Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

12:00 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)

Gabhaim buíochas leo siúd ar fad a d'oibrigh ar son na Gaeilge thar na blianta - in amanna deacra agus in amanna níos éasca. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar teaghlaigh Gaeilge. Gabhaim buíochas speisialta le TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte agus na meáin cumarsáide Gaeilge eile. Beatha teanga í a labhairt. Cuireann sé an-shásamh orm go bhfuil borradh tagtha ar líon na nGaeilgeoirí sa tír. Is féidir cuid mhaith don fhás sin a cheangailt le gluaiseacht na gaelscoileanna, na naíonraí agus tuismitheoirí dílse. Cuireann sé gliondar croí orm go bhfuil an oiread sin daoine óga ach go háirithe ag taispeáint suim sa Ghaeilge agus ag glacadh páirt i n-eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Ní mór dúinn bheith airdeallach nach dtiocfaidh meath ar fás an teanga, go háirithe leis an méid daoine ar deoraíocht thar sáile.

Beidh impleachtaí ollmhóra ag na ciorruithe oideachais a leagadh amach sa bhuiséad ar ghlúinte de pháistí Gaeltachta agus ar todhchaí an teanga má chailltear múinteoirí os na scoileanna Gaeltachta. Tá ról tabhachtach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, agus ó thaobh maoirseacht Acht na dTeangacha Oifigúla 2003 de, ag an gCoimisinéir Teanga. Níl aon fianaise go dtiocfaidh aon sábhail airgead as an gcónascadh le hOifig an Ombudsman.

Tá tábhacht faoi leith ag na Gaeltachtaí ó thaobh blas na teanga. Sa chomhthéacs sin, chualamar níos luaithe go bhfuil cinn Bhille na Gaeltachta aontaithe. Cathain a fhoilsíodh an reachtaíocht sin? Tuigim go bhfuil post príomhfheidhmeannach an údaráis fógraithe faoi dheireadh. Tá go leor imní ar phobal na Gaeltachta. Chuala mé an Tánaiste á rá go bhfuil muintir na Gaeltachta an-shásta, ach níl sé sin fíor. Bím i dTír Chonaill measartha minic, agus tá a fhios agam go bhfuil daoine i nGaeltacht Thír Chonaill faoi bhrú. Tá imní orthu nach mbeidh seans acu bord an údaráis a thoghadh go daonlathach mar ba chóir go mbeadh. An bhfuil an tAire Stáit sásta ráiteas a dheánamh ar conas a roghnófar an bord as seo amach? Is ábhar imní é go bhfuil go leor ciorraithe á dhéanamh ar bhuiseád caipitil an údaráis. Tá gá le postanna nua a chruthú sa Ghaeltacht.

Ar ábhar an tsamhail nua mhaoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge, is léir gur gá don Aire Stáit oibriú i gcomhpháirtíocht leis an Aire chultúr sa Tionól, Carál Ní Chuilín, chun an imní atá orthu siúd in earnáil phobail na Gaeilge agus an taithí atá ag cuid mhaith acu a thogáil ar bord. Iarraim ar an Aire Stáit tacaíocht a thabhairt don obair atá á dheánamh sa Tionól chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Fógraíodh feachtas líofa le tamall anuas. Molaim an chlár líofa a scaipeadh trasna an Stát agus an oileán seo fosta. Nuair a bhuaileamar leis an Aire Stáit cúpla seachtain ó shin, chuireamar an rún sin chuige. Is cúis áthais é dom - sílim go bhfuil an Taoiseach agus an Tánaiste sásta freisin - go bhfuil daoine ón dá thraidisiún tar éis síniú suas don feachtas líofa. Iarraim ar an Rialtas a fhógru go seasóidh sé le geallúint Rialtais na Breataine Acht teanga iomlánmhaoinithe agus ceartbhunaithe a thabhairt isteach. Briseadh an geallúint sin, áfach. Ba cheart don Rialtas freisin tacaíocht substantiúil a thabhairt i dtreo aitheantas oifigiúil agus stádas a thabhairt don Ghaeilge i gcúirteanna na Sé Contae.

Tá sé "illegal" an Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna sna Sé Contae fós.

Glacaim an seans seo le bród.ie a moladh. Seo suíomh ina bhfuil Bernard Dunne agus daoine ón earnáil phoiblí ag tabhairt sár shampla dúinn uilig. Tá straitéis 20 bliain ag Sinn Féin don Ghaeilge agus déanfaidh muid iarracht chun í a chur i bhfeidhm sna réímsí cultúr, spórