Dáil debates

Thursday, 12 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

 

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Le cead an Tí, roinnfidh mé mo chuid ama leis an Teachta Pearse Doherty má tá sé in ann bheith anseo.

Ar shlí amháin, tá éacht déanta ag an Aire Stáit. Tá sé tar éis Bille Gaeltachta a chur os comhair an tí, rud a bhfuilimid ag fanacht air le tamall maith de bhlianta. Táimid ag fanacht le fada le Bille Gaeltachta a dhíreodh isteach ar thodhchaí na Gaeltachta. Sin an fáth go n-aontaím leis na Teachtaí atá tar éis labhairt go dti seo.

Ní cóir go mbéadh fuadar orainn an Bille a rith tríd an Teach roimh an Aoine seo chugainn. Níl mé ag rá gur chóir dúinn moill a chur rudaí, ach ba chóir dúinn an méid ama is cóir a ghlacadh chun gur féidir linn déileáil i gceart leis na leasaithe a bhéas á moladh agam féin agus ag Teachtaí eile.

Tá tuiscint ag an Aire Stáit ar cheist na Gaeilge. Bhí díospóireachtaí eadrainn thar na blianta agus is léir go dtuigeann sé an cheist agus go bhfuil todhchaí na Gaeltachtaí os a chomhair i gcónaí agus go dtuigeann sé cá háit ar chóir dúinn a dhul. Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud san mBille foirfe. Tá súil agam, mar sin, go bhfuil an t-Aire Stáit chun éisteacht a thabhairt do Theachtaí, mar a rinne sé sa tSeanad, agus tá suíl agam go mbeidh am againn fá na choinne sin.

De réir an sceidil atá leagtha amach faoi láthair, ní bheidh ach trí uair a chloig againn chun díospóireacht a dhéanamh ar Chéim an Choiste agus ar an Tuarascáil. Tá sin mícheart ach sin a tharlaíonn roimh sos an tsamhraidh gach bliain. Mar an gcéanna, bhí an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag iarraidh go rithfí an Bille um Dhócmhainneacht Phearsanta tríd an Dáil faoi dheifir toisc go raibh an sochaí ag fanacht air. Sa deireadh thiar thall, bhí an Rialtas, agus an t-Aire féin, sásta glacadh leis go raibh Teachtaí ar gach taobh den Teach ag iarraidh labhairt ar an mBille. Ós rud é go bhfuilimid ag déanamh athraithe suntasacha ó thaobh fiacha de agus ar mhaithe le daoine atá i gcruachás, glacadh leis go raibh sé de cheart ag gach uile Teachta díospóireacht cheart a dhéanamh, go mba cheart go ndéanfaimis machnamh ar na leasaithe i rith an tsamhraidh agus muid ar saoire on áit seo, go dtiocfaimís ar ais chucu sa bhfómhar agus go mbéadh an Bille réidh roimh an Nollaig,.

Sin a bhfuil mé ag iarraidh ar an Aire Stáit. Ba chóir an díospóireqacht a chur ar athló nuair a glacfar leis an Dara Chéim an tseachtain seo chugainn, agus ní bhéinn go hiomlán i gcoinne gilitín a dhéanamh ag an am sin, machnamh a dhéanamh air i rith an tsamhraidh agus Céim an Choiste agus an Tuarascáil a phlé san bhfómhar.

Thagair an t-Aire Stáit dos na líomhaintí a rinneadh nár tugadh go leor ama don díospóireacht ar an mBille. Is é an ghnáth choinbhinsiún san Oireachtas go mbíonn tréimhse dhá sheachtain nó mí idir fhoilsiú Bhille agus díospóireacht a dhéanamh air agus go mbíonn tréimhse dhá sheachtain idir chéim amháin agus céim eile. Ní bhristear an coinbhinsiún sin ach i gcás éigeandála nó nuair a cuirtear teorainn ama ar reachtaíocht ag na cúirteanna, nó a leithéid. Níl aon teorainn ama sa chás seo, seachas go bhfuilimid ag fanacht ar an mBille leis na blianta. Más amhlaidh, cén dochar a dhéanfadh sé fanacht dhá nó trí mhí breise.

