Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

4:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Teachtaí uilig a ghlac páirt sa díospóireacht seo agus as na tuairimí a chuir siad os ár gcomhair. Bhí díospóireacht againn ar an Bhille seo sa Seanad an mhí seo caite. Is Bille tábhachtach é agus tá tábhacht leis an rud atá muid ag iarraidh a dhéanamh. I mo thuairim, léiríonn an Bille seo chomh tábhachtach agus atá an focal scríobhtha sa Ghaeilge.

Tá ár gcanúintí againn go léir, is cuma as cén pháirt den tír muid. Tá canúintí i ngach teanga. Mar adúirt duine éigin anseo inniu, tá na mílte canúint sa tSín, ach níl ach teanga scríobhtha amháin acu. Sin an cuspóir atá againn leis an Bille seo, go mbeidh na focal scríobhtha sa teanga mar a gcéanna, is cuma cad í an chanúint atá ag duine. Tá sin indéanta i dteangacha forbartha ar fud an domhain agus is luaithe a dhéanfaidh muid sa Ghaeilge é sin, is ea is fearr.

Tógfaidh mé an méid a bhí le rá ag an Teachta ó Cuív ar dtús, ó tharla nach bhfuil sé anseo agus go bhfuil sé úr i m'intinn. Leis an rud a bhí ar siúl ag an Teachta Ó Cuív bheadh muid fágtha le dhá caighdeán. Ar dtús, bhí an caighdeán a thug Rannóg an Aistriúcháin isteach i 1958 agus ar tógadh muid go léir leis - gach múinteoir, dalta agus gach duine atá thar 50 bliain - agus lena raibh muid an-sásta. Is mór an trua é nach ndearnadh uasghrádú ar an chaighdeán sin. Níl a fhios agam cé ar atá an locht. B'fhéidir go bhfuil cuid den locht ar an Teachta Ó Cuív agus na daoine ar an dtaobh sin den Teach a chaith tréimhsí fada anseo, nár bhac siad le aon uasghrádú a dhéanamh ar an chaighdeán. B'fhéidir gur sin an rud a tharla.

Cad a rinne an Teachta? Chuir sé coiste dá chuid féin ar bun, an t-Ionad Aistriúcháin. Ansin, séard a bhí againn ach an dream anseo, Rannóg an Aistriúcháin, a chur amach an chéad caighdeán i 1958 agus a rinne go leor oibre air, agus ar an dtaobh eile dúirt an Teachta Ó Cuív, agus é ina Aire ag an am, go raibh sé chun a chaighdeán féin a bheith aige agus chuir sé an t-Ionad Aistriúcháin ar bun thall i mBóthar Mespil agus bhí an t-ionad sin an-gnóthach.

Ba mhaith liom ard-mholadh a thabhairt don Ionad Aistriúcháin agus an coiste stiúrtha as an obair a dhein siad. Ní easaontaím leis an Teachta Ó Cuív faoin obair a dhein siad. Bhí sár obair idir lámha acu. Bhí speisialtóirí san ionad agus lucht Gaeltachta agus daoine acadúla agus daoine le cáilíochtaí sa teanga, i bhfad níos mó ná atá agamsa ná ag éinne eile anseo. Ba mhaith liom a dhearbhú sa Teach seo go bhfuil meas agam ar a saothar agus gabhaim buíochas leo as. Níl sé fíor go mbeidh an saothar sin caillte. Níl sé caillte. Tá an saothar sin go léir curtha ar ais agus tá sé i dtaisce anseo againn i Rannóg an Aistriúcháin. Nuair a bheidh an chéad uasghrádú eile á dhéanamh ar ghramadach na Gaeilge agus ar chaighdeán na Gaeilge, beidh muid ábalta úsáid a bhaint as sin. Ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin difríocht eatarthu. Ach tá rud amháin nach féidir linn cur suas leis agus is é sin go mbeidh dhá caighdeán ag dul ar aghaidh lámh ar lámh agus céim ar chéim. Níl muid chun glacadh le sin agus nílim chun mo leithscéal a ghabháil leis an Teachta Ó Cuív nó aon Teacht eile maidir le sin.

Sílim go raibh an méid a bhí le rá ag an Teachta Kitt an-tomhaiste ar fad. Chuir sé fáilte roimh an rud atá á dhéanamh againn. B'fhéidir go raibh sé ceart go leor, nuair a bhí airgead chomh fairsing le móin sa tír seo agus nuair a bhí sé dhá caitheamh ar fud na tíre agus ar fud an domhain, airgead a chaitheamh mar a mhol an Teachta. Ach b'fhéidir gur sin an fáth go bhfuil an deacracht againn inniu atá againn. Ar ndóigh, bhí an Teachta Ó Cuív ina shuí ag bord an Rialtais a rinne na cinntí sin agus ní cóir dearmad a dhéanamh ar sin.

