Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

B'fhéidir go ndúirt mé cheana é, ach beidh 19 ceantair pleanála teanga sna Gaeltachtaí ar fad. Beimid ag súil go mbeidh gach deis ag gach ceantar acu sin plean forbartha teanga a dhéanamh amach. Táimid ag brath ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí sna Gaeltachtaí chun tosaíocht agus ceannródaíocht a thabhairt do seo. Táimid ag brath ar ghnáth phobal na Gaeltachta sealbhú a dhéanamh ar phlean teanga, mar is leosan an plean. Sin ráite, beidh Údarás na Gaeltachta ann agus tá sé sin ag cur €3.273 milliún ar fáil i mbliana do na heagraíochtaí seo fá choinne cuidiú leo san obair thairbheach agus fhiúntach atá ar siúl acu.

Is cinnte go bhfuil acmhainní riachtanach, ach caithfimid a bheith réadúil ag an am céanna agus caithimid gníomhú taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn i bhfianaise na haeráide eacnamaíochta atá againn. Idir seo agus deireadh na bliana, beidh mo Roinn, cosúil le gach Roinn eile, ag bualadh le agus ag plé na gcúrsaí seo leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus beidh muid ag plé na dúshlán atá romhainn sa bhliain amach romhainn. Ag an phointe seo, níl mise, ná aon Aire eile, ábalta a rá caidé an caiteachas a bheidh againn don bhliain seo chugainn. Ach tá mé cinnte, le dea-thoil agus dea-mhéin na gceanntar pleanála teanga agus ionchur Údarás na Gaeltachta agus ionchur Roinn na Gaeltachta agus Acadamh na hOllscolaíochta agus aon chomairle eile a bheidh riachtanach, go mbeidh muid ábalta tacú le agus cur ar chumas na gceanntar na pleananna a thagann aníos uathu a chur i bhfeidhm. Baineann an Bille le seo uilig, leis an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta, ionas go mbeidh lámh agus focal acu in a giniúint teanga féin as seo amach. Ní raibh sin acu go dtí seo, ach beidh sé acu ina dhiaidh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.