Tá daoine ar gach taobh den Teach báúil don chuid is mó a bhfuil sa mBille. Tá roinnt fadhbanna ann, agus tá daoine ag iarraidh é a leasú chun déanamh cinnte de go mbeidh an Bille chomh foirfe agus is féidir, ó thaobh na Gaeilge de. Dúirt an t-Aire Stáit, agus daoine eile, go mb'fhéidir gur seo an deis dheireannach a bhéas againn an Ghaeltacht a sábháil. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuilimid chun an obair a déanamh i gceart. Ní leor trí uair a chloig ar an Déardaoin seo chugainn chun plé le gach mion-fhorálach atá san mBille. Sin an fáth go bhfuilimid ag impí ar an Rialtas go dtiocfaimís ar ais chuig an mBille i Mí Meán Fhómhair agus críoch a chur leis an díospóireacht i Mí Meán Fhómhair nó i Mí Deireadh Fómhair. Mar sin, bhéadh an Bille réidh roimh Nollaig. Ní bheidh an córas nua i réim roimh an bhliain seo chugainn pé scéal é.

Tuigim go bhfuil fadhb maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí an t-Aire Stáit ar an dtaobh seo den Teach agus Fianna Fáil ag cur an toghcháin ar athló tré reachtaíocht, chuireamar ar fad ina choinne sin ach rinneadh é mar sin féin. Is féidir an rud céanna a dhéanamh an uair seo. D'fhéadfaí an toghchán a chur ar athló go ceann sé mhí eile agus, más toil an Oireachtais ansin é, fáil réidh leis na toghcháin ar fad. Ní aontaím gur cheart fáil réidh leis na toghcháin ach is féidir toghchán na bliana seo a chur ar athló. Ní bhéadh gá ach le Bille aon líne ar an Déardaoin seo chugainn.

Tá sé tábhachtach, agus cuíosach dearfa, go bhfuilimid ag díriú ar an Ghaeltacht a aithint i gceart. Níl fadhb ar bith agam maidir le bunú na líonraí Gaeilge, na bailtí seirbhíse Gaeltachta nó na limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Céim chun tosaigh iad na líonraí Gaeilge agus tá mé cinnte go mbeimís in ann tógáil orthu amach anseo. Tá mé ag caint faoina leithéid le tamall de bhlianta ins an Teach seo agus lasmuigh de. Is cuimhin liom freastail ar láinseáil phlean cúig bliana Bhord na Gaeilge roinnt blianta ó shin. Cad a tharla dó sin? An príomh fáth gur theip ar an bplean sin, agus ar a lán des na pleananna eile, nach raibh maoiniú ceart ann. Minic go leor, ní raibh an toil ann ach oiread. Bhíodh a lán cainte faoi na pleananna iontacha seo ach bhí easpa cur chuige agus easpa maoiniú ann.

Tá mé ag impí ar an Rialtas nach fiú tráithnín an Bille muna bhfuiltear chun maoiniú ceart a chur taobh thiar de agus na hacmhainní cearta a thabhairt do Údarás na Gaeltachta agus do Fhoras na Gaeilge chun forálacha an Bhille a gcur chun cinn.

Tá an dáinséar ann go gcuirfidh na pleananna teanga moill ar an gcur chuige agus ar an obair ar chóir a dhéanamh láithreach ó thaobh na Gaeltachta de. Tá an dáinséar ann go mbeidh go leor de chur chuige Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge gafa suas le pleananna a gcur le chéile nó le déileáil leo. Feicimid cad atá tarlaithe go dtí seo maidir leis na pleananna atá in ainm is a bheith ann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an mhoill atá ar roinnt des na húdaráis agus na comhlachtaí Stáit na pleananna a gcur i réim. Tá an t-Acht sin cuíosach coimeádach ó thaobh na n-adhmanna atá sna pleananna. Tuigim nach mbéadh an t-Aire Stáit sásta glacadh le plean a bhéadh coimeádach ó thaobh na limistéir Gaeltachta de, ach ní bheidh sé ina Aire go deo na ndeor. B'fhéidir gur mhaith leis go mbéadh agus ní bheidh éinne againn sa phost chéanna go deo na ndeor. Is cuimhin liom tréimhsí nuair a bhí Airí Gaeltachta nach raibh an Ghaeltacht mar phríomhchuspóir acu. Ag uaireanta áirithe, bhí Taoiseach an lae, Aire ealaíon an lae nó Aire éigin eile i gceannas ar an nGaeltacht. Go minic i stair na tíre seo, ní raibh tús áite tugtha don Ghaeltacht. Is é sin an fáth go bhfuil mé buartha mar gheall ar na pleananna Gaeltachta a thiocfaidh chun cinn. Tá súil agam nach mbeidh sé cruthaithe go bhfuil an ceart agam an imní sin a bheith orm.

