Dáil debates
Wednesday, 21 November 2012
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage
1:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá brón orm nach raibh mé anseo níos luaithe nuair a mhínigh an tAire Stáit cén fáth gur tháinig an Bille seo chun cinn. Ní bhfuair mé cóip den óráid a thug sé, ach gheobhaidh mé níos déanaí í. Léigh mé an méid a bhí le rá aige sa Seanad. Glacaim leis go raibh an rud céanna i gceist. D'ardaigh mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, roinnt de na pointí atá le déanamh agam sa Seanad. Is mian liom ceisteanna áirithe eile a ardú a bhaineann le mo chleachtas agus leis an tslí atá caite liom i dtaobh labhairt na Gaeilge sa Teach seo.
Tá sé tábhachtach go mbeadh Teachtaí Dála in ann ár gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ó thús báire. Tá an riachtanas seo ardaithe agam arís agus arís eile. Níl mé in ann teacht isteach anseo agus mo ghnó a dhéanamh go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir liom labhairt sa Teach i nGaeilge. Tá ard-mholadh ag dul do na haistritheoirí a chaithfidh éisteacht dom agus ciall a dhéanamh as an méid a bhíonn le rá agam agus ag daoine eile. Go minic, bíonn sé deacair Teachtaí a thuiscint agus sinn ag caint Gaeilge nó Béarla. Os rud é go mbíonn cluasáin á gcaitheamh ag daoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu, is léir go n-éiríonn leis na haistritheoirí an méid atá le rá agam a mhíniú, fiú nuair a bhfuil sé beagáinín casta agus muid ag déileáil le reachtaíocht.
Níl mé in ann teacht isteach anseo ar Chéim an Choiste agus leasuithe i nGaeilge a chur síos i cás Bille Leasa Shóisialaigh, mar shampla. Ní féidir liom an argóint atá agam a dhéanamh trí Ghaeilge ó thús báire. Ar an gcéad dul síos, ní bhíonn an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge ón tús. Ní bhíonn an meabhrán mínithe, fiú, ar fáil i nGaeilge. Dúirt an tAire, an Teachta Burton, liom anuraidh go dtógfadh sí an moladh seo go dtí an Comhaireacht ionas go mbéinn in ann, ar a laghad, úsáid a bhaint as na téarmaí Gaeilge a bheidh in úsáid nuair a bheidh an Bille aistrithe tar éis dó bheith achtaithe. Chinnteódh sé sin nach mbeadh téarmaí difriúla - a fhaighim ó mo chleachtadh féin nó ó foclóir - á úsáid agam.
Bhí an fhadhb atá againn sa chomhthéacs seo soiléir dom nuair a bhí Bille a bhain le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, á phlé againn sa bhliain 2006. B'fhéidir gur cuimhin leis an Aire Stáit an díospóireacht a bhí againn ag an am. Bhí an reachtaíocht seo ag déanamh athrú ar conas mar a bheadh an ollscoil reáchtáilte amach anseo. Bhí ceist mór ann maidir leis an nGaeilge. Bhí stádas thar barr ag an gcoláiste i dtaobh na Gaeilge - agus tá fós - ach bhí athrú ag tarlú ag an am sin.
Bhí an Bille i mBéarla agus bhí an bunreachtaíocht ó 1926 nó 1927 i mBéarla. Diúltaíodh na leasuithe a chuir mé isteach i nGaeilge agus níor ghlacadh leo. Míníodh dom nach féidir leasú i nGaeilge a chur chun tosaigh ar Bille atá i mBéarla. Bhí orm iad ar fad a aistriú go Béarla agus teacht isteach anseo chun mo argóint a dhéanamh i nGaeilge. Bhí sé sin bun os cionn go hiomlán. Ba léiriú é nach raibh mé in ann teanga oifigiúil an Stáit a úsáid ó thús báire. Muna ndéantar aon athrú, beidh ócáidí mar sin againn arís amach anseo.