Dúirt an Teachta Ó Cuív nach bhfuil aon pholasaí ag an Rialtas. Tá polasaí ag an Rialtas. Thug an Rialtas tacaíocht iomlán nuair a bhíomar sa bhFreasúra don straitéis 20 bliain. Thug muid tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar theanga oifigiúil i bParlaimint na hEorpa. Thug muid tacaíocht iomlán d'Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003. Thug muid creidiúint don Aire ag an am é sin a dhéanamh, ach deireann an Teachta nach bhfuil aon pholasaí ag an Rialtas. Tá polasaí ag an Rialtas. Tá coiste ar bun ag an Rialtas, faoi chathaoirleacht an Taoisigh é féin. Bhí cúig nó sé cruinnithe den choiste sin againn, ceann acu coicís ó shin. Beidh an chéad ceann eile go luath sa bhliain úr. Tá an coiste ag plé le cúrsaí tábhachtacha a bhaineann le cur i bhfeidhm pholasaí na Gaeilge agus an straitéis, ní hamháin sa Roinn féin agus sa Roinn Oideachais agus Scileanna ach sna Ranna eile a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge.

Nílim ach bliain agus ocht mhí in oifig, ach tá cuid mhór rudaí ag dul ar aghaidh sa Roinn. Thug muid isteach Bille Gaeltachta. Táimid i ndiaidh bord nua a chur isteach ar Údarás na Gaeltachta. Ní mar seo a tharla nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ina Aire.

D'fhág siad Údarás na Gaeltachta gan phríomhfheidhmeannach buan ar feadh trí bliana, beagnach. Tháinig muidne isteach agus an chéad rud a dúirt mé na go mbeadh Údarás na Gaeltachta ann. Is féidir leis an Teachta Ó Cuív a bheith ag rá nach raibh aon phlean deireadh a chur leis an údarás nuair a bhí sé féin ina Aire, ach tá na figiúiri ansin. Sa bhliain 2008, bhí €620 mhilliún de airgead caipitil ag Údarás na Gaeltachta, i 2009 bhí sé anuas go dtí €16 mhilliún, i 2010 bhí sé anuas go dtí €10 milliún agus nuair a tháinig mise isteach bhí na figiúirí ansin romham, thíos go dtí €6 mhilliún. D'éirigh na deacrachtaí eacnamaíochta níos deacra ó shin ach d'éirigh linn anuraidh é a choinneáil ag €6 mhilliún, agus brú uafásach ar an Státchiste ó thaobh chúrsaí sláinte de, ó thaobh chúrsaí oideachais de agus ó thaobh chúrsaí leasa shóisialaí de. Ach d'éirigh linn an t-airgead a choinneáil agus táimid ag iarraidh é a dhéanamh i mbliana arís.

Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta Ó Cuív agus mheasfá nach raibh sé in aon Rialtas le 20 bliain. Is é an rud atá le déanamh agamsa sa Roinn, le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Deenihan, agus leis na hAirí eile, an géarchéim eacnamaíocht a tugadh dúinn le huacht a réiteach. Táimid ag déanamh ár ndícheall é sin a dhéanamh agus, ar ndóigh, tá an bhróg ag teannadh orainn go léir, agus ar an Ghaeltacht chomh maith.

Labhair an Teachta Kitt faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Sílim go bhfuil sé sin ag dul ar aghaidh againn. Tá coiste ann faoi chathaoirleacht an Taoisigh, bíonn cruinnithe rialta againn agus táimid ag díriú isteach ar an oideachas go maith. Tá coiste idir-ranna againn a bhfuil na Ranna a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm na straitéise air. Tá mé féin mar chathaoirleach air sin agus tagaimid le chéile go rialta. Tá go leor rudaí ag dul ar aghaidh.

Thagair an Teachta Kitt, chomh maith leis an Teachta Ó Cuív, don choiste stiúrtha agus don chaighdeán oifigiúil. Ní dhéanfar dearmad ar na moltaí a rinne an coiste stiúrtha. Nuair a bheimid ag déanamh uasghradú ar an chaighdeán oifigiúil amach anseo, agus tá sé ráite go mbeimid á dhéanamh taobh istigh de thrí bliana, ní rachaidh an obair an-fhiúntach a chuireadar siúd ar fáil amú.

Maidir le struchtúir fhoireann Rannóg an Aistriúcháin, fuair an rannóg triúr aistritheoir ón lár-ionad aistriúcháin, duine amháin ag grád a 2 agus beirt ag grád a 3. Fágann sin go bhfuil 21 ag obair i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Tá riaraistí ann maidir le hAchtanna, ach tá sé sin ag dul ar aghaidh le blianta fada. Luaigh an Teachta Ó Cuív go raibh 394 Bhille le haistriú. Níor tharla an riaraiste sin ar fad le mo linnse. Tá sé sin ag dul ar aghaidh le deich nó 15 bliana. Bhí seans ag an Teachta Ó Cuív tabhairt faoi sin nuair a bhí sé ina Aire ach ní fhaca mé aon rud ag tarlú. Leis an fhoireann breise atá i Rannóg an Aistriúcháin anois, déanfaimid gach iarracht, ar bhonn straitéise, tabhairt faoi na riaraistí sin. Glacfaidh sé am ach beimid ábalta tabhairt faoi.

Thagair an Teachta Kitt don chlár tacaíochta teaghlaigh. Bhí scéim labhairt na Gaeilge againn. Níl sé againn anois ach tá clár tacaíochta teaghlaigh againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.