Baineann an príomhghearán atá agam i dtaobh na reachtaíochta seo leis an athrú atá le déanamh ar toghcháin an údaráis. Tá sé molta go gceapfaidh an tAire agus na comhairlí contae comhaltaí an údaráis. Thar na blianta, is minic nár tháinig na comhaltaí is fearr agus is gníomhaí in Údarás na Gaeltachta ó na páirtithe móra. Níor fuair ionadaithe ná bpáirtithe sin mórán tacaíochta óna gcuid páirthithe go lárnach - bhí siad beagáinín neamhspleách, b'fhéidir os rud é go rabhadar ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ní gá go mbeidís tofa ag na comhairlí contae. Tiocfaidh ball amháin as Comhairle Contae Ciarraí. Níl aon geallúint ann go seasfaidh an chomairle contae sin le meon an phobail. Roimhe seo, ar a laghad bhí deis ag muintir na Gaeltachta duine a roghnú chun gníomhú ar a son. I gcásanna áirithe, toghadh daoine nach raibh Gaeilge maith go leor acu, nó nach raibh spéis acu an Ghaeltacht a chur chun cinn. Ar a laghad, bhí siad tofa agus dá bhrí sin bhí an locht ar an bpobal áitiúil nó ar an páirtí a roghnaigh agus a chur chun cinn iad. Má táimid chun an deis atá ag an bpobal áitiúil daoine a thoghadh a bhaint astu, beidh laghdú á dhéanamh againn ar an daonlathas áitiúil.

Cosnaíonn an daonlathas airgead. In ainneoin na meáin agus iad siúd a bhíonn ag caitheamh anuas orainn, tá costas i gceist leis an daonlathas. Ní féidir an daonlathas áitiúil a chruthú ar an ngannchuid. Ní féidir linn bheith sprionlaithe nuair atá infheistiú a dhéanamh againn. Mhol muid athruithe éagsúla thar na blianta. Mar shampla, dúirt muid gur cheart go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus toghchán Parlaimint na hEorpa. Dá mbeadh an moladh sin glactha, bheadh coigilt airgid an-mhór i gceist. Ar a laghad, bheadh an daonlathas áitiúil slán. Má leanann an Rialtas ar aghaidh leis an reachtaíocht mar atá sí, déanfar íslú céime ar Údarás na Gaeltachta. Beidh an t-údarás cosúil leis na VECs nó fóram an HSE sa mhéid is go mbeidh roinnt comhairleoirí contae agus roinnt ainmnithe air. Ní bheidh an t-aitheantas nó séasamh céanna ag an údarás is a raibh nuair a bhí neamhspleáchas áirithe ag baill tofa an údaráis. As seo amach, beidh siad go huile agus go hiomlán gafa ag pé Aire i réim atá tar éis iad a cheapadh. Roghnóidh an tAire seachtar as an 12 duine a bheidh ar an údarás nua. Impím ar an Aire Stáit fáil réidh leis an bhforáil seo agus port a athrú. Ba cheart dó cur leis an daonlathas seachas leanúint leis an gcreimeadh ar chumhachtaí na húdaráis áitiúla agus eagrais tofa atá ag tarlú, diadh ar ndiadh, sa Stát seo. Is é seo ceann de na príomhfhadhbanna agus príomhlochtanna leis an mBille seo.

Labhair mé faoin fuadar maidir leis an am agus a leithéid. Tá ceisteanna eile ann maidir leis na coistí réigiúnda. Cad a tharlóidh dóibh? Conas a bheidh siad in ann díriú isteach ar an obair atá á dhéanamh acu faoin láthair, go háirithe má tá an údarás chun a bheith chomh mion is atá i gceist ag an Aire Stáit? Bhí na coistí réigiúnda in ann díriú isteach ar rudaí a bhí cuíosach áitiúil agus déileáil leo i mbealach nach mbeidh oscailte, b'fhéidir, d'aon ghrúpa a bheidh ag déileáil leis na Gaeltachtaí ar fad agus an réimse gnó, srl., a bhaineann leo. Measaim gur am cinniúnach é seo, ní hamháin dúinn sa Dáil ach freisin dóibh siúd atá tar éis teaghlaigh a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, gan go leor tacaíocht ón Státchóras ó bunaíodh an Stát. Déanaim comhghairdeas i gcónaí leo siúd a sheas an fód agus a chosain an Ghaeilge nuair a chas daoine eile ar phort eile. Má táimid chun plean ollmhór nua a chur le chéile chun an Ghaeltacht a chosaint, caithfimid cabhrú leo siúd atá ina gcónaí sna ceantair sin é a dhéanamh i gceart. Ní thiocfaimid ar ais chuige seo chomh tapaidh arís. Tá seans againn é seo a dhéanamh i gceart. Impím ar an Rialtas nach mbeidh deifear orainn. Más gá fanacht mí nó dhá mhí breise chun é seo a dhéanamh i gceart, ba cheart an t-am sin a thógáil. Má tharlaíonn sé sin, beimid ar fad in ann tacaíocht a thabhairt do na hathruithe atá cuí chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shlánú sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.