Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá Sinn Féin i gcoinne an bealach ina bhfuil sé i gceist ag an Rialtas déileáil leis an gcuid deireanach den díospóireacht ar an mBille seo - Chéim an Choiste, an Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh. Ní chreidimid go bhfuil go leor ama curtha i leataobh chun díospóireacht cuí a dhéanamh ar cheann de na hathruithe is suntasaí i dtaobh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht atá tagtha chun cinn le fada an lá. Tá beagnach 150 leasuithe os comhair na Dála agus níl ach 180 nóiméad á dtabhairt ag an Rialtas do na trí Chéim deiridh. Tá sé scannalach nach mbeidh mórán níos mó ná nóiméad amháin againn do gach leasú. Ní ró-fhada ó shin a bhí páirtithe an Rialtas, mar Fhreasúra ar an taobh seo den Teach, ag gearán de shíor faoi úsáid an gilitín. Bheadh an Aire Stáit, go háirithe, ag léim suas agus síos nuair a bhí gilitín ar na bacáin. Tá an Rialtas ag iarraidh orainn déileáil le 150 leasuithe roimh 2.30 um tráthnóna inniu. Bhí níos mó díospóireachta ar an mBille cuíosach substaintiúil seo sa Seanad ná mar a bheidh againn sa Teach seo. Tá an Rialtas ag fáil réidh leis an daonlathas. Ní bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta againn amach anseo. Ba cheart go mbeadh Teachtaí in ann díriú ar an gceist sin i gceart. Ba chóir níos mó ama a chur ar fáil ionas go mbeidh díospóireacht níos cuimsí againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.