Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick, Fine Gael)

Nach deas an rud é go bhfuilimid in ann an Ghaeilge a chloisteáil go héirimiúil sa díospóireacht? Gabhaim comhghairdeas don Aire Stáit as sin.

Táim fíorbhuíoch seans a bheith agam cúpla focal a rá faoi Bhille na Gaeltachta 2012. Tar éis éisteacht leis an díospóireacht sa Seanad agus sa Dáil, is léir nach bhfuil suim amháin ag an Aire Stáit san ábhar seo, tá grá aige san ábhar. Tá an grá sin, agus an nasc ag an Aire Stáit lena theanga dhúchais measctha sa Bhille seo.

Tar éis na mblianta agus é ina urlabhraí Ghaeltachta ar son Fhine Gael, tá sé ina Aire Stáit chun an Bille seo a thabhairt os comhair an Tí, suíomh ina bhfuil deis aige dóchas a thabhairt ar ais do na daoine ar a bhfuil imní faoi thodhchaí na teanga ina dhiaidh bheith ag éisteacht le gealltanais gan toradh. Dá réir sin, gabhaim comhghairdeas leis an Aire Stáit, ní amháin faoin Bhille seo ach tar éis gach rud atá déanta aige ar feadh 30 bliain anuas ar son mhuintir na Gaeltachta, mhuintir na n-oileán agus, go háirithe, ar son thodhchaí na teanga.

Seo an chéad príomhathrú sa dlí ar ábhar na Gaeltachta ó 1956. Ag an am sin bhí an tUas Richard Mulcahy ina Aire Talmhaíochta agus thug sé Bille os comhair na Dála a bhunaigh Roinn na Gaeltachta.

Maidir leis an reachtaíocht, ní as ceantar Ghaeltachta mé ach tá an-suim agam i mo theanga dhúchais. Tháinig an tsuim seo ón am a chaith mé ag traenáil le bheith i mo mhúinteoir bunscoile, agus mé i mo mhac léinn i gColáiste Muire gan Smál i Luimneach. Cosúil le roinnt daoine, agus iad ina 30í, bhí an Ghaeilge beagnach caillte agam. Sula ndeachaigh mé chuig Muire gan Smál, chuaigh mé chuig Ollscoil Luimnigh chun cúrsaí cumarsáide a bhaint amach. Sa chúrsa sin, bhí tuismitheoirí óga ag déanamh iarracht an teanga a athfhoghlaim chun cabhair a thabhairt do na páistí sa bhaile. Tuismitheoirí ón mheán-oirthear iad a chaith suas le 13 bliain ag foghlaim na Gaeilge ar scoil. Ag an am nuair a bhí a chéad ghlúin eile tar éis tosú sa bhunscoil, ní raibh siad in ann comhrá a dhéanamh leis na páistí. Sin an t-am nuair a bhuail sé mé go raibh an-chuid fadhbanna sna modhanna múinteoireachta atá againn sa Ghaeilge agus nuair a thug mé faoi deara nach bhfuil deiseanna réalaíocha don chuid is mó den daonra úsáid a bhaint as an Ghaeilge.

Dá réir sin, agus mé ag smaoineamh faoin mBille seo i rith na seachtaine, chuir mé ceist orm féin an bhfuil aon ionadh ann mura ndéantar gníomh práinneach nach mbeidh fágtha ag an Ghaeilge ach 15 do 20 bliain mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht. Tá an ráiteas sin scanrúil go leor mar mura ndéanaimid go léir ár ndícheall ar son ár dteanga dhúchais beidh an Gaeilge marbh i gceann 20 bliain, agus ní bheidh inti ach teanga acadúil. Sin é an fáth go bhfuil mé ag tabhairt tacaíochta don Bhille seo. Nílim buartha in aon nós faoin easpa toghchán don údarás, nó faoin méid airgid a bheidh ar fáil do na daoine a bheidh ar an mbord. Níl mé buartha faoi fheidhmeanna an údaráis, mar tá roinnt Teachtaí sa Teach seo, ó na dáilcheantair ina bhfuil Gaeltachtaí, Teachta a bhfuil an t-ádh acu seasamh sa toghchán d'Údarás na Gaeltachta. Inseoidh mé rud amháin faoin údarás, áfach. Ba chóir do gach Roinn, gach údarás poiblí agus gach feidhmeannach Stáit i bhfad níos mó a dhéanamh don phobal le níos lú airgid ná an méid a bhí ar fáil go dtí seo.

Ar an bpointe seo, tá súil agam go bhfuil an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag éisteacht leis an díospóireacht seo agus ag amharc ar an mBille agus ag ullmhú leasuithe sa reachtaíocht don rialtas áitiúil ar fud na tíre. Impím ar an Aire obair a dhéanamh leis na hAirí, go háirithe leis an Aire Oideachais agus Scileanna, ar an ábhar sin mar ní silver bullet don teanga é an Bille seo. Mar a dúirt mé i dtosach, tar éis 13 bliain, ag foghlaim na Gaeilge, bhí sí beagnach caillte agam agus mura ndéanaimid go léir iarracht chun an taoide sin a athrú, beidh an teanga fós i mbaol. Ní purist mé in aon chór ach is léir ón méid atá ráite agam, agus níl an Ghaeilge chomh láidir agam i gcomparáid le mo chomhghleacaithe Gaeltachta, gur cúis bhróid dom bheith in ann seasamh sa Pharlaimint náisiúnta chun na focail seo a rá i mo theanga dhúchais. Sa mhéid ama a bheidh an t-ádh agam bheith i mo Theachta Dála ar son mhuintir Luimnigh, tá súil agam go mbeidh deiseanna eile an Ghaeilge a úsáid.

Gabhaim comhghairdeas don Aire Stáit agus tá súil agam go mbeidh an t-ádh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.