Dáil debates

Tuesday, 1 May 2012

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 110, 112, 113, 119, 128, 129, 141 agus 148 le chéile.

Tá 105 scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Clúdaíonn an 105 scéim teanga sin 191 comhlacht poiblí. Cé go bhfuil tuairim is 600comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht, tá mé sásta go gclúdaíonn an105 scéim teanga atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo. Ar ndóigh, de réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is déanaí. Mar sin, bíonn feidhm i gcónaí le scéim teanga go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit. Anuas air sin, tá obair idir lámha ag mo Roinnse le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim is 100 scéim teanga nua a aontú agus a dhaingniú.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Ó thaobh Ranna Rialtais de, bhí an chéad nó an dara scéim teanga daingnithe le gach Roinn sula ndearnadh athstruchtúrú ar Ranna áirithe i mí an Mhárta 2011, sin tar éis an toghcháin. Mar thoradh ar an athstruchtúrú sin, scríobh mo Roinnse anuraidh chuig na Ranna ábhartha maidir lena gcuid scéimeanna teanga. Mar Ranna nuabhunaithe, iarradh ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéimeanna teanga céaduaire a ullmhú. Maidir leis na Ranna eile, tá oifigigh mo Roinne ag plé leo faoi láthair le súil go mbeifear ábalta scéimeanna a réitíonn dá gcuid feidhmeanna nua a aontú leo agus a dhaingniú a luaithe agus is féidir. Tá céad scéim teanga mo Roinne féin, a deimhníodh le gairid, foilsithe anois, is é sin an Roinn úr, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Maidir leis an mhoill a bhain le scéimeanna teanga a aontú le tamall anuas, ní miste dom a mheabhrú don Teach gur chuir mo Roinnse tús le hathbhreithniú cuimsitheach ar Acht na dTeangacha Oifigiúla anuraidh, is é sin ag Oireachtas na Gaeilge i mí na Samhna. Socraíodh go dtabharfaí tús áite don athbhreithniú sin i bhfianaise an ghealltanais a tugadh ina leith i gClár an Rialtais 2011-2016. Tá céimeanna suntasacha tógtha ag mo Roinnse faoin athbhreithniú, lena n-áirítear suirbhé agus próiseas comhairliúcháin poiblí a chur i bhfeidhm. Fuarthas timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 240 aighneacht ó pháirtithe leasmhara, a bhfuil anailís ar siúl ina leith faoi láthair.

Ar ndóigh, tá sé aitheanta nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta é scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tuigeann mo Roinnse chomh maith gur féidir leis an bpróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an mbrú ar achmhainní mar atá i láthair na huaire.

Ní miste dom a rá go bhfuil córas na scéimeanna teanga san áireamh mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag mo Roinnse ar an Acht. Tá súil agam go dtiocfaidh moltaí fiúntacha as an athbhreithniú atá idir lámha, a chabhróidh linn aidhmeanna an Achta a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Déanfar an cás do leasú na reachtaíochta a bhreithniú mar chuid den phróiseas sin.

Maidir le tuarascáil bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga do 2011, ní miste dom a rá gur oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga agus, i gcomhréir le forálacha an Achta, go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. An méid sin ráite, is féidir liom a rá gurb í príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Faoi alt 13 den Acht, caithfidh comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil aird tugtha acu ar sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus iad ag ullmhú dréacht-scéimeanna teanga. Ar ndóigh, faoi réir fhorálacha an Achta, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram féachaint chuige go bhfuil gealltanais atá tugtha ag comhlachtaí poiblí ina gcuid scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.