Dáil debates
Wednesday, 21 November 2012
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Second Stage
12:30 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Cuireann sé áthas mór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar an Bhille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 i nDáil Éireann inniu. Mar is eol don Teach, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach céim sa Teach sin an mhí seo caite. I dtús báire, ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag Baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus táim ag súil go mór éisteacht leo.
Creidimse gur Bille tábhachtach é seo a mbeidh dea-thionchar aige ar an Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Go hachomair, tá dhá chuspóir leis an Bhille, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú; agus maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déantar foráil leis an Bhille maidir le leasuithe ar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2009 i ndáil leis na cuspóirí sin. Ní miste na cuspóirí sin a chur sa chomhthéacs stairiúil a bhaineann leis an ábhar seo ó thaobh na Gaeilge de.
Ón uair gur bunaíodh an Stát i 1922, tugadh aitheantas ar leith don Ghaeilge mar theanga náisiúnta Shaorstát Éireann faoi Bhunreacht 1922 agus mar an phríomhtheanga oifigiúil faoi Bhunreacht 1937. Tá iliomad tagairtí don Ghaeilge déanta i go leor reachtaíocht a bhaineann le réimsí éagsúla den Státchóras ó shin i leith, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ach go háirithe, a chuir bunús reachtúil den chéad uair le soláthar sheirbhísí an Státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis an stádas oifigiúil atá ag an Ghaeilge faoin Bhunreacht, tá an Ghaeilge aitheanta anois mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach ón mbliain 2007. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge áirithe i measc an 23 teanga oifigiúil atá aitheanta ag an Aontas Eorpach.
Ar ndóigh, ní miste a rá go bhfuil stair ársa ag baint leis an Ghaeilge agus gurb í an Ghaeilge an teanga scríofa is sine atá fós á labhairt. Is iad na hiarsmaí is sine atá againn den Ghaeilge ná inscríbhinní ar chlocha Oghaim ón chúigiú agus ón séú haois. Cuireadh tús le scríobh na sean-Ghaeilge san aibítir Rómhánach roimh thús na seachtú haoise. Le linn tréimhse na meán-Ghaeilge ó 900 go 1200 A.D., fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlainnis, focail nua ar nós "pingin" agus "margadh", cé gur beag tionchair a bhí ag an Lochlainnis ar chomhréir na Gaeilge. Tréimhse cheannairce agus choimhlinte a bhí ann ach, in ainneoin sin, níor theip ar chultúr liteartha na nGael agus tá scríbhinní iomadúla fós againn ó ré na meán-Ghaeilge agus isteach go ré na nua-Ghaeilge. Tuigfidh Baill an Tí seo, dá bharr, go bhfuil traidisiún ar leith agus tábhacht dá réir ag baint leis an fhocal scríofa inár dteanga dhúchais. Le teanga scríofa chomh stairiúil agus chomh saibhir is atá againn sa tír seo, tá sé de dhualgas orainn í a chosaint agus a chaomhnú ionas go mbeidh an tseoid luachmhar seo againn le tabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile ar an gcaoi chéanna is a fuaireamar ónár sinsear í.
D'fhéadfaí a rá go raibh an cinneadh a tógadh i dtríochaidí an chéid seo caite athrú ón chló Gaelach go dtí an cló Rómhánach ar cheann de na cinntí ba thábhachtaí ó thaobh scríobh na Gaeilge de. Ba léir gur aithníodh ag an am an tábhacht a bhain le córas cló a fhorbairt a bheadh áisiúil chun úsáid na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha a éascú. Go deimhin, ba sa chló Rómhánach a foilsíodh an leagan Gaeilge d'Achtanna an Stáit nua ón chéad lá riamh cé go raibh an cló Gaelach á úsáid go forleathan ag an am.
Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, cuireadh seirbhís oifigiúil aistriúcháin an Oireachtais ar bun le haistriú a dhéanamh ar Achtanna Oireachtais. Tá sé beartaithe anois leis an Bhille seo leathnú a dhéanamh ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le haistriú ionstraimí reachtúla. Ba mhaith liom an comhthéacs a bhaineann leis seo a mhíniú don Teach.
I mí na Samhna 2008, cheadaigh an Rialtas ag an am polasaí chun gach ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge agus aontaíodh go mbunófaí lár-aonad aistriúcháin chun na hionstraimí reachtúla a aistriú. Bunaíodh an t-aonad sin sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh ar an Roinn ag an am.
Ceapadh an polasaí seo ar chomhairle ón Ard-Aighne ag an am i gcomhthéacs chás an Stáit in achomharc chuig an Chúirt Uachtarach. Thóg an Stát an t-achomharc mar thoradh ar chinneadh san Ard-Chúirt go raibh dualgas bunreachtúil ann ionstraimí reachtúla i mBéarla a aistriú go Gaeilge. Rinneadh cinneadh na hArd-Chúirte i gcás a thóg an t-aturnae, an tUasal Pól Ó Murchú. I mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Uí Mhurchú sa bhliain 2010, rialaigh an Chúirt ar son an Stáit ina achomharc. Rialaíodh nach bhfuil aon dualgas ginearálta bunreachtúil ann gach ionstraim reachtúil a aistriú.
I mí an Mheithimh 2011, chinn an Rialtas seo gur cheart céimeanna a ghlacadh chun seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit a chomhdhlúthú i dTithe an Oireachtais, a mbeadh freagracht reachtúil orthu as sin amach as reachtaíocht phríomha agus thánaisteach a aistriú. Aistríodh an fhoireann ón lár-aonad aistriúcháin chuig Tithe an Oireachtais níos luaithe i mbliana ar bhonn riaracháin, go dtí go n-achtófar an Bille seo. Níl aon dabht ach go bhfuil ciall agus réasún le cinneadh an Rialtais seirbhísí aistriúcháin dlíthiúla an Stáit a chomhtháthú, i gcomhthéacs an bhrú leanúnaigh atá ar acmhainní tearca an Stáit agus an dualgas atá orainn an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní sin.
Maidir le reachtaíocht a aistriú, foráiltear leis an Bhille go n-aistreoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí, nó dreamanna eile seachas Airí, mar shampla, comhlachtaí reachtúla, nuair a iarrfaidh Airí orthu déanamh amhlaidh. Foráiltear leis an Bhille freisin go bhféadfaidh Airí, nó daoine seachas Airí, socruithe a dhéanamh go n-aistreoidh duine seachas Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla. Déantar foráil leis an Bhille fosta go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais socrú a dhéanamh go gcuideoidh daoine seachas comhaltaí foirne le haistriú ionstraimí reachtúla, de réir mar is cuí.
Maidir le costais, foráiltear leis an Bhille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais táillí a ghearradh as ionstraimí reachtúla a aistriú . Is iad Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile nach iad a íocfaidh as an chostas a bhaineann le hionstraimí a aistriú. Beidh sé i gceist leis an múnla beartaithe a leagtar amach sa Bhille go n-aistreofar ionstraimí reachtúla ar éileamh a fháil, cibé acu is ionstraimí reatha iad nó nach ea, agus sin faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.
Faoi láthair, déantar thart ar 700 ionstraim reachtúil gach bliain. Meastar go gcosnódh sé thart ar €325,000 in aghaidh na bliana dá dtiocfadh éileamh isteach chun iad sin go léir a aistriú. Go praiticiúil, ní bhíonn an t-éileamh sin ann, rud a chiallaíonn nach gcaithfear ach fíor-bheagán den tsuim sin gach bliain. Clúdaíonn an figiúr de €3.3 milliún atá luaite sa mheabhrán mhínitheach a foilsíodh leis an Bhille costas na riaráistí a bhainfeadh leis na hionstraimí reachtúla go léir a aistriú. Arís, ní dhéanfar iad seo ach ar éileamh agus ní shamhlaítear go mbeidh an t-éileamh sin ann.
Ba mhaith liom aghaidh a thabhairt anois ar an ghné den Bhille a bhaineann le Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Ní miste an tábhacht a bhain leis an Chaighdeán Oifigiúil, a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin anseo i dTithe an Oireachtais den chéad uair i 1958, a aithint. Mar a dúradh sa réamhrá leis an chéad eagrán, "caighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne" a bhí ann. Níl aon dabht ach gur thug sé rialtacht agus soiléireacht san áit a raibh mírialtacht agus doiléire roimhe sin. Mar iarmhúinteoir, aithním féin an tábhacht a bhaineann leis sin sa chóras oideachais, ach go háirithe.
Ar ndóigh, ach an oiread le haon teanga eile, tá an Ghaeilge ag síor-athrú agus ní miste dúinn a bheith airdeallach ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin do chaighdeán oifigiúil na teanga. Sa chomhthéacs sin, thóg an Rialtas a bhí i gcumhacht ag an am cinneadh i mí na Samhna 2008 go ndéanfaí athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil. Bunaíodh coiste stiúrtha de shaineolaithe faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh ar an Roinn ag an am, chun tabhairt faoin athbhreithniú agus críochnaíodh é i mí an Mheithimh 2011. Mar Aire Stáit, teastaíonn uaimse buíochas a ghabháil leis an choiste stiúrtha a thug faoin obair seo.
Mar is eol don Teach, tá dul chun cinn déanta ó shin maidir leis an Chaighdeán Oifigiúil. Tar éis don Rialtas seo teacht i gcumhacht, tógadh cinneadh i mí an Mheithimh 2011 go dtabharfaí feidhm reachtúil do Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.
Ó shin i leith, tá leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil, An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe, foilsithe ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais i mbliana. Ina theannta sin, i gcomhréir le mianta an Rialtais, tá torthaí an athbhreithnithe ar an Chaighdeán Oifigiúil, a rinne an coiste stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse, curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais le hiarratas go dtógfaí san áireamh iad sa chéad athbhreithniú eile ar an Chaighdeán Oifigiúil. Dá bhrí sin, ní féidir le haon duine a mhaíomh go bhfuil obair luachmhar an choiste stiúrtha curtha ar leataobh. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil sé ráite sa réamhrá leis an leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil go ndéanfar athbhreithniú arís air faoi cheann trí bliana, is é sin sa bhliain 2015.
Dá bhrí sin, ba mhaith liom an deis a thapú chun a shoiléiriú nach bhfuil ann ach caighdeán oifigiúil amháin, is é sin An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais níos túisce i mbliana.
Aithním go bhfuil sé molta ag daoine áirithe gur chóir moltaí an choiste stiúrtha a fhoilsiú ach ní aontaím leis seo. Cé go ndearnadh athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil faoi choimirce mo Roinnse, bhí moltaí an athbhreithnithe sin le cur faoi bhráid an Rialtais sula bhféadfaí iad a fhoilsiú. Mar a tharlaíonn, bhí obair an choiste stiúrtha críochnaithe i mí an Mheithimh 2011 agus thóg an Rialtas cinneadh an mhí sin nach mbeadh ach caighdeán oifigiúil amháin ann agus go mbeadh an fheidhm reachtúil maidir leis seo ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Is é an rud deiridh a theastaíonn ag an bpointe seo, dar liom, ná dhá chaighdeán oifigiúil a bheith foilsithe. Mar thoradh ar an Bhille seo, beidh soiléireacht ann maidir leis an fheidhm reachtúil a bheidh ag Coimisiún Thithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.
Tá an tsoiléireacht seo tábhachtach, ní hamháin i gcomhthéacs na hÉireann ach i gcomhthéacs na hEorpa chomh maith, áit a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha ag plé le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge i gcomhréir leis an díolúine don Ghaeilge atá i bhfeidhm san am i láthair.
Faoin Bhille, déantar leasú ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 chun foráil a dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar an Chaighdeán Oifigiúil, is é sin caighdeán oifigiúil na Gaeilge atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge. Ina theannta sin, déantar foráil leis an mBille chun feidhm reachtúil a thabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad.
Chomh maith leis sin, ceanglaítear leis an Bhille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais, le linn dó athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil, dul i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le páirtithe eile a bhfuil spéis acu ann agus leis an bpobal i gcoitinne.
Faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003, tá an chumhacht ag an choimisiún coistí a bhunú. Foráiltear leis an Bhille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe seachtracha a cheapadh chun coiste den sórt sin le linn athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil.
Is éard atá sa Bhille seo ná gníomh chun dhá rud a chur ina gceart. Le bunú an lár-aonaid aistriúcháin i mo Roinnse le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, chiallaigh sé go raibh dhá rannóg Stáit ag plé le haistriú reachtaíochta, Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais agus an lár-aonad aistriúcháin faoi chúram mo Roinnse. Cuirfidh achtú an Bhille seo seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, ceapadh coiste stiúrtha, arís le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, le hathbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil a stiúradh faoi chúram an lár-aonaid aistriúcháin nuabhunaithe, cé go raibh Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais ag tabhairt faoin obair chéanna ó 1958 i leith. Arís, le hachtú an Bhille seo, beidh an obair seo ag titim faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.
Sílim gur céim chun cinn thábhachtach atá sa Bhille seo ar mhaithe le ceart úsáid na Gaeilge a threisiú agus a fhorbairt. Tá mé an-dóchasach go mbeidh páirtithe leasmhara na Gaeilge agus lucht úsáidte na Gaeilge toilteanach tacaíocht a thabhairt don chur chuige seo. Mar thoradh ar an reachtaíocht seo, níl aon cheist i m'intinn ach go mbeidh ceart úsáid na Gaeilge i gcomhréir leis an Chaighdeán Oifigiúil níos soiléire do lucht scríofa na teanga agus gur dul chun cinn fiúntach é sin.
Mar sin, molaim an Bille seo don Teach.
No comments