Dáil debates

Wednesday, 21 November 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

 

12:40 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an Bhille. Tá sé tábhachtach go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh an Caighdeán Oifigiúil a chur ar fáil agus ról an Oireachtais a mhéadú maidir le haistriúchán. Tá sin tábhachtach agus cuirim fáilte roimh an chuspóir sin atá sa Bhille.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá sé tábhachtach go dtitfidh na costais. Dúirt sé sin mar gheall ar an bhfoireann atá sa Roinn. Táim buíoch de na hoifigigh a bhí sa Roinn a labhair liom agus le Teachtaí agus Seanadóirí eile faoi seo. Dúradh liom go bhfuil níos lú foireann anois sa chóras aistriúcháin, seisear go ceathrar, rud beag mar sin. Tá sé tábhachtach go bhfuil foireann ann agus go bhfuilimid in ann gnó trí Ghaeilge a dhéanamh san Oireachtas.

Bhí suim agam sa méid a dúradh faoi obair an choimisiúin mar gheall ar airgead a fháil de bharr aistriúcháin, go mbeidh sé in ann na statutory instruments a aistriú agus airgead a fháil don Aire Stáit nó do dhaoine eile nó b'fhéidir na daoine atá ag iarraidh aistriúchán a dhéanamh agus gur féidir leo airgead a thabhairt don tseirbhís sin mar is maith an rud é go mbeidh siad in ann seirbhís mar sin a chur ar fáil.

Bhí cúpla ceist agam tráth na gceisteanna dhá mhí ó shin faoi dhuine a chur litir chugam, an tUasal Dónal P. Ó Baoill. Ní raibh sé sásta mar gheall ar an choiste stiúrtha agus rinne an tAire Stáit plé ina óráid faoin choiste sin. De réir an ollaimh, ní bhfuair sé aon tuairisc ón lá a chríochnaigh sé a chuid oibre ar an choiste. Bhí an coiste ag feidhmiú go 2010 agus 2011 ar feadh 15 de mhíonna. An ceist ná cén fáth nach raibh an tuairisc ar fáil. Tá sé tábhachtach agus sinn ag plé an Chaighdeáin Oifigiúil, gur féidir an t-eolas sin a chur ar fáil. Aontaím leis an Aire Stáit gur ceart caighdeán amháin a bheith ann. Níl aon mhaitheas ann cúpla caighdeán a bheith ann.

Chuir sé díomá orm agus ar a lán daoine go gcaithfimid fanacht trí bliana nó fiú seacht mbliana chun an Chaighdeán Oifigiúil a athrú arís.

Is ceist thábhachtach í sin agus ba mhaith liom dá bhféadfadh an tAire Stáit freagra a thabhairt dom uirthi. Chuir mé ceist ar an ábhar sa Dáil ag Tráth na gCeist dhá mhí ó shin.

Tá a lán daoine buartha faoin reachtaíocht atá á ullmhú ag an Rialtas anois agus táthar ag iarraidh a fháil amach cén fáth go mbeidh an reachtaíocht seo againn agus cén fáth nár foilsíodh torthaí na hoibre ón coiste stiúrtha. An raibh difríocht idir moltaí an choiste agus An Caighdeán Oifigiúil nó idir moltaí an choiste agus an Rialtas? Tá na ceisteanna sin ann mar nár foilsíodh aon rud agus sin an fáth go bhfuil mise ag cur na ceiste seo inniu. Rinne an tAire Stáit tagairt do na teanga oifigiúla anois san Eoraip. Is maith an rud an stádas sin. Bhí áthas orm nuair a bhaineamar amach ardú stádais don teanga san Aontas Eorpach. Anois, mar a dúirt an tAire Stáit, tá 23 teanga mar teangacha oifigiúla. Bhí cuid mhaith d'fheisirí san Eoraip ag iarraidh an stádas sin a bhaint amach dá dteangacha agus is maith an rud gur éirigh leo.

