Dáil debates
Thursday, 12 July 2012
Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage
3:00 pm
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Cuirim fáilte roimh an mBille. Is maith an rud é go bhfuil sé á phlé againn sa Dáil inniu. Tá a fhios againn gur chuir an Rialtas deireanach go leor moille ar an reachtaíocht seo. Ní thuigim, agus an Bille seo á léamh agam, an oiread ama agus a ghlacadh lena thabhairt chun tosaigh. Tá sé ráite go raibh próiseas comhairliúcháin ansin, ach nuair a labhair mé le daoine sa Ghaeltacht agus le eagraíochtaí Gaeltachta dúirt siad liom nár éist an Rialtas leis an gcomhairle a bhí ar fáil. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh inniu agus Seanadóirí Shinn Féin nuair a bhí an Bille á phlé sa Teach sin, cuireann ár bpáirtí fáilte roimh chuid mhór den mhéid atá sa reachtaíocht seo. Ag an am céanna, tá an Bille lochtach ar chuid mhaith ábhair. Ardaíodh ceist an daonlathais, mar shampla, níos luaithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta. Is le pobal na Gaeilge Údarás na Gaeltachta. Tá cineál dlúthcheangal eatarthu ós rud é go gcaitheann muintir na Gaeltachta vóta ar son an bhoird. Tá an ceangal sin le scaoileadh anois agus tá quango eile le cruthú. Beidh an Aire Gaeltachta in ann an chuid is mó den bhord a ainmniú. Tiocfaidh an chuid eile ó na comhairlí contae. Ní bheidh na ceantracha beaga Gaeltachta in ann ionadaíocht buan ar an mbord a bheith acu. Ní bheidh ach ionadaíocht sealadach acu, agus í a roinnt le ceantair eile le linn an téarma.
Tá fadhb níos doimhne le scrúdú sa chomhthéacs seo. Cé gur ceisteanna iontach móra iad an daonlathas sa bhord agus na daoine cearta a chur ar an mbord, is í ceist na teangan an fadhb millteanach atá le réiteach againn. Tá an teanga ag fáil bháis. Labhair mé go minic anseo faoin staidéar chuimsitheach teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Chosain an staidéar forleathan sin cuid mhór airgead don Stáit. Is dóigh liom gur chosain sé thart ar €500,000 ag an am. Ghlac sé cuid mhór ama leis an staidéar a chur ar fáil. Bhí moltaí faoi leith sa staidéar sin, moltaí radacacha ina measc, a rachadh chun sochair don Ghaeltacht. Sa reachtaíocht atá os ár gcomhair, níl freagra ar bith le fáil ar cuid de na ceisteanna a tháinig as an staidéar sin. Sa mheabhrán míniúcháin agus airgeadais a cuireadh ar fáil leis an mBille, déantar tagairt don téarma ama a luaitear sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ceann de thorthaí an staidéir nach raibh ag na ceantair Gaeltachta is láidre sa tír ach saolré idir 15 bliana agus 20 bliain muna dtugaimid aghaidh ar na fadhbanna. Moladh réitithe sa staidéar le aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Scrióbhadh an staidéar sin cúig bliana ó shin. Má amharcaimid ar an téarma is ísle a luadh ann, 15 bliana, níl fágtha ach deich mbliana ag cuid des na ceantair is láidre. Sin an cineál faidhbe atá againn sa Ghaeltacht.
Ní ró-mhinic a dhéanaimse Aire a mholadh, ach níl dabht ar bith agam ach go bhfuil croí an Aire Stáit istigh sa Ghaeltacht agus sa teanga. Tá sin gan dabht. Ní thiocfadh le duine ar bith a bhfuil aithne phearsanta aige ar an Aire Stáit ach sin a rá. Tá sé sé bliana agus an mhí seo a chuaigh thart ó d'fhógair an t-Aire Stáit go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht. Ag an am sin, chuir mé féin preas ráiteas amach ag guí gach rath air agus a leithéid mar sin. Ceann des na rudaí a dúirt mé ná nach bhfuair sé an tseans mar ba cheart. Tá mé ag déanamh go raibh 24 bliana caite aige mar Theachta Dála ag an am sin. B'fhéidir go bhfuil sé ina thriochadú bliain anois. Dúirt mé nach bhfuair sá an tseans a ba chóir dó a fháil a bheith ina Aire, mar gurb iad Fianna Fáil, ar an mhórchuid, a bhí sa Rialtas, ach amháin taobh istigh de dhá bhliain. Táimid anois sé bliana chun tosaigh. D'athraigh an Teachta McGinley a intinn, bhain sé an suíochán agus bhain sé arís é, agus tá sé anois ina Aire Stáit agus cúram na Gaeltachta air. Níl a fhios agam cé mhéad ama atá sé ag dul a chaitheamh san Oireachtas, má fhaigheann sé tacaíocht an phobail i dTír Chonaill, ach seo deis mhillteanach don Aire Stáit, go pearsanta, mar dhuine a bhfuil a chroí istigh sa teanga agus sa Ghaeltacht. Anois, tá sé ag déileáil leis an Bhille is tábhachtaí ariamh, ó thoabh todhchaí na Gaeltachta de.
Tá mé den bharúil i gcónaí nach bhfuil an freagra ag aon duine amháin ar cheist na Gaeilge. Níl na freagraí uilig ag duine nó ag páirtí ar bith. Níl siad ag an Rialtas nó ag Sinn Féin. Ach an rud is measa ar féidir linn a dhéanamh ná deifir a cur ar an mBille. Tá sé contráilte trí uair a chloig a glacadh leis na leasaithe a bplé. B'fhéidir nár chóir glacadh leis na moltaí atá á gcur chun tosaigh ach, ar a laghad, ba chóir plé agus mion-scansáil agus scrúdú a dhéanamh orthu agus díospóireacht a bheith againn. Beidh na cinnidh atáimid a dhul a dhéanamh amach as an phlé a bheidh againn inniu agus an tseachtain seo chugainn ina bhuntáistí, nó ina míbhuntáistí, ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge le blianta fada amach anseo.
Ba mhaith liom a rá go pearsanta agus chomh hionraic agus is féidir liom gur chóir dúinn amharc arís ar an téarma ama atáimid a dhul a thabhairt don Bhille.
Tá go leor atá iontach maith san Bhille. Ar a laghad tá rud éigin ag tarlú. Ar an drochuair, ní théanna an Bille go mion isteach gceist na ceantair a gcur i catagóirí A, B agus C, mar a moladh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ó thaobh cuid des na ceantair de ach d'fhéadfaí réiteach a fháil orthu sin. Glacann an Bille ceantair móra agus níl an pleanáil teanga le tosú ach i gcuid acu sin ar dtús báire. Ceann des na fadhbanna a bhaineann leis sin nach n-aithnítear an géarchéim atá ann ag an bpointe seo, nuair a cuimhníter nach bhfuil ach idir deich mbliana agus 15 bliana ag na ceantair Gaeltachta is láidre sa tír. Tá ceantair láidre Gaeltacht i dTír Chonail ar nós Gaoth Dóbhair, Machaire Rabhartaigh agus Rann na Feirsde ina bhfuil 80% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil. De réir an Bhille, tá gach ceantar Gaeltachta go fóill sa Ghaeltacht, agus is ceart go dtarlódh sin agus go mbéadh deis ag gach ceantar ardú céime a dhéanamh nó réiteach eile a fháil ar an bhfadhb. Ach níl deich mbliana nó 15 bliana ag na ceantair sin. Níl acu ach seal beag ama agus b'fhéidir go bhfuil corr cheantar a bhfuil sé ro-mhall dó. Ceann des na lochtanna móra atá sa Bhille nach bhfuil sé láidir go leor agus nach n-aithníonn sé an géarchéim atá againn ag an phointe seo. Sin ceann des na laigí móra atá sa Bhille.