Baineann an eachtra seo leis an mBille seo os rud é go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin i gceist. Mhol mé go mbeadh Billí foilsithe ag an am céanna i mBéarla agus i nGaeilge. Deirtear liom go mbeadh sé sin beagáinín níos casta, ach cén fáth nach bhfuil sé níos casta in aon tír eile ar domhan a dhéanann é seo? Dá mbeadh an moladh seo glactha, ní bheadh aon bhaol nach mbeadh an reachtaíocht achtaithe foilsithe go comhuaineach sa dá theanga. Bheadh an bun-obair déanta ón tús. B'fhéidir go mbeadh an chóras seo níos deacra do na haistritheoirí agus dóibh siúd nach bhfuil sé ar a gcumas acu díospóireacht i nGaeilge a leanúint. Más féidir le Parlaimint na hEorpa é seo a dhéanamh le 24 nó 26 teanga, ba chóir go mbeimid in ann díriú isteach ar é a dhéanamh le dhá theanga.
Impím ar an Aire Stáit díriú isteach ar an gceist seo arís ionas go mbeidh gach éinne in ann a gcuid gnó sa Teach seo a dhéanamh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Sa chás sin, measaim nach mbeadh an fhadhb againn a bhí againn anuraidh, nuair a bhí forálacha i dhá Bhille a fhoilsíodh ag deireadh na tréimhse roimh an tsamhraidh - Bille ón Roinn Coimirce Shóisialaí agus Bille ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais - a thug cead do na Ranna sin an Acht sa dá chás a fhoilsiú go leictreonach i mBéarla amháin ar an gcéad dul síos agus go comhuaineach ar pár níos déanaí. Déanadh cinnte de go dtiocfadh an dlí i bhfeidhm ag an am céanna. Dá mbeadh an moladh atá curtha chun cinn agam tógtha ar bord, tarlódh sé sin ar aon chaoi ar an lá ceanann céanna a shíneódh an tUachtarán an reachtaíocht.
Tá spéis agam sa mhéid atá sa Bhille i dtaobh an Caighdeán Oifigiúil. Tá an oiread sin canúintí agus bealaí difriúla le labhairt in Éirinn agus thar lear. Is minic a chloisim daoine ó tíortha eile atá tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé deacair iad a thuiscint uaireanta os rud é go bhfuil an teanga foghlamtha ó leabhar, seachas ghnáthchleachtas, acu. Tá an rud ceanann céanna fíor ó thaobh gach uile teanga eile ar domhan. Má tá an Ghaeilge foghlamtha ó leabhar, tá foghraíocht agus caint na teanga go huile is go hiomlán difriúl i gcomparáid le pobal labhartha na hÉireann. Tá canúint iomlán difriúil agus cleachtas teanga iomlán difriúil agam toisc an cúlra atá agam. Tógadh le Gaeilge mé i mBaile Átha Cliath. D'fhreastal mé ar scoileanna i nGaeltacht Chiarraí. Tá cairde agam i nGaeltachtaí Thír Chonaill agus Conamara agus áiteanna eile. Phioc mé suas píosanna difriúla ó canúintí difriúla. Tagann siad amach i mo ghuth.
Tá caighdeán oifigiúil i ngach tír. Tá ár gcaighdéan á leasú againn anseo. Cé go bhfuil 200,000 canúint sa tSín, b'fhéidir, tá caighdeán amháin acu. Is féidir an rud céanna a rá faoi Svahaílis san Afraic nó Araibis sa Mheánoirthear. Tá canúintí difriúla sna teangacha sin. Tá dainséar againn os rud é go bhfuil sé i gceist sa Bhille seo athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a dhéanamh gach seacht mbliana. Bheadh sé sin go deas go teoiriciúil, ach tá gach seans go mbeidh athrú suntasach i gceist nuair atá athbhreithniú á lorg gach seacht mbliana. Beidh orainn déileáil le gach múinteoir ar eagla go mbeidh cúrsa athnuachana de shórt éigin de dhíth orthu; leis na haistritheoirí san Oireachtas agus i bParlaimint na hEorpa; leo siúd a bhíonn ag foilsiú leabhair agus téacsleabhair; agus le páistí scoile. Caitheann an chuid is mó de leanaí na tíre seo 14 bliain ar scoil. D'fhéadfadh athbhreithniú amháin teacht i bhfeidhm díreach nuair a thosnaíonn siad i naíonáin bheaga, athbhreithniú eile sula chríochnaíonn said sa bhunscoil agus an tríú athbhreithniú nuair atá an meánscoil á fhágaint acu. Tá an tréimhse seo ró-ghairid ar fad. Ní cheart athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a dhéanamh sa tslí atá leagtha amach anseo.
