Dáil debates

Tuesday, 1 May 2012

3:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Is léir ón tuarascáil bhliantúil a d'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil fadhbanna uafásacha ag titim amach mar gheall ar cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Acht sin in áit ionas go mbeidh daoine sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre in ann seirbhísí Stáit a fháil ina dteanga féin. Faoi láthair, níl siad in ann é sin a dhéanamh i gcónaí. Táimid ag caint faoi cearta teangacha anseo. De réir taighde, tá nasc idir laghdú na Gaeilge agus an brú atá ar Gaeilgeoirí iompú go Béarla chun seirbhísí a fháil ón Stát. Ní gá go mbainfeadh mórán costais leis seo. Tá Gaeilgeoirí sa Státseirbhís. Ba cheart córas earcaíochta ciallmhar a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís. Níl an chóras sin ag feidhmiú ar chor ar bith faoi láthair.

De réir tuarascáil bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga, a fhoilsíodh i rith na seachtaine, theip ar an Stát a ndualgaisí a chomhlíonadh anuraidh. Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon chéadscéim teanga nua sa bhliain 2011. Dhaingnigh an tAire an dara scéim teanga le comhlacht phoiblí amháin le linn na bliana sin. D'fhág sin go raibh 105 scéim teanga, as 191 comhlacht poiblí, daingnithe tar éis na bliana 2011. Bhí 66 de na 105 scéim teanga imithe in éag faoi dheireadh na bliana. An bhfuil náire ar bith ar an Rialtas nó ar an Aire faoin gcúntas uafásach sin? An aontaíonn an Rialtas go bhfuil sé uafásach nach bhfuil sé de cheart ag muintir na Gaeltachta, a íocann cáin freisin, a gcuid Gaeilge a úsáid?

Sheol Oifig an Choimisinéira Teanga 15 imscrúdú nua le linn an bhliain atá thart a bhain le comhlachtaí poiblí. Léirigh dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn Coimirce Sóisialaí go cuí na dualgais reachtúla teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt do chumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha i gcásanna beirt oifigigh aimnithe. Léirigh imscrúdú nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais mar gheall ar an teanga a chur chun cinn i gceantair Gaeltachta.

Léirigh imscrúdú eile nach raibh Ard-Mhúsaem na hÉireann in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla. Rinneadh moltaí dírithe ar an mhéid sin a chur ina cheart. Léirigh an scrúdú seo nach raibh aon dul chun cinn déanta san Ard-Mhúsaem agus go raibh an rannóg Stáit seo ag tabhairt neamhaird son dlí. An bhfuil an Aire nó an Rialtas ina gcodladh sa chomhthéacs seo? Tá siad ag teip go huafásach ar a gcuid dualgaisí. Cad é plean an Rialtas chun an rud seo a chur i bhfeidhm i gceart?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.