Ag deireadh an lae, is féidir le rialtais agus le polaiteoirí é a dhéanamh níos fusa do thuismitheoirí agus do dhaoine aonair cinnidh a dhéanamh an Gaeilge a labhairt nó a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá ceisteanna móra ansin. Beidh cuid mhór des na bunscoileanna atá thart ar cheantair Gaeltachta Thír Chonail ag cailleadh múinteorí i mbliana. Beidh seisear muinteóir ar an iomlán á gcailleadh ag scoileanna Loch an Iúir, Machaire Rabhartaigh agus Bun Beag. Sin fadhb ó thaobh oideachais de, ach is fadhb í ó thaobh na Gaeilge de chomh maith. Cuir i gcás go bhfuil scoil ceithre mhúinteoir ag iarraidh tumoideachas a chur ar fáil. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na páistí ag éisteacht le focal Béarla sa rang go dtí go mbeidh siad i rang a haon. Má tá múinteoirí á gcailleadh ag scoileanna beaga ní féidir sin a dhéanamh. Beidh trí rang ins gach seomra ranga, agus na naíonáin sóisir agus sinsir agus rang a haon istigh le chéile. Nuair a bhéas an múinteoir ag teagasc na ndaltaí i rang a haon beidh na naíonáin ag éisteacht leis an mBéarla, mar caithfi Béarla a chur ar an rud is moille. Mar sin, tá fadhbanna ó thaobh tumoideachas a chur ar fáil mar gheall ar na ciorraithe sin.
Caidé an cineál critéir a leagfar síos agus cén cineál measúnachta a déanfar ar na critéir? Tá ceantair Gaeltachta i mo chontae féin, mar shampla, a bhfuil paróistí iontu ina bhfuil scoileanna dara leibhéal nach bhfuil ag teagasc na n-ábhar tré mheán na Gaeilge. An mbeidh na ceantair sin sa Ghaeltacht sna todhchaí má choinníonn na scoileanna ag dul ar an dóigh sin? An mbeidh ceantair Gaeltachta ann sna todhchaí ina rachaidh na páistí go dtí meánscoil ina bhfaigheadh siad a gcuid oideachais tré Bhéarla? Sin ceist mhór. I bPobalscoil Chloch Cheann Fhaola, mar shampla, tá sruth Gaeilge ón chéad bhliain go dtí an tríú bhliain ach níl sruth Gaeilge don árd teistiméaracht. Leoga, bhí ceist ann i mbliana an mbéadh an sruth Gaeilge ann ón chéadh bhliain go dtí an tríú bhliain mar nach bhfuil mórán daltaí ann. Tá an scoil sin ag déanamh freastail ar cheantair iontach láidre Gaeltachta. Tá fadhbanna ansin. Níl réiteach agamsa ar an bhfadhb sin ach seo ceisteanna a gcaithfimid a bplé. Tá na scoláirí sin ag labhairt Gaeilge ar fad sa bhaile agus sa phobal ach ní féidir leo a gcuid oideachais a dhéanamh i nGaeilge tríd téarma na scoile.
Rinne an t-iar Aire, Mary Coughlan, cinneadh ó thaobh taisteal go dtí na scoileanna. De réir an chinnidh sin, caithfidh dalta dul go dtí an scoil is cóngaraí dó. Caithfidh daltaí i Machaire Rabhartaigh nó i gCaiseal na gCor, mar shampla, dul go dtí Pobalscoil Chloch Cheann Fhaola, áit nach bhfuil sruth Gaeilge chomh fada leis an árd teistimeireacht ar fáil, már nach bhfuil siad ábalta an bus a fháil go dtí Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá go leor fadhbanna beaga, agus iontach móra, nach bhfuil soiléir sa Bhille.
