Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

12:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)

Ba mhaith liom cúpla focal a rá. Labhair na Teachtaí a chuaigh romham fa dtaobh den dul chun cinn mór atá déanta ag pobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge agus, go háirithe, na meáin cumarsáide agus daoine aonair fosta. Feiceann muid an dornálaí Bernard Dunne ag iarraidh daoine a mhealladh leis an Ghaeilge a úsáid agus chonaic muid Des Bishop roimhe sin ag déanamh sin. Cuirim fáilte roimh daoine cosúil leo siúd a úsáideann an stádas mór le rá atá acu le cuidiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Ba mhaith liom díriú ar chúpla pointe. Labhair mé ar seo níos luaithe ar Riar na hOibre. Tá muid uilig ar aon taobh sa Teach seo ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge agus an tábhacht atá leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht mar tobar na Gaeilge. Ceann de na rudaí a chuireann isteach orm ná nuair a chloisim ón Taoiseach nár bhuail an coiste aireachta ó thaobh an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí le chéile. Ní le rud amháin atá an coiste ag déileáil, ní le Bille Údarás na Gaeltachta amháin atá an coiste ag déileáil. Tá sé ag déileáil leis an straitéis 20 bliain. Níor bhuail an coiste le chéile ó 19 Meitheamh 2011 agus sílim go bhfuil rud neamh contráilte faoi sin. Má amharcann muid, ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, níor bhuail an coiste le chéile ach dhá uair - taobh istigh de cheithre seachtain - uair amháin in Aibreán agus uair eile i Meitheamh, ach ansin le 10 mí anuas níor chas siad le chéile. Tá sin contráilte.

Tá rud eile a chuireann isteach go mór orm. Rinne an Rialtas deireannach staidéar cuimsitheach ar an Ghaeltacht agus ar Údarás na Gaeilge. Dúradh ansan go soiléir nach mbeidh an Ghaeltacht is láidre beo taobh istigh de 15 bliain muna dtugann muid aird ar an fhadhb sin. Ní fheicim go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aird ar an fhadhb sin. D'fhéadfainn caint ar feadh an lae agus is mór an trua é nach bhfuil go leor ama againn leis na ceisteanna tábhachtacha seo a phlé. Le cuidiú Dé, beidh seans againn sa todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.