Tá ceisteanna agam freisin maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is plean treorach é sin maidir le caomhnú agus athbheochan na Gaeilge. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht don straitéis sin freisin. Baineann an straitéis le naoi réimse difriúla, ar nós an Ghaeltacht, cúrsaí oideachais, an chlann, seirbhísí poiblí, an eacnamaíocht, na meáin agus reachtaíocht. Tá sé mar cuspóir ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn an teanga go laethúil a mhéadú ó 83,000 go dtí 250,000 duine. Táim lán sásta go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh sin a dhéanamh, mar téann sé ar thurais go dtí na Gaeltachtaí agus bíonn sé ag taisteal ar fud na tíre. Is breá liom é a fheiceáil i nGaillimh go minic. Caithfear aire a thabhairt freisin go gcuirtear le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht fhéin agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ag plé le sin.

Chomh maith le cruinniú leis na hoifigigh, bhí cruinniú agam freisin le cuid mhaith de na heagrais Gaeilge. Tá na heagrais ag iarraidh bualadh le Teachtaí Dála agus Seanadóirí maidir leis an cheist seo agus an buiséad atá le teacht i gceann coicíse. Tá súil acu go mbeidh an tAire Stáit in ann buiséad maith a eagrú dóibh agus go mbeidh sé in ann déileáil le aistriúchán agus an caighdeán. Dúirt an tAire Stáit go mbíonn sé ag plé leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoi na hábhair seo. Tá sé tábhachtach go mbuaileann siad le chéile go rialta chun na rudaí seo a bhaint amach agus a soiléiriú.

Tá cuid mhaith de na heagrais Gaeilge ag rá nach ceart go mbeadh iomaíocht idir na heagrais agus tá súil acu go mbeidh an tAire Stáit ag cuidiú leo seachas iad a chur in aghaidh a chéile nó iomaíocht a chothú eatarthu. Tá na heagrais éagsúla ag déanamh obair an-mhaith maidir leis an teanga agus is cóir cabhair a thabhairt dóibh. Nuair a bhí mé ag caint le feidhmeannaigh Chonradh na Gaeilge, bhíodar ag caint faoin straitéis agus faoi ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní thaitníonn sé le héinne a bheith ag fanacht ar an dteileafón ag éisteacht le guth ag tabhairt rogha dóibh cnaipe a haon, a dó, a trí nó a ceathair a bhrú, ach is maith an rud é go dtugtar rogha dóibh go minic cnaipe uimhir a haon a bhrú le haghaidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin níos fearr ná moill a chur orthu ag iarraidh orthu cnaipí éagsúla a bhrú sular féidir leo dul i dteagmháil le duine in oifig. Bhí na feidhmeannaigh a labhair liomsa an-soiléir go bhfuil sé de ceart acu an gnó sin a dhéanamh trí Ghaeilge agus táthar ag súil go mbeidh muid in ann na forálacha sin a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Luaigh na heagrais freisin go bhfuil a lán daoine le Gaeilge ag imeacht as an Stát Seirbhís. Tá na daoine seo ag fágáil na Ranna éagsúla, ach níl daoine ag isteach. Is mór an trua é sin, mar braitheann muid ar na daoine sin chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú. Is fadhb mhór í seo agus tá súil agam go mbeidh rud éigin le rá ag an Aire Stáit fúithi.

Tá imní ar a lán daoine maidir leis na hoileáin agus an deontas d'Aer Árainn agus táthar ag iarraidh go ndéanfar beart do na daoine ar na hoileáin. Tá siad ag iarraidh go ndeánfar rud éigin, mar shampla, do na múinteoirí a braitheann ar an seirbhís aeir sin chun taisteal go dtí na hoileáin. Tá trí meánscoil ar Oileáin Árainn agus tá sé tábhachtach go mbeidh an seirbhís sin ann chun go mbeidh na múinteoirí in ann oideachas a chur ar fáil do na scoláirí ar na hoileáin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann a rá go bhfuil sé ag troid chun an seirbhís sin a choinneáil beo.

