Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

 

Íocaíochtaí Deontas

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Maidir leis an Teachta a luaigh an Teachta Tóibín, sílim go bhfuil an Teachta Tóibín ag glacadh an rud adúirt sé as comhthéacs ar fad. Labhair an Teachta san Ghaeilge, ach d'admhaigh sé nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Tá sé mar ionadaí do cheantar Gaeltachta agus tá sé á dhéanamh go héifeachtach chomh maith. Chomh fada agus a bhaineann sé liom féin, is é an manadh atá agam ná go bhfuil Gaeilge bhriste chomh maith le Béarla cliste. Is dóigh gur chuala an Teachta Tóibín é sin cheana.

Maidir leis na hacmhainní atáthar á chur ar fáil - tá acmhainní an-tábhachtach - táimid réadúil agus tuigeann muid agus an Teachta na deacrachtaí atá againn. Tá €60 milliún á chur ar fáil do mo Roinn i mbliana fá choinne ciste na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ní suim bheag í €60 milliún. Lena chois sin, deir an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil sé ag cur €500 milliún isteach i gcur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Táimid ag déanamh airgeadú ar TG4, ar Raidió na Gaeltachta ar na tréimseacháin a fhaigheann muid gach seachtain. Nuair a cuirtear sin go léir san áireamh, tá an-chuid acmhainní ag dul isteach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá mise dóchasach, mar Aire Stáit atá anseo le bliain agus ón taithí atá agam ar chúrsaí mar seo le blianta fada anuas, go mbainfidh muid an úsáid is fearr as na hacmhainní teoranta atá againn. Beidh an saol eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas. Tá mé dóchasach agus tá misneach agam go dtarlóidh sin. Má tharlaíonn sé, beidh níos mó acmhainní ar fáil. Ach san am i láthair, is é an dúshlán atá romhainn ná toradh fiúntach a bheith ar an airgead atá againn agus muid ag gníomhú taobh istigh de na teorainneacha sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.