Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

1:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Muna mbeidh níos mó acmhainní acu, ní oibreoidh seo agus tá a fhios sin ag an Aire Stáit. Dúirt sé an rud céanna nuair a bhí sé ina shuí ar an taobh seo den Teach. Tá seo iontach práinneach. Bhí an díospóireacht agus an argóint againn an tseachtain seo caite, ach tá a fhios ag an Aire Stáit céard atá ag teastáil. Tá airgead ar fáil. Tá an Rialtas ag íoc airgid leis na sealbhóirí bannaí chuile bliain. Caithfear tosaíocht a chur le seo agus caithfidh an Rialtas dea-thoil a thaispeáint i leith na Gaeilge. Tá airgead ann ach caithfear tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na bpleananna.

An tseachtain seo caite dúirt an Teachta Creed cúpla rud maidir le language imperialists agus mar sin de. Bhí sé ag tabhairt amach faoi daoine le líofacht sa Ghaeilge agus ag rá go raibh siadsan ar bealach mar naimhde don teanga. Bhí an méid a bhí le cloisint uaidh dochreidte. Nuair a bhí mé ag caint le cuid de na daoine as Ráth Chairn, bhí siad faoi dhubh-iontas gur thug Teachta Dála ó Fhine Gael an t-ainm "language imperialists" ar dhaoine le líofacht agus adúirt gur naimhde don teanga iad. Caithfidh muid a bheith i ndáiríre faoin teanga. Is féidir linn breathnú ar an Bhreatain Bheag, Catalonia agus tír na mBascach agus díriú isteach ar an rud atá á dhéanamh acusan. Tá siad ag cur i bhfeidhm pleananna straitéiseacha ach tá acmhainní ar fáil acu agus de bharr sin, tá a dteangacha ag fás. Má ghlacann an Rialtas seo an straitéis chéanna atá á chur i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag, i gCatalonia agus i dtír na mBascach, beidh seans athbheochana againn don Ghaeilge. Tá sé dochreidte áfach go bhfuil daoine gan Gaeilge ag rá go bhfuil daoine le líofacht mar naimhde don teanga. An bhfuil aon tuairim ag an Aire Stáit maidir le sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.