Impím ar an Aire Stáit teacht ar bhealach eile, agus tréimhse i bhfad níos faide a chur i bhfeidhm, i dtaobh na n-athbhreithnithe seo. Tá athruithe tar éis tarlú ó foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil deireanach sa bhliain 1958. Tá mionathruithe ag teastáil toisc nach raibh an Caighdeán Oifigiúil soiléir. Is féidir soiléiriú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil nua atá foilsithe gan athbhreithniú iomlán a dhéanamh. Tarlaíonn sé sin faoi láthair. Is é sin an bealach is fearr chun déileáil leis an bhfadhb seo, seachas coiste a bhunú gach seacht mbliana chun dul tríd gach uile chuid den chaighdeán agus athruithe a dhéanamh. Nuair a thosaigh mé ar scoil sa bhliain 1968 - deich mbliana tar éis caighdéan 1958 - bhí roinnt de na téacsleabhair fós ar an seanstíl scríobhneoireachta, an seanlitriú agus an seanchaighdeán. Bhí sé deacair orm nuair a bhí mé ar scoil. Glacaim go raibh sé i bhfad níos deacra dóibh siúd a chuaigh tríd an gcóras oideachais romham agus a bhí ag múineadh na Gaeilge ag an am.
Faoi láthair, tá mé ag déanamh iarracht treabhadh tríd leabhar atá le foilsiú ag m'athair mar gheall ar An Barr Buadh, irisleabhar a d'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais roimh Éirí Amach 1916. Tá sé deacair toisc go raibh litriú agus stíl scríbhneoireachta iomlán difriúl in úsáid ag an am. Is é sin an fáth go raibh Caighdeán Oifigiúil ag teastáil; ionas go mbeadh a fhios ag daoine - go mórmhór ó thaobh foilsiúcháin Rialtais de ach freisin ó thaobh foilsiúcháin téacsleabhair, srl., de - go mbeadh stíl áirithe, cruinneas gramadaí agus soiléire i gceist. Dá bhrí sin, molaim an t-athrú agus an soiléiriú atá déanta sa Chaighdeán Oifigiúil atá foilsithe le déanaí. Molaim freisin na haistritheoirí agus gach éinne eile a bhí bainteach sa tionscadal sin, a bheidh ina háis dom sa Teach seo. Ba mhaith liom labhairt faoi áis eile a chabhródh linn.
Nuair a thoghadh mé don chéad uair sa bhliain 2002, fuair gach Teachta Dála nua pacáiste ina raibh foclóir parlaiminte, srl. Measaim gur Foras na Gaeilge a chuir timpeall é ag an am. Cé go bhfuil an foclóir ceart go leor, bhí a lán bearnaí ann ag an am céanna. Impím ar an Aire Stáit treoir a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin foclóir nua a fhoilsiú a leagadh amach téarmaí áisiúil parlaiminte agus reachtaíochta. Go minic sa Teach seo, bíonn orm smaoineamh ar an bhfocal cuí gur cheart dom úsáid i gcomhthéacs reachtaíochta. Is féidir liom teacht suas le focal éigin, ach ní bhíonn an focal ceart sa chomhthéacs ceart agam i gcónaí. Bíonn orm casadh ar an mBéarla ó am go ham.
Tá fadhb mór reachtaíochta eile againn os rud é go bhfuil an seanstíl ársa fós in úsáid. Ba cheart go mbeadh reachtaíocht soiléir docht daingean. Uaireanta, caithfear téarmaí nach n-úsáidtear i measc an ghnáthphobal a úsáid. Tharla an rud céanna nuair a bhí dlíthe na mBreithiún againn fadó, fadó. Ní oireann bunfhoclóir na ndaoine do chúrsaí reachtaíochta. Bíonn daoine ag gearán uaireanta go bhfuil an dlí gan rochtain dóibh de bharr sin, agus is fíor sin. Le blianta fada, tá feachtas i Sasana - the Plain English Campaign - ag impí ar parlaiminteoirí, daoine eile a chuireann reachtaíocht chun cinn agus daoine a fhoilsíonn foirmeacha a chinntiú go bhfuil na doiciméid sin scríofa i ghnáththeanga an phobail.
