Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)

Le cead an Tí, roinnfidh mé mo chuid ama leis an Teachta Patrick O'Donovan.

Seo an chéad uair dom ráiteas a dhéanamh as Gaeilge. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an Bhille a thabhairt os comhair an Tí. Seo an chéad Bille Gaeltachta le 56 bliana atá ag tagairt do na mapaí nó na limistéir Gaeltachta.

Tá a Ián rudaí athraithe sa tír agus sa Gaeltacht ón am sin. Tá daonra níos áirde againn i gcuid den Ghaeltachta agus tá titim sa daonra in áiteanna eile. Tá iomarca eastáit nua tógtha in áiteanna a raibh talamh feirmeoireachta iontu, go háirithe i gcathair na Gaillimhe agus timpeall uirthi. Tá titim sa daonra in áiteanna eile, go mórmhór i gceantar Iorras Aithneach i gConamara. I mo thuairim féin, i gConamara tá ceithre limistéar Gaeilge. Tá áiteannna ina bhfuil an teanga láidir agus go bhfuil an daonra ag titim nó ag fanacht mar atá, is iad san Iorras Aithneach, Ceantar na nOileán agus Árainn; tá áiteanna ina bhfuil an teanga go láidir agus go bhfuil an daonra ag meadú, ó na Forbacha go dtí an Cheathrú Rua, ceantar Chois Fharraige; tá áiteanna ina bhfuil an teanga lag agus an daonra faoi bhrú, is iad san ceantair Seoighe agus Srath Salach; agus ta áiteanna thart ar Maigh Cuilinn agus Bearna, mo cheantar féin, ina bhfuil an daonra ag fás ach go bhfuil stádas na teanga lag.

Tá a Ián fadhbanna leis an teanga oifigiúil sa Ghaeltacht. Rugadh mise i Maigh Cuilinn, Gaeltacht oifigiúil. Ba cheantar é le Gaeilge réasúnta blianta ó shin ach tá titim sa chaighdeán. Cén fáth? Bhuel, níl a fhios agam ach uair amháin, bhíodh gach ábhar á mhúineadh tré Ghaeilge sa scoil náisiúnta agus go minic ní raibh Gaeilge á labhairt sna tithe ar chor a bith. Sin fadhb mór. Más rud é nach bhfuil Gaeilge sa teach ag na tuimitheoirí beidh fadbh ag na gasúir. I Maigh Cuilinn seachas scoil an Bhaile Nua níl aon scoil Ián-ghaelach ann. Tá a Ián Gaeilge i gcuid acu. Caithfidh muid tosnú sa mbaile agus ansin sna scoileanna. Tús maith leath na hoibre.

Mar a dúirt me cheana, tá tithe nua tógtha in áiteanna nach raibh morán daoine ina gcónai iontu i 1956, nuair a d'athraigh said an mapa Gaeltachta. In áiteanna cosúil le Cnoc na Cathracha i gCathair na Gaillimh tá sé deacair a chreidiúint gur ceantar Gaeltacht atá i gceist. Ach tá scoil náisiúnta ansin le 437 dalta, is é sin Gaelscoil Mhic Amhlaigh, agus beidh Coláiste na Coiribe ag athrú go dti Cnoc na Cathracha sa mbliain 2013. Is scéal maith é scéal Chnoc na Cathracha maidir le hoideachas tré Ghaeilge agus tá scealta maithe eile in áiteanna cosúil le Eanach Dhúin sa taobh eile de dháilcheantar Ghaillimh Thiar. Chas mé le grúpa beag ó Eanach Dhúin an tseachtain seo sa Dáil. Bhí said ar cuairt in éineacht leis an gComhairleoir Mary Hoade agus labhair muid faoi ábhar na Gaeilge. Dúirt said liom go raibh an-obair déanta ag an scoil náisiúnta ag múineadh na Gaeilge agus gurb iad na páisti as Eanach Dhúin na scoláiri is fearr sa Gaeilge sa meán scoil in Áth Cinn. Dúirt said liom go raibh an-suim acu sa teanga agus go bhfuil said ag iarraidh fanacht sa Gaeltacht. Dúirt said go raibh ranganna Gaeilge sa gceantar agus go bhfuil said ag obair ar an teanga. I mo cheantar féin i Maigh Cuilinn, tá áiseanna nua tógtha ag Conradh na Gaeilge do ranganna Gaeilge. Tá áis ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus is maith an rud é sin.