Tá ceisteanna ó thaobh aitheantas a thabhairt dos na na bailte agus dos na ceantair úra. Deirtear go mbeidh ról ag Foras na Gaeilge ansin. Tá an Rialtas ag déanamh an bhotúin chéanna a rinne an t-iar Aire, Charlie McCreevy, nuair a d'fhógair sé go raibh Foras na Gaeilge le dílárnú go Gaoth Dóbhair agus go mbéadh na postanna uilig ag dul ansin. Tá a fhios againn, deich mbliana ina dhiaidh sin, nár tharla sin ar chor ar bith. Tháinig postanna úra, ach níl na figúirí iomlána againn go fóill, agus ní bheidh. Níor thuig Charlie McCreevy nach raibh an focal deireannach aige ó thaobh Fhoras na Gaeilge de. Is eagraíocht uile Éireannach é agus tá ról ag an Aire sna Sé Chontae sa phróiseas fosta. San mBille seo, táimid ag tabhairt cumhachtanna do Fhoras na Gaeilge ó thaobh na mbailtí seirbhíse Gaeltachta de. Beidh ról ag an bhforas ach, de réir mar a thuigim, níl plé ar bith déanta ag an Aire Stáit nó ag duine ar bith sa Roinn leis an Aire ó Thuaidh, ó thaobh na gcumhachtanna seo. Táimid ag tabhairt isteach reachtaíocht i leith bhord uile-Éireannach agus rinne muid dearmad iomlán labhairt leis an Aire ó Thuadh fá dtaobh de.
Má aontaíonn an t-Aire Stáit gur cheart go mbéadh níos mó ama againn beimid ábalta mion-phlé mar is ceart a dhéanamh ar na hábhair seo.
Bhí mé féin agus an Aire Stáit ar choiste uile-pháirtí roimhe seo nuair a rinneamar scrúdú ar an straitéis 20 bliain. Chuireamar cuid mhór moltaí chun tosaigh agus glacadh leo d'aon ghuth. An rud is fearr a thiocfadh linn a fheiceáil ag teacht amach as an díospóireacht seo ná go mbéadh an Dáil d'aon ghuth faoin mBille. Aithnímid uilig, is cuma cén pháirtí a bhfuilimid ann, go bhfuil fadhb sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge. Aithním go bhfuil teorainn leis an méid airgid agus leis an gcaiteachas gur féidir leis an Stát a chaitheamh, ach tá rudaí nach gcaithfí airgead a chaitheamh orthu agus a dhéanfadh difear millteanach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá rudaí a gcaithfí airgead a chaitheamh orthu ach tá rudaí eile nach gcaithfí ach iad a ath-eagrú, ó thaobh oideachais agus a leithéid mar sin.
Tá eagla orm nach mbeidh an deis cheart againn seo a phlé, agus tá súil agam go rachaidh an t-Aire Stáit ar shiúl as an phlé seo atá againn inniu agus amárach agus go n-amarcfaidh sé ar níos mó ama a thabhairt le mion scansáil a dhéanamh ar an reachtaíocht sa dóigh is go dtig linn é a dhéanamh níos láidre. Tá a fhios agam go bhfuil sé féin agus mé féin ar an leathanach céanna, go bhfuilimid ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh ó thaobh na Gaeltachta de. Ní seo an Bille ceart, go fóill, ach tá go leor rudaí maithe ann.
Fuair an t-Aire Stáit an dara rogha ó 2006 agus tá sé sa chathaoir anois. Ar an drochuair, thiocfadh leis seo tiontáil iontach salach. Tá an t-Aire Stáit sa Dáil le 30 bliain. D'fhéadfaí cuimhne a bheith ag daoine air mar an Aire a bhain daonlathas amach as an údarás agus nár ghlac an deis le tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht nuair a bhí an Ghaeltacht ar a glúine. Níor mhaith liomsa gur sin an dóigh a mbéadh cuimhne ag daoine ar an Aire Stáit agus níor mhaith leis féin é ach an oiread. D'fhéadfadh sé a bheith ina Aire a bhí mar cheannródaí agus a thug isteach reachtaíocht atá pobal na Gaeltachta a iarraidh. Níl eagraíochtaí na Gaeilge sásta leis an mBille seo agus tá siad ag iarraidh níos mó. Is féidir é sin a dhéanamh má oibrímid le chéile agus níos mó ama a thabhairt don mBille.
No comments