Ba mhaith an rud é sin, ach ní féidir é a dhéanamh go huile is go hiomlán toisc go mbíonn reachtaíocht scríofa go minic ón dtaobh diúltach de, seachas an taobh dearfach de. Tá sé beagáinín níos casta os rud é go ndíríonn reachtaíocht ar rudaí "nach ndéanfaidh" duine nó "nach mbeidh" i gceist. Bheadh athrú iomlán sa shlí ina breathnaímid ar reachtaíocht ag teastáil chun aon chóras eile a thabhairt chun cinn. Is fiú i gcónaí smaoineamh an féidir linn foclaíocht beagáinín níos soiléire agus níos simplí a úsáid inár reachtaíocht, ní hamháin i nGaeilge ach i mBéarla freisin. Go minic, ní féidir é sin a dhéanamh. Tá roinnt de na fadhbanna sa chomhthéacs seo leagtha amach agam.
Tá amhras orm faoin méid atá an tAire Stáit ag iarraidh a dhéanamh leis na hionstraimí reachtúla lena bhfuilimid ag déileáil. Tá an ceart aige lárnú a dhéanamh ionas go mbeidh dream amháin freagrach as aistriúcháin an Stáit ar ionstraimí reachtúla agus reachtaíocht, srl. Is maith an rud é go mbeidh an stíl ceannann céanna i ngach uile rud agus nach mbeidh stíleanna difriúla i gceist. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeidh rannóg éigin in ann aistriú ar ionstraim éigin a chur amach go dtí an earnáil phríobháideach, ní bheidh an caighdéan ceannann céanna i gceist agus a bhí againn ag amanna difriúla.
Tháinig an riachtanas i dtaobh na hionstraimí reachtúla chun cinn nuair a ghlac Pól Ó Murchú cás cuairte. D'éirigh leis sa chéad dul síos. Chuaigh údaráis an Stáit ag lorg achomharc ina dhiaidh sin agus d'éirigh leo a thaispeáint nach raibh dualgas láithreach ar an Stát na hionstraimí a chur ar fáil go comhuaineach. Is trua é sin. Measaim gur chóir i gcónaí go mbeadh sé mar dhualgas ar an Stát gach rud a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Mar a dúirt mé nuair a bhí tuairiscí bliantúla á phlé againn, ní gá gach rud a fhoilsiú ar pár i mBéarla nó i nGaeilge. Go minic, baineann na costais móra leis an palaver ar fad a bhaineann leis an bhfoilsitheoireacht.
Ceapann go leor Ranna Stáit agus boird Stáit go gcaithfidh siad tuairiscí bliantúla deasa gleoite a sholáthar, fiú má fhanann siad ar an seilf gan bheith léite ag éinne. Sa lá atá inniu ann, is leor go mbeidís foilsithe ar an Idirlíon. Más gá an doiciméad a leagadh os comhair an Oireachtais, is féidir cóip a chlóbhualadh ón Idirlíon. Is dóigh liom go mbeadh i bhfad níos mó coigilt airgid i gceist dá ndéanfaí é sin. Cheana féin, cuireann roinnt comhlachtaí na cáipéisí seo amach ar dhlúthdhiosca. Más gá athrú reachtaíochta a dhéanamh ionas go mbeidh sé de chead ag eagrais Stáit é sin a dhéanamh go dlíthiúil, ba cheart é sin a dhéanamh. Cabhródh sé sin linn costais a shábháil. B'fhéidir go seolfaidh an tAire Stáit an moladh sin ar aghaidh do dtí an Aire, an Teachta Howlin, atá ag iarraidh airgead a shábháil sa Státchóras.
