Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

12:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Molaim an Príomh Aoire, an Teachta Paul Kehoe, as glacadh leis an moladh a dhein mé thar na blianta maidir le lá na Gaeilge agus molaim na príomh aoirí a bhí ann roimhe seo. Tá súil go dtiocfaidh fás as an sórt ruda seo agus nach mbeidh na díospóireachtaí dírithe ar ráitis amháin mar atá inniu. Tá sé léirithe againn ar maidin gur féidir linn ár gnó, nó an chuid is mó de, a dhéanamh trí Ghaeilge. Molaim gach duine a ghlac páirt inniu. Is comhartha an-dearfach maidir leis an Ghaeilge é dóibh siúd atá ag foghlaim agus dóibh siúd atá ar an ngannchuid maidir leis an Ghaeilge, gur féidir cur chuige agus gur féidir linne ár gnó a dhéanamh. Más féidir linne é a dhéanamh, is féidir le gach réimse eile sa tír é a dhéanamh chomh maith.

Molaim chomh maith iad siúd atá gafa le Seachtain na Gaeilge, cé gur beagnach coicís na Gaeilge atá ann anois. Tá gach sórt imeachta eagraithe acu thar timpeall na tíre, Rith 2012 ina measc. Caithfidh muid díriú isteach ar na ceisteanna móra maidir leis an Ghaeilge, ceisteanna faoi na Gaeltachtaí, scoileanna Gaeilge agus faoi conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státcóras ina iomlán. Ceist a d'ardaigh mise thar na blianta ná ceist faoin comhlachtaí nua. Thug an Rialtas "quangos" orthu nuair a bhí siad ar an taobh seo den Teach, ach anois tá comhlachtaí nua Stáit le cur ar bun. Tá súil againn go dtabharfaidh an Rialtas tús áite don Ghaeilge nuair a bheidh sé ag ainmniú na n-eagras sin.

Má tá seoid ag duine, déanann sé iarracht í a chur chun cinn. Caitheann an duine an seoid ionas go bhfeicfidh daoine í. Faoi láthair, ní aithnítear an Ghaeilge mar seoid den sórt sin. Tá an Ghaeilge níos cosúla le seoid i músaem ar a mbíonn daoine ag féachaint. Caithfidh muidne na cinntí a ghlacadh anois chun a dhéanamh cinnte de gur seoid cheart, chultúrtha í an Ghaeilge agus go gcuirtear chun cinn í. Ba mhaith liom deis a thabhairt don Teachta Pearse Doherty cúpla focal a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.