Dáil debates

Tuesday, 1 May 2012

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar atá ráite agam, tá 105 scéim faofa, a chlúdaíonn 191 comhlacht stáit agus Ranna Stáit, againn. Chomh maith leis sin, tá comhráití ag dul ar aghaidh i láthair na huaire idir an Roinn agus thart ar 100 comhlacht Stáit eile fá choinne teacht aníos le scéimeanna teanga. Tá sé de dhualgas ar mo Roinn scéimeanna teanga a aontú agus a dhaingniú le comhlachtaí poiblí agus Ranna Stáit, taobh istigh de chúinsí Achta na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is dualgas reachtúil é de réir an Achta sin. Ina dhiadh sin, tá sé de dhualgas ar na comhlachtaí Stáit na pleananna a chuireann siad ar aghaidh a chur i bhfeidhm. Tá sé seo an-thomhaiste ar fad. Tá sé dubh agus bán in Acht 2003.

Tá sé de dhualgas ar Oifig an Choimisinéara Teanga, mar oifig neamhspleách, monatóireacht a dhéanamh ar na gcomhlachtaí Stáit chun féachaint chuige go bhfuil na pleananna á chur i bhfeidhm acu. Muna bhfuil sé sin á dhéanamh acu, déanann Oifig an Choimisinéara Teanga é sin a lua ina dtuarascáil bhliantúil a chuireann sé inár láthair. Má theipeann orthu arís na pleananna a chur i bhfeidhm, cuireann an oifig tuairisc speisialta chuig Tithe an Oireachtais. Is é sin go díreach an méid a tharla an tseachtain seo caite. Tá tuairisc curtha ag an gcoimisinéir roimh Tithe an Oireachtais ag rá nach bhfuil eagraíochtaí éagsúla ag cur na bpleananna i bhfeidhm mar ba mhaith leis go ndéanfaidís. Tá an tuairisc sin roimh Tithe an Oireachtais anois.

Tuigim go bhfuil an coimisinéir ag teacht isteach roimh coiste na Tithe seo - sílim go bhfuil an Teachta O'Reilly ina gCathaoirleach ar an gcoiste - i rith na seachtaine chun an gearán seo a dhéanamh. Is ar Tithe an Oireachtais atá an dualgas é seo a chur i bhfeidhm. Tá mo dhualgas - na pleananna a aontú agus a dhaingniú - déanta agam. Tá sé de dhualgas ar na gcomhlachtaí iad a chur i bhfeidhm. Tá sé de dhualgas ar an gcoimisinéir monatóireacht a dhéanamh orthu. Tá sé sin an-shoiléir in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar ionadaí, mar Aire Stáit na Gaeltachta agus mar Theachta sa Ghaeltacht, ba mhaith liom go mbeadh deis ag gach éinne sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é sin an polasaí atá ag an Rialtas chomh maith.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar ról an choimisinéara. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Tháinig 1,400 aighneachtaí agus 250 moltaí isteach. Tá anailís á dhéanamh orthu i láthair na huaire. Cuirfidh muid an anailís sin os comhair an Tí chomh luath agus a bheidh sí críochnaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.