Dáil debates

Thursday, 12 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

 

3:00 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)

Tá mé lán-sásta caint faoi Bhille na Gaeltachta 2012. Tá sé soiléir go bhfuil daoine an-bhuartha faoin mBille, go háirithe na heagrais agus na cumainn Gaeilge, agus ní bheidh seans againn cúiseanna na mbuarthaí sin a bplé roimh dheireadh an tseisiúin seo. Críochnófar an Dara Chéim amárach agus críochnófar Céim an Choiste an tseachtain seo chugainn. Tar éis na díospóireachta sa tSeanad agus na leasaite a moladh sa Teach sin, ní luíonn sé le cearta na n-eagras agus na gcumann sin nach mbeidh seans ag an Dáil am a chaitheamh ar Chéim an Choiste, ach go háirithe, agus díospóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an gCéim sin.

Mar gheall ar an deifir sin, ní bheidh an Bille chomh láidir agus a d'fhéadfadh sí a bheith agus ní bhfaigheadh sí tacaíocht ó eagrais mar Chonradh na Gaeilge agus a leithéid. Tá díomá orm go bhfuil an deifir sin orainn agus go bhfuil an Bille os comhair an Tí ag deireadh an tseisiúin nuair atá Teactaí faoi bhrú chun go leor píosaí oibre a chríochnú. Mar adúirt an Teachta Kitt, ní bheidh díospóireacht cheart againn de bharr na deifre sin.

Iarraim ar an Rialtas an díospóireacht a cur siar go dtí an chéad seisiún eile. Ní béadh aon deifir ar an Aire go ceann cupla mí agus b'fhéidir go mbeidh seans ag Teachtaí i rith laethanta saoire an tsamhraidh an Bille a phlé le daoine agus a dtuairimí a gclos. B'fhéidir go mbéadh Bille níos fearr againn dá bharr sin.

Bhí mé ag éisteacht lena raibh le rá ag an Aire Stáit. Léiríonn sé sin go bhfuil a lán buartha ar dhaoine. Is léir, chomh maith, go bhfuil suim ag a lán daoine san mBille. Ní aontaím nár rinneadh a lán phlé ar an mBille. Rinneadh go leor plé air agus tá a lán suim ag daoine san mBille. Mar gheall ar an suim sin, ní bheimid in ann am a chaitheamh ar an díospóireacht mar ba cheart a dhéanamh, toisc an deifir atá ar an Rialtas go gcríochnófar an díospóireacht ar an mBille an tseachtain seo chugainn. Tá a fhios agam go bhfuil an t-Aire ag iarraidh rud maith a dhéanamh agus bhéadh an Bille i bhfad níos láidre dá gcaithfí cupla seachtain breise ar Chéim an Choiste nuair a thiocfaidh an Dáil ar ais tar éis an tsamhraidh. Má caifear cupla seachtain ar Chéim an Choiste nuair a thagann an Dáil ar ais san fhómhar beidh an Bille i bhfad níos fearr ná mar atá sé anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.