Tá an straitéis ag iarraidh líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge a mhéadú, go háirithe sa Ghaeltacht. Chun cabhrú le sin, tá daoine ag iarraidh go gcuirfear leis an seirbhís trí Ghaeilge ar an dteilifís chomh maith. Molaim TG4 agus an méid atá á dhéanamh ag an stáisiún sin agus molaim Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin eile a chraolaíonn cláir trí Ghaeilge. Molaim freisin na meáin cumarsáide agus lucht foilsithe leabhar a oibríonn trí mheáin na Gaeilge. Tá sin tábhachtach agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó airgid a fháil do na gnóthaí sin.

Labhair mé le hoifigigh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chomh maith.

Go háirithe, bhí siad ag caint faoin gclár tacaíochta teaghlaigh agus faoin bpróiseas pleanála don Ghaeilge. D'ardaigh an Teachta Ó Cuív ceisteanna maidir leis an scéim tacaíochta teaghlaigh ag an gcoiste freisin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann airgead a fháil don scéim sin agus na scéimeanna eile.

Tá an-tábhacht ag baint leis an turasóireacht sa Ghaeltacht. Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil cúpla ceist agam i dtaobh The Gathering, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Cad a bheidh á dhéanamh don Ghaeltacht i gcomhthéacs The Gathering? Is eol dúinn go bhfuil an-suim san ócáid seo in iarthar na hÉireann. Tá go leor rudaí beaga ag tarlú freisin. Iarraim ar an Aire Stáit gan dearmad a dhéanamh ar na comhdhálacha beaga a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAire Stáit in ann scéim na mná tí a thugann cabhair do scoláirí a chaomhnú agus a leathnú amach anseo. Tá seans mór againn a chinntiú go leanfaidh eacnamaíocht na bailte beaga Gaeltachta ar aghaidh nuair a bheith The Gathering ar siúl an bhliain seo chugainn. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit a rá linn cad a tharlóidh do na heagrais seo sa todhchaí. Tá go leor dóibh buartha nach mbeidh airgead ar fáil dóibh. Ceapann cuid acu go bhfuil siad in iomaíocht lena chéile le haghaidh airgid, cé gur cheart dóibh bheith ag cabhrú agus ag obair lena chéile. Tá a fhios againn go léir go bhfuil an ciste ag íslú.

Baineann an reachtaíocht seo ní hamháin leis an gcaighdeán ach freisin le Tithe an Oireachtais. Táimid ag caint faoi aistriúcháin a dhéanamh ar statutory instruments agus ar an reachtaíocht ar a dtugtar primary and secondary legislation. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh na daoine sa chóras aistriúcháin in ann é sin a dhéanamh. An bhfuil sé fíor go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine sa chóras sin? An mbeidh an Rialtas in ann oifigigh nua a fháil nuair atá daoine ag éirí as an Státseirbhís agus an chóras sin? Ba cheart go mbeimid in ann daoine breise a chur leis an bhfoireann maith seo má tá daoine ag fágáil na seirbhíse, rud atá ag tarlú dé réir mar a thuigim é.

Is é sin an méid atá le rá agam. Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don chaighdeán seo. Tá Fianna Fáil i bhfábhar na straitéise 20 bliain. Tá me lán-sásta go bhfuil stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ardaithe agus go bhfuil infheistíocht ar fáil don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó a dhéanamh. Tá airgead á thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun níos mó post a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Muna bhfuil postanna sa Ghaeltacht, ní bheidh daoine in ann maireachtáil ann. Mar a dúirt mé cheana, níl mé sásta nach bhfuil toghcháin Údarás na Gaeltachta á n-eagrú. Is botún mór é sin. Caithfidh an Rialtas obair le Údarás na Gaeltachta chun níos mó fostaíochta a chur ar fáil. I mo thuairim, ba cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do na gaelscoileanna agus don straitéis 20 bliain chun iad a chaomhnú. Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas in ann an reachtaíocht seo a chur i gcrích go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.