigiúil caighdeánach á úsáid ag na daoine seo go léir. Tógadh cuireadh d'oifigigh as Rannóg an Aistriúcháin an Oireachtais páirt a ghlacadh sa choiste seo. Dhiúltaigh said glacadh leis an gcuireadh sin. Sotalacht a bhí ann, sotalacht atá á íoc go maith ag an Aire Stáit leis an gcinneadh atá déanta aige.

Tá a fhios ag an Aire Stáit gur thosaigh an coiste a chuid oibre ar bhealach meáite. Chuaigh siad i gcomhairle leis an bpobal ag gach céim den phróiseas. Chríochnaigh siad an saothar i mbliana. In ionad an obair sin a fhoilsiú, tá an tAire Stáit tar éis é a chur sa reoiteoir. Cé go raibh dream thar a bheith saineolaíoch i gceist - bhí na spéiseanna éagsúla ar fad clúdaithe - níl sé sásta an obair a dhearna siad a fhoilsiú, fiú. Idir an dá linn, shocraigh Rannóg an Aistriúcháin an Oireachtais ar chaighdeán eile a thiomsú, beag beann ar chinneadh an Rialtais. Cá bhfuair siad an fhoireann? Cá bhfuair siad an t-am chun é sin a dhéanamh? Cén fáth a raibh an dúbláil seo ar bun acu? Bhí coiste eile ceaptha ag an Rialtas chun an obair seo a dhéanamh. Is dream iad seo nach bhfuil in ann an obair a leagadh rompu a dhéanamh.

Fuair mé litir ón gCeann Comhairle le soiléiriú nach bhfuil 394 Acht aistrithe fós, in ainneoin forálacha na Bunreachta agus an méid atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le Achtanna a fhoilsiú sa dá theanga. Ag an am céanna, bhí an dream seo in ann tabhairt faoi caighdéan a réiteach, sa bhreis ar an gcaighdeán a bhí á dhéanamh ag coiste a bhí ceaptha go ceart agus go cóir, gan dul i gcomhairle le héinne nó dea-chleachtas a leanúint. Níor leag an dream seo amach an bunús ar a bhíodar ag obair ar an gcaighdeán, rud a bhí déanta ag an gcoiste a bhí ceaptha ag an Rialtas. Tá a fhios agam nach dtuigeann mórán daoine sa tír an ábhar seo. Ní cheist mhór í i gcomhthéacs na dúshláin atá romhainn. Ní dhéanann sé sin leithscéal ar bith don rud atá déanta ag an Aire Stáit.

Tá a fhios ag na hoifigigh atá in éineacht leis an Aire Stáit gur bunaíodh an t-aonad aistriúcháin mar gur theip ar Choimisiún Thithe an Oireachtais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Níl sé ar chumas an Oireachtais na hAchtanna a haistriú sách sciobtha. Cé gur tairgíodh breis foirne agus breis teicneolaíochta dóibh, níl an job déanta acu go fóill. Os rud é go raibh muid dáiríre faoin Ghaeilge, ní raibh muid sásta obair an Rialtais á fhágáil faoi Rannóg an Aistriúcháin, nach bhfuil ag déanamh an jab bunreachtúil atá acu. Is cúram de chuid na Ranna Stáit, seachas Tithe an Oireachtais, na hionstraim reachtúla a aistriú.

Mar nár theastaigh uainn aon leithscéal a bheith againn - bhíomar dáiríre faoi seo - shocraíomar ar aonad ar a mbeadh smacht ag an Rialtas a bhunú taobh amuigh de Rannóg an Aistriúcháin na Tithe seo. Bhí fonn orainn a chinntiú, nuair a bheadh ionstraim le n-aistriú, nach mbeadh muid ar brath ar eagraíocht - Choimisiún Thithe an Oireachtais - a loic cheana féin ar na dualgais a bhí acu. Tá an tAire Stáit tar éis forlámhas iomlán maidir le aistriú Achtanna agus an obair breise seo a dhéanamh a thabhairt do dhream atá ag teip ar an jab bunreachtúil agus reachtúil atá le déanamh acu. Níl aon rud déanta aige chun leigheas a chur ar na fadhbanna ollmhóra atá ag Coimisiún Thithe an Oireachtais agus ag Rannóg an Aistriúcháin, ar chúis amháin nó cúis eile. Ní féidir a rá go raibh easpa acmhainní i gceist, mar tairgíodh na hacmhainní dóibh.

Tá a fhios ag an Aire Stáit go maith go bhfuil sé mar pholasaí ag an rannóg agus ag an gcoimisiún sa Teach seo Achtanna a aistriú ar bhonn bliain reatha. Ciallaíonn sé sin nach bhfuilimid sásta níos mó a rá faoi reachtaíocht a achtaítear i mí Eanáir nó mí Feabhra ná go mbeidh siad déanta roimh deireadh mí na Nollag. Tuigeann an tAire go ndeireann Acht na dTeangacha Oifigiúla nach féidir Acht a fhoilsiú gan é a bheith ar fáil sa dá theanga. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag fanacht na míonna agus na míonna leis na haistriúcháin seo a fháil, gan trácht ar an riaráiste de 394 Bille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.