Caithfidh mé a rá go raibh na hoifigigh i Rannóg an Aistriúcháin thar barr aon uair a bhí orm déileáil leo. Tá ard-mholadh ag dul dóibh. Bhí siad in ann a gcuid oibre a leanúint fiú nuair nach raibh go leor foirne acu de bharr fadhbanna inmheánacha - bhí daoine tinn, srl. Ní cheart dúinn caitheamh anuas ar Rannóg an Aistriúcháin. Ba chóir go mbeadh go leor maoin agus acmhainní ag an rannóg i gcónaí le cinntiú nach mbeidh aon riaráistí i dtaobh Achtanna atá rite ag an Teach seo i gceist riamh arís. Tuigim go bhfuil cúpla céad Acht nach bhfuil aistrithe go Gaeilge go fóill. Is truamhéalach an scéal é sin, go háirithe toisc na geallúintí a thug Rialtais éagsúla thar na blianta. Dúirt an Rialtas deiridh go mbeadh deireadh leis na riaráistí sin. Is gá na hacmhainní a chur ar fáil chun na riaráistí sin a ghlanadh go huile is go hiomlán ionas nach mbeidh siad againn arís. Má ghlactar leis an mholadh atá déanta agam, beidh Billí foilsithe go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus ní bheidh riaráistí i dtaobh Achtanna an Stáit riamh arís.
Má ghlactar leis an mBille seo, measaim go mbeidh sé tábhachtach go mbeidh an príomh-aistritheoir, nó pé duine atá i bhfeighil ar an gcaighdeán oifigiúil, i gceannas ar aon obair aistriúcháin atá curtha amach ag Roinn ar bith go dtí dream nó painéal seachtrach éigin, ionas go gcinnteofaí go mbeidh caighdeán an-docht i gceist. The buck should stop with him. Má ceadaítear d'aon Roinn ionstraimí reachtúla, mar shampla, a chur amach le haghaidh aistriú, ní chóir go mbeidís foilsithe go dtí go mbeidh imprimaturRannóg an Aistriúcháin faighte ag an Roinn sin. Ní cheart go mbeadh trí nó ceithre caighdéan aistriú, seachas caighdeán teanga, in úsáid. Má tá duine amháin i gceannas ar an rud ar fad, beidh sé nó sí in ann déanamh cinnte de go bhfuil gach rud ar an leibhéal céanna.
Má tá a fhios againn go bhfuil quality assurance mark i bhfeidhm, ní bheidh aon dabht againn i dtaobh cásanna dlí. Tá sé an-tábhachtach amach anseo go mbeimid cinnte go bhfuil na hionstraimí agus na hAchtanna foirfe ó thaobh an Ghaeilge nó an Bhéarla de. Má tá aon bhotúin i gceist, beidh an Stáit sna cúirteanna. Go minic, cosnaíonn sé a lán airgid ar an Stáit botún beag amháin a cheartú. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag rá gur chóir go mbeadh gach rud á dhéanamh ag Rannóg an Aistriúcháin. Má tá sé i gceist ag an Aire Stáit dul sa treo atá molta aige, ba cheart go mbeadh an rannóg sin i gceannas ar aon athruithe a bheidh le déanamh.
Sa chuid is mó, fáiltím roimh an mBille seo. Tá na gearáin atá agam le mionathruithe áirithe leagtha amach agam. Tá sé ráite agam gur chóir go mbeadh an riachtanas seacht mbliana athruithe agus go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin i gceannas go forleathan. Mar a dúirt mé, is trua gur iarr an Rialtas deireanach ar choiste seachtrach déileáil leis an gcaighdeán oifigiúil, seachas an rannóg a bhí i gceannas ar an gcaighdeán i gcónaí ón uair gur bhunaigh Mícheál Ó Coileáin í sa chéad dul síos. Níl an dea-shampla a thug an Chéad Dáil dúinn caomhnaithe againn ó shin. Bhí Aire na Gaeilge acu sa Chéad Dáil, ach ní raibh Aire na Gaeilge againn ó shin. Nuair a bhí Aire na Gaeltachta sinsearach againn ó am go ham, is minic go raibh a lán cúraimí eile caite isteach. Thuig an Chéad Dáil tábhacht na teanga. Bhí a fhios acu go raibh sé riachtanach don Stát tús áite a thabhairt don Ghaeilge, agus gach uile rud a chur ar fáil, ionas gur féidir le athbheochan tarlú.
No comments