Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

I bprionsabal, fáiltím roimhe go bhfuil Bille Gaeltachta ann. Ar ndóigh, tá an Bille bunaithe ar go leor oibre a rinne muid i Rialtas ag réiteach an phlean 20 Bliain don Ghaeilge. Sin ráite, creidim go bhfuil an Bille seo thar a bheith lochtach nach bhfuil sé ag teacht le gach a bhfuil sa straitéis 20 bliain. Ba cheart don Aire breis ama a thógáil, mar ní tharlóidh tada mórán i mí Lúnasa agus d'fhéadfadh muid Céim an Choiste a bheith againn as seo go dtí an lá go dtiocfaidh an Dáil ar ais tar éis an tsamhraidh. D'fhéadfadh muid ansin an Bille a achtú ina Acht.

Tá go leor plé déanta agus bhí mé ag éisteacht leis an bplé. Tá daoine a cheapann nach bhfuil ann de Ghaeilge ach an Ghaeilge a labhartar sna Gaeltachtaí "A" mar a thugann siad orthu. Tá a fhios agam gur labhair an tAire Stáit ar an raidió faoi sin an lá faoi dheireadh. Creidim gur don phobal uilig an Ghaeilge agus mar sin, nach féidir plé leis an Ghaeilge gan todchaí na Gaeilge ar fud na tíre ar fad a thógáil san áireamh. Rud eile, tá daoine ag tuar báis don Ghaeilge le fada an lá. Léifidh mé amach anseo rud a dúradh 150 bliain ó shin:

As to the Irish language, toleration and patronage have come too late. It cannot be saved alive by any human power. It is at present confined to about one-third of the peasantry, and those the most ignorant and uncivilised. As a spoken language, it can hardly survive the present generation. The fathers and mothers will retain it till their death, but by the children it will be neglected and forgotten. The time for educating them in the native language has gone by for ever. It is not the language of business, of modern civilisation and it will not enable a man to get on the world. However we may regret it that any language, especially one so primitive, so expressive, so powerful as the Gaelic should cease to live, its doom is inevitable.

Dúradh sin 150 bliain ó shin. Ag an am sin, bhí an ceart ag an té a scríobh é mar séard a bhí ag tarlú ná go raibh Gaeilge amháin ag an gcéad glúin, Gaeilge agus Béarla ag an dara glúin agus gan ach Béarla ag an triú glúin. Dá dtiocfadh an té a scríobh é sin ar ais inniu, bheadh an-iontas air go bhfuil an Ghaeilge beo i saol in ar féidir éisteacht leí ó cheann ceann an domhain ar an Idirlíon agus i saol go bhfhuil an Béarla chomh láidir ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain, ach ag an am céanna go maireann an Ghaeilge.

Tá sé spéisiúil breathnú ar na staitisticí. Tá 77,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Ta 23,000 á labhairt go laethúil sa Ghaeltacht. Sa Stát seo, tá thart ar 1.77 milliún adeir go bhfuil Gaeilge acu. Dá gcuirfeá na daoine a bhfuil an Ghaeilge acu i dTuaisceart Éireann le sin agus na daoine ar fud an domhain a bhfuil an Ghaeilge acu, tá i bhfad os cionn 2 mhilliún. Sin an méid is mó cainteoirú, nó an méid is mó daoine le heolas ar an teanga le fada an lá. Má bhreathnaíonn muid ar na figiúrí comparáideach, tá sé thar a bheith spéisiúil go bhfuil, mar shampla, méadú tagtha ar líon na ndaoine adeir go bhfuil an Ghaeilge acu idir an dá daonáireamh deiridh. Má bhreathnaíonn muid ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar fud na tíre, tá an líon sin méadaithe ó 72,000 in imeacht cúig bliana go 77,000. Sin méadú de 5,000 duine. Tá daoine ag caint ar bhás na Gaeilge, ach don chéad uair tá fianise neamh chlaonta staitisticiúil go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, taobh amuigh den chóras oideachais, ag méadú agus istigh sa Ghaeltacht go bhfuil an líon daoine a labhráionn Gaeilge go laethúil imithe in airde 500. Tá sé méadaithe anois go 23,175. Méadú beag é sin, ach is méadú atá ann, seachas meath. Dá mbeadh na staitiscí againn don daonáireamh roimhe sin, faraoir níl siad againn, is dóigh gur meath a bheadh i gceist ag an am. Mar sin, tá toradh ar iarrachtaí a rinneadh thar blianta fada.

Chomh maith le sin, tá staitisticí spéisiúla eile ann agus muid ag breathnú ar an nGaeltacht. I leabhar a d'fhoilsigh m'athair Irish Dialects and Irish-Speaking Districts rinne sé taighde an-ghrinn sa bhliain 1950 a bhí bunaithe ar daonáireamh 1948. Ag an am sin, d'oibrigh seisean amach nach raibh 35,000 duine de chainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht. B'shin roimh tús na gcaogaidí, am a raibh imirce an-mhór as an nGaeltacht. Is ansin a tháinig méadú mór, mar shampla, ar chathair na Gaillimhe agus athrú mór ar an saol. Má bhreathnaíonn muid ar 60 bliain ó shin i leith, tá sé spéisiúil a fheiceáil nach bhfuil an figiúr tite - ainneoin an méid a deirtear faoin Ghaeilge a bheith ag fáil bháis - ó 35,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil go 23,000. Ach tá athruithe móra taobh istigh de sin. Glacaim leis nach bhfuil na Gaeltachtaí nach bhfuil iontu ach Gaeilge chomh láidir, mar tá daoine ag bogadh isteach an t-am ar fad, mar tá daoine i bhfad níos soghluaiste. Ag an am céanna, tá i bhfad níos mó daoine taobh amuigh den Ghaeltacht agus sna breac Gaeltachtaí atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil, mar tá deiseanna ann nach raibh ann cheana. Bhí mé thall i Londain le cúpla lá agus tá dream thall ansin a bhíonn ag éisteacht le "Nead na Fuiseoige" chuile mhaidin ar Raidió na Gaeltachta, rud nárbh fhéidir le imirceoirí a dhéanamh 50, 40 nó 20 bliain ó shin.

Caithfimid an cheist a chur orainn féin céard a shábháil an Ghaeilge agus cén fáth nach bhfuair sí bás ar nós mar a thuar an duine a scríobh an píosa a léigh mé níos túisce. Dar liomsa gur iad tacaíocht ón Stát agus stadás oifigiúil a shábháil an Ghaeilge. Bhí sin le fáil ó bunaíodh an chéad Dáil i 1919 agus ó bunaíodh an chéad Rialtas anseo tar éis an chonartha. I measc na rudaí móra a rinne difríocht don Ghaeilge agus do stadás na Gaeilge ná: an Bunreacht; bunadh Raidió na Gaeltachta; bunadh TG4; i rith na tréimhse deiridh den Rialtas, tugadh seasamh oifigiúil don Ghaeilge don chéad uair i dTuaisceart Éireann trí Chomhaontú Aoine an Chéasta; bunaíodh Foras na Gaeilge mar áisíneacht uile-Éirinn; tugadh isteach an tAcht Teanga, atá ag baint go leor den ghangaid as cúrsaí teanga mar anois tá dream neamhspleách ann ag baint leis na cúrsaí sin; agus bhunaigh muid Oifig an Choimisinéara Teanga, atá in ann seasamh do chearta Gaeilgeoirí go neamhspleách. Tá súil agam go bhfágfar an Coimisinéir Teanga ina áit mar is dóigh liom go bhfuil obair iontach déanta aige, mar ní ghá do Ghaeilgeoir a bheith ina gcancrán níos mó nuair a fheictear faillí nó éagóir á dhéanamh i leith na teanga.

Thug muid isteach Bille substaintiúil, An Bille um Údarás na Gaeltachta. Fuair muid seasamh oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach mar theanga oibre. Thosaigh muid ansin ar an bplé fada mar gheall ar thodhcaí na Gaeilge. Thosaigh muid leis an gCoimisiún Gaeltachta. Ag éirí as sin, rinne muid an staidéar teangeolaíochta ar an Ghaeltacht agus ansin, nuair a bhreathnaigh muid air, thuig muid nach féidir leis an Ghaeltacht maireachtáil mar oileán agus go bhfuil an Ghaeltacht agus todhcaí na Gaeltachta fite fuaite le todhcaí na Gaeilge sa tír ar fad, agus thosaigh muid ag obair ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. B'fhéidir gur chaill muid bliain le sin dhá chur ar aghaidh chuig an coiste Dála anseo, ach ag an am céanna, bhí iarracht á dhéanamh againn le déanamh cinnte go mbeadh daoine agus páirtithe éagsúla ag tacú leis na straitéise.

Tá trí ghné ann le go mairfidh teanga: dearcadh, eolas agus úsáid. Má tá an dearcadh naimhdeach don teanga - chonaic muid é seo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht le 200 bliain anuas - agus má tá daoine ag iarraidh na Gaeilge a chaitheamh díobh, níl aon todhcaí ann don Ghaeilge. Is cuma cé mhéad eolas atá ag daoine ar an teanga, muna dteastaíonn uathu í a thabhairt don chéad glúin eile níl aon mhaith ann. Tá sé spéisiúil breathnú ar dhearcadh daoine ar an nGaeilge. Mar is eol don Teach, tugadh airgead don Athair Mac Gréil le staidéar an-chuimsitheach a dhéanamh ar an Ghaeilge. Tá 7% sa Stát atá ag iarraidh go bhfaighfidh an Ghaeilge bás agus tá 93% ag iarraidh go mairfidh sí.

Tá sé spéisiúil freisin go bhfuil 53% de dhaoine ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht, cé nach bhfeiceann siad iad fhéin mar chuid den athbheochan. Ba mhaith leo go mairfeadh an teanga. Ceapann siad gur iarsma fíorthábhachtach stairiúil í an Ghaeilge. Creideann 40% de dhaoine go mbaineann an Ghaeilge leo féin agus gur cheart í a athbheochan. Is ollfigiúr é sin le hais suirbhé éigin mar seo a d'fhéadfadh a bheith déanta deich mbliana ó shin. Nuair a dhéanann muid scrúdú ar na figiúrí seo, faigheann muid eolas níos spéisiúla fós. Tá sé léirithe gurb iad an dream óg agus uirbeach, a bhfuil postanna maithe agus ard-leibhéal oideachais acu, an dream is báúla don Ghaeilge sa tír seo. Is iad siúd is mó atá i bhfábhar na hathbheochana. Nuair atá meon an phobail ag bogadh agus rudaí éagsúla ag teacht i bhfaisean, tá sé soiléir go leanann an sochaí i gcoitinne an dream óg le postanna maithe agus oideachas fairsing. Tá dul chun cinn fíor-suntasach déanta ó thaobh dearcadh an phobail i leith na teanga.

Léirigh an staidéar go bhfuil go leor daoine le heolas acu ar an teanga, ach nach n-úsáideann í go laethúil nó go rialta. Rinneadh réimniú agus briseadh síos idir eolas an-mhaith, réasúnta agus mar sin de. Tá eolas ar an teanga i bhfad chun cinn ar úsáid na teanga, go mórmhór taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfimid díriú ar sin in aon phleanáil atá ar bun. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir aistriú ón eolas go dtí an úsáid. Tá an straitéis 20 bliain dírithe ar sin. Tá an straitéis ag iarraidh a chinntiú nach gá tosach as an nua sa chóras oideachais i ngach glúin. Muna labhrann tuismitheoirí le Gaeilge lena ngasúir í, caithfidh na gasúir dul ar gaelscoil, nó bealach éigin eile a thógáil, leis an teanga a shealbhú. Is fiú a rá nach bhfreastalaíonn formhór na ngasúir ar gaelscoileanna ar aon chaoi. Dá bhrí sin, caithfear an Ghaeilge a múineadh níos fearr sna scoileanna eile. An smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis ná go n-éireódh linn níos mó tuismitheoirí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a spreagadh chun Gaeilge a labhairt lena gcuid gasúir ó chaitear ar a sop iad.

