Dáil debates
Thursday, 19 July 2012
Order of Business
11:00 am
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Ní cheart Bille na Gaeltachta a bhrú tríd an Dáil inniu. Molaim go leanfaidh an díospóireacht ar aghaidh go dtí an fómhar ionas gur féidir linn an reachtaíocht a phlé níos faide. Chuir mé fáilte roimh an cinneadh a dhein an Rialtas an Bille seo a thógaint isteach. Tá an-chuid daoine dáiríre sa Ghaeltacht, eagraíochtaí Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge go dteastaíonn uathu athruithe agus leasuithe, a dhéanfadh an Bille seo níos éifeachtaí, a chur chun cinn.
No comments