Dá mba rud é go raibh daoine ag breathnú ar rudaí mar atá said anois b'fheidir go gceapfadh siad gur cheart nach mbéadh Cnoc na Cathrach, Eanach Dhúin agus áiteanna cosúil leo san nGaeltacht anois. Ní aontaím leis sin. Tá an t-Aire Stáit ag déanamh an rud ceart leis an mBille.

Má theastaíonn tuilleadh ama ó limistéirí sa Ghaeltacht chun díospóireacht a dhéanamh faoina stádas sa Ghaeltacht ba ceart go mbéadh an t-am acu. Ní raibh aon athrú le 56 bliana. Níl sé ceart go ndéanfadh muid aon athrú gan comhairle ón bpobal nó gan plean ón bpobal. Sin a theastaíonn sa Bhille Gaeltachta seo.

Leis an mBille seo, beidh ar an bpobal plean teanga a ullmhú. Tá sé ráite go soléir san staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go mbeidh titim uafásach sa teanga mar theanga teaghlaigh agus sa phobal i gceann 15-20 bliain, gan gniomhú. Dá bhrí sin, beidh 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht agus teastaíonn pleananna a ullmhú. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas seo. Beidh údarás ag obair leis an bpobal i ngach limistéir agus leis na heagraithe pobail, chun an plean teanga a cur chun cinn ar an talamh. Beidh ar an Roinn breathnú ar na pleananna go dian sula nglacann an t-Aire leo. An rud is tábhachtaí ná go mbeidh an pobal lárnach i bpróiseas ullmhú na bpleananna. Teastaíonn suim an phobail chun stádas na Gaeltachta a choinneáil.

Bhí mé ag éisteacht leis An Teachta Dara Calleary inné agus é ag caint faoi chlár Leader agus Meitheal Forbartha Gaeltachta, MFG. Aontaím leis faoi na deacreachtaí atá ag grúpaí áitiúla sa Ghaeltacht ach tá an t-ábhar sin réitithe anois mar go bhfuil na ceantair Gaeltachta istigh le grúpaí eile chun clár Leader a oibriú agus tá Comhairle Ceantar na n-Oileán ag obair ar son Leader i gConamara. Cuirim fáilte roimhe sin, ach caithfidh mé a rá nach é an t-Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, nó an t-Aire Stáit, an Teachta McGinley, a rinne praiseach de MFG. Sin scéal eile. Tá a lán cainte a rá go bhfuil an Bille seo chun deireadh a chur le toghchán chuig bord Údarás na Gaeltachta. Tagann an chuid is mó den chaint seo ó pholaiteoirí, cuid acu ar an mbord. Caithfimid a bheith cinnte go mbeidh airgead coigilte mar gheall ar an athrú seo agus laghdú ar an méid daoine a bheidh ar an mbord ó 20 go dtí 12. Tá sé soiléir ó dhaoine ag a bhfuil taithí gnó ar fud ar domhain gur fearr bord le 12 ná bord le 20. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil daoine le taithí ghnó ar an mbord nua, go mór mór le taithí cruthú post. Is féidir le duine ar bith a bhfuil suim aige bheith ar an bhord iarratas a chur isteach chuig www.publicjobs.ie.

Beidh na comhairlí contae in ann daoine a ainmniú ó chomhairleoirí tofa ar feadh téarma iomlán oifige. Tá sé daonlathach. Nuair a bhí an Taoiseach mar cheannaire Fhine Gael ag canbhásáil liom in 2005 i gcathair na Gaillimhe, thart ar Óstán Menlo, ní raibh mórán daoine le Gaeilge. Le fírinne, ní raibh mórán Éireannach ann. Bhí an ceantar sa Ghaeltacht go hoifigiúil ach ní raibh mórán daoine le Gaeilge agus bhí daoine ó chuile áit sa domhan. Dá bhrí sin, ní raibh mórán céille go raibh vótaí ag cuid de na daoine sa toghchán sin.

Is maith an rud é go bhfuil an teanga ag fás taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá Gaelscoileanna ar fud na tíre, atá iontach le feiceáil. Sna Gaeltachtaí, níl ach 24% nó 23,175 daoine, ag úsáid na Gaeilge gach lá. Is figiúr lag é sin.

Tá a lán rudaí ann gur féidir leis an Rialtas a dhéanamh chun an Ghaeilge a fhorbairt ach níl an Rialtas in ann dul isteach sna tithe ar fud na Gaeltachta le fáil amach an bhfuil tuismitheoirí nó na páistí ag caint i nGaeilge le chéile. Níl aon fhadhb ann Béarla a fhoghlaim ón teilifís nó ó pháistí eile sa cheantar. An rud is tábhachtaí ná go gcloiseann na páistí an Ghaeilge sa bhaile.

I mí Aibreáin, d'fhoilsigh an Roinn an clár tacaíochta do theaghlaigh. Is í aidhm an chláir ná an Ghaeilge a fheabhsú mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain. Tá bearta nua sa chlár bheith ag obair leis an Roinn Sláinte bille eolais a chur ar fáil do thuismitheoirí sa Ghaeltacht faoi na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Tá scéim na gcúntóirí teanga ann chomh maith sna scoileanna sa Ghaeltacht chun freastal níos fearr a dhéanamh go mbeidh páistí in ann a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Nuair a bhí an ráiteas seo á ullmhú agam, smaoinigh mé ar phlean na Gaeltachta a d'fhoilsigh Comhairle Contae na Gaillimhe in 2006. Bhí a lán cruinnithe againn ag an am sin chun cúrsaí cead pleanála a phlé. An cheist phráinneach ná ar cheart cead pleanála a thabhairt san fhíor-Ghaeltacht do dhaoine nach raibh in ann Gaeilge a labhairt. Dúirt daoine go dteastaíonn daonra i gcuid de na ceantair Ghaeltachta agus gur chuma nach raibh siad in ann Gaeilge a labhairt. Dúirt mise más rud é go raibh daoine le páistí óga sásta na páistí a chur chuig scoil lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht, gur maith an rud é sin don teanga. Faoi dheireadh, chuir muid isteach rialacha go bhfuil daoine áitiúla, daoine atá ag obair sa cheantar nó daoine a bhí ag teacht ar ais chuig an cheantar in ann cead pleanála a fháil gan Ghaeilge. Bhí díospóireacht dhian againn ar an chomhairle chontae, agus sin a chéad uair a chuir mé féin suim sa teanga, cé nach bhfuil mórán Gaeilge agam. Bhí turas agam ina dhiaidh sin chuig formhór na n-áiteanna seo sa toghchán áitiúil in 2009 agus rinne mé iarracht an teanga a fhoghlaim. Bhí fadhb mhór agam leis an Ghaeilge - muinín. Is fadhb í sin a bhíonn ag a lán daoine, níl muinín ag a lán daoine sa Ghaeilge agus níl siad sásta í a labhairt cionn is nach bhfuil siad flúirseach agus is mór an trua é sin.

Cuirim fáilte roimh an Bhille seo. Is maith an rud é go bhfuil Teachta le Gaeilge ina Aire Stáit don Ghaeltacht. Tá a fhios agam go bhfuil grá ag an Teachta McGinley don teanga agus go bhfuil an-díoma air faoin titim i gcaighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht. Caithfimid rud éigin a dhéanamh chun an teanga a shábháil agus is céim sa phróiseas sin í an Bille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.