Is cuimhin liom todhchaí na Gaeilge a phlé le comhghleacaí de chuid duine de na Státseirbhísigh atá in éineacht leis an Aire Stáit inniu nuair a bhíomar thuas i dTír Chonaill. Tá aithne maith ag an Aire Stáit ar an duine atá i gceist agam. Dúirt mé gur cheart tosach nuair a bhíonn na máithreacha ag súil. Chuaigh an plé ar aghaidh agus dúirt duine éigin gur cheart tosach ón am a thosaíonn sí bheith ag súil. Dúirt an comhghleacaí sa Roinn a luaigh mé gur cheart tosach sna discos. An pointe a bhí á dhéanamh aige ná gur ciorcal atá ann. Más féidir an fáinne fí a athrú, agus áiteamh ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu í a labhairt lena gcuid gasúir, beidh spriocanna na straitéise insroichte.

Tá daoine ann a chreideann gur cheart an Ghaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht. Níl aon chiall leis sin ar go leor cúiseanna. Go simplí, ní mhairfeadh an teanga. Dá mba rud é nach raibh aon spéis sa Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, bheadh deireadh leis na coláistí Gaeilge ar maidin. Cén fáth go dtiocfadh daoine go dtí an Ghaeltacht ag foghlaim na Gaeilge muna mbainfeadh sí leo? Baineann todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachtaí is láidre sa tír le dearcadh agus spéis na ndaoine i leith na Gaeilge. Má tá sé mar aidhm againn go mbeidh an teanga á labhairt ag daoine chuile áit sa tír, caithfidh plean ollmhór Stáit a bheith againn. Níl aon mhaith díriú ar póicíní beaga Gaeltachta amháin. Ní mharifidh an Ghaeilge ar an mbealach sin.

Chuala mé bean as Inis Oírr ag caint go stuama agus go ciallmhar ar an gceist seo le gairid. Dúirt sí gur thóg sí cúigear nó seisear gasúir, ach go mbeadh an t-ádh léi dá bhfaigheadh duine amháin acu post in Inis Oírr a thabharfadh deis dó nó di fanacht ar an oileán. D'iarr sí nach mbeadh cur amú iomlán i gceist iad a thógáil le Gaeilge, dá mba rud é nach raibh sí ag súil go ndéanfaidís an rud céanna, cibé cén áit in Éirinn ina mbeidís ag maireachtáil. Nach mbeadh cur amú eolais, fuinnimh agus iarracht i gceist? Fágann daoine an Ghaeltacht agus tagann daoine isteach go dtí an Ghaeltacht. Nach mbeadh sé loighciúil bheith ag súil go labhródh Polannach a bheadh ina chónaí anseo in Éirinn Polainnis lena gcuid gasúir anseo, go mórmhór os rud é go mbeidh Béarla acu ar aon chaoi? Ba cheart dúinn breathnú ar muintir na Gaeltachta a théann ina gcónaí in áiteanna eile ar fud na tíre, agus a labhraíonn Gaeilge lena gclann, mar chuid d'acmhainn na Gaeltachta agus mar chuid de phobal iomlán labhartha Gaeilge na tíre.

Caithfimid a fháil inár gcloigeann go bhfuil cainteoirí dúchása Gaeilge ann cheana féin a tógadh taobh amuigh den Ghaeltacht. Muna bhfuilimid in ann na coincheapanna seo a thógáil ar bord, ní dóigh liom go mbeidh aon bhunús leis an straitéis. Mar is eol don Aire Stáit, dúirt an straitéis go rabhamar ag iarraidh trí rud a bhaint amach. Is fiú iad a chur ar an taifead. Ar an gcéad dul síos, tá sé molta sa straitéis go méadóidh an líon daoine sa Stát seo a bhfuil eolas acu ar an nGaeilge go 2 mhilliún. Is dóigh liom go bhfuil sé sin thar a bheith insroichte. Ar an dara dul síos, tá sé mar aidhm ag an straitéis an líon daoine sa Ghaeltacht a labhrann an Ghaeilge go laethúil a ardú ó 23,000 go 30,000, nó 25%. Má bhaineann muid na spriocanna sin amach, beidh fás ag tarlú agus is dócha go leanfaidh fás fás. Ar an tríú dul síos, tá sé mar sprioc ag an straitéis líon na gcainteoirí laethúla sa tír ar fad a mhéadú go dtí 250,000. Is í sin an aidhm is uaillmhianaí ar fad, os rud é go gcinnteódh sí todhchaí na Gaeilge go brách na breithe. In aois na hidirlíne, gutháin póca agus teagmháil níos mó le daoine nach bhfuil aithne agat orthu ná daoine atá cóngarach dhuit, más féidir linn an teanga a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, beidh todhchaí na Gaeilge slán.

D'fhéadfainn go leor eile a rá faoin straitéis. Ní dóigh liom go bhfuil an straitéis á chur i bhfeidhm, go mórmhór ó thaobh réimse an oideachais, réimse an phobail agus mar sin de. Tá súil agam go dtabharfar dóthain ama dúinn chun mionphlé dearfach a dhéanamh ar an mBille seo. Ní shéanfaidh mé go bhfuil lochtanna móra ag baint leis an reachtaíocht seo. Ar ndóigh, tá an Bille sa mhórphictiúr ag teacht leis an rud a réitigh mé féin - go gcaithfeadh an cur chuige pleanáilte seo a bheith ann. Bhí sé sa staidéar teangeolaíochta. Nuair a d'fhág mé an Roinn, bhí mé díreach tar éis obair ar an reachtaíocht seo a thosú. Tá lochtanna móra sa Bhille, áfach. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an chuid den mBille a bhaineann leis na gréasáin Gaeltachta. Táimid ag caint faoi fás na Gaeilge ní hamháin sa Ghaeltacht ach i ngréasáin taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Is iomaí gréasáin Gaeilge atá ann. Tá go leor dóibh ann nach raibh ann 50 bliain ó shin.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá ar an mBille sula críochnóidh mé. Is é an chéad locht gur mhaith liom a lua ná an easpa airgid atá á chur ar fáil. Mar a dúradh i 1950, cén chaoi a mairfidh an Ghaeilge i saol mór an Bhéarla, atá i bhfad níos treise anois ná mar a bhí riamh sa stair, muna bhfuilimid sásta roinnt acmhainní a chaitheamh ar an teanga? Fiú in am na géarchéime, caithfimid roghanna a dhéanamh a chabhróidh linn teacht ar na hacmhainní. Má thagann meath ar an nGaeilge, ní thiocfaidh sí ar ais. Ní glacaim leis an argóint airgeadais faoi toghcháin an údaráis. Ní thuigim cén chaoi is féidir a rá go bhfuil fadhb airgid ann nuair atá an Rialtas ag caint ar breis toghcháin uachtaránta agus iliomad reifreann in éadan a chéile a reáchtáil. Níl aon fhadhb airgead a fháil le haghaidh toghcháin ar fud na tíre. Beidh reifreann ar chearta leanaí againn sa bhfómhar.

Mar sin, ní bhéadh aon chostas le toghcháin.

An dream a bhéas ag déanamh cinnidh de réir an Bhille, ní gá gur spéis leo an Ghaeilge ar chor ar bith. Sa chontae ina bhfuil cónaí orm féin, tá i bhfad níos mó de na comharleoirí contae ina gcónaí taobh thoir den Choirib ná mar atá taobh thiar di. Le fada an lá, éinne a bhí ar an gcomhairle contae d'inseoidís duit go n-údáidtear an mórlach sin in éadan an dream a bhí i gConamara.

An tríú rud, nach n-aontaím leis an coibhneas ó thaobh na pleanála de. Caithfidh an Stát a bheith freagrach as pleanáil. Ní féidir a rá le pobal Gaeilge a chur ar fáil sa riarachán poiblí, mar shampla. Caithfidh an Stát a bheith i mbun an phlean agus tacaíocht an phobail a bheith aige. Gan tacaíocht an phobail níl aon mhaith ann, ach caithfidh sé teacht ón Stát.

Ní aontaím leis an Aire Stáit faoi Fhoras na Gaeilge, mar ní fheicim cén chaoi ar féidir freagracht as pleanáil teanga ar fud na tíre a thabhairt do dhream nach bhfuil smacht aige air. Níl smacht ag an Rialtas ar Fhoras na Gaeilge. Nuair a bhí mé i mbun na Roinne, bhíodh mise ag rá go gcaithfeadh freagracht iomlán as cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fanacht taobh istigh den Stát, mar nach bhfuil aon smacht againn ar céard a shocrós na húdaráis ó Thuaidh, agus ní bhéinn sásta an smacht sin a ghéilleadh dóibh.

Tá súil agam go ndéanfaidh an t-Aire Stáit machnamh thar an deireadh seachtaine. B'fhearr liom suí síos leis, gan aon bhrú ama nó argóint a bheith ann faoi chloig á mbualadh nó teorainn ama, agus an rud seo a phlé go mion. Creidim féin, agus d'fhoghlaim mé seo ar an dtaobh eile den Teach, gur fearr reachtaíocht a dhéanamh go mion agus gan rud a dheifriú. An rud is mó a tharraing trioblóid orm, ó thaobh reachtaíochta de, ná rud a dheifrigh mé tríd ag an nóiméad deiridh. D'iarrfainn ar an Aire Stáit fanacht go Meán Fhómhair le jab ceart a dhéanamh air seo. Déarfadh sé liom, "Céard faoi thoghcháin an údaráis?". D'fhéadfaí teacht isteach anseo an tseachtain seo chugainn, le tacaíocht an Fhreasúra, agus Bille aon líne a reachtáil chun na toghcháin a chur siar go deireadh Mí Deireadh Fómhair nó Mí na Samhna leis an bhfadhb bheag dlí sin a sharú. D'fhéadfaimís é seo a phlé go mion thar an samhradh. Creidim go mba cheart don Aire Stáit a bheith oscailte do leasaithe. D'fhoghlaim mise, thall ansin ar an mbínse a bhfuil an t-Aire Stáit ina shuí air, a bheith i bhfad níos oscailte do leasaithe ná mar a bhí mé ag an tús. D'iarrfainn ar an Aire Stáit é sin a dhéanamh. In ionad go leor des na daoine a bheith ag rá go bhfuil trí cheathrú den Bhille ceart agus go bhfuil croí an Aire Stáit san áit cheart ach go bhfuil an gníomh mícheart, mholfainn don Aire Stáit déanamh mar a rinne mise nuair a chuir mé an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 isteach sa gcoiste seachas í a dheifriú ar aghaidh, fiú gur chailleamar ama air sin, níos mó ama ná mar a shíl mé. B'fhiú é sin a dhéanamh le daoine a thógáil ar bord.

D'iarrfainn ar an Aire Stáit smaoineamh go domhain ar chríochnú ar an Dara Chéim agus teacht ar ais agus an díospóireacht a chríochnú sa bhfómhar. Níl ann ach rud beag le réiteach le gur féidir é sin a dhéanamh. Le haghaidh todhchaí na Gaeilge b'fhearr an dá mhí a chaillleadh agus gníomh ansin, agus gníomh ar Bhille fónta seachas gníomh ar an rud atá ós ár gcomhair. B'fhearr a bheith ag feidhmiú le tacaíocht iomlán an Oireachtais agus an phobail seachas daoine ag rá go bhfuil bunlochtaí air seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.