Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ní aontaíonn muid ar chor ar bith leis an gcaoi ina bhfuil sé seo leagtha amach. Ní bheidh deis ag an Aire Stáit aon leasuithe a ghlacadh. Is é seo an Bille is tábhachtaí maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a tháinig os comhair an Tí ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Is píosa mór reachtaíochta é. Tá nach mór 150 leasuithe molta ag an bhFreasúra. Níl sé i gceist ag an Rialtas aon leasú a chur chun cinn. Nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht, dúradh go mbeadh inchur ag an Oireachtas ó thaobh na reachtaíochta de. Tá siad imithe siar go hiomlán ar sin. Táimid ag cur in aghaidh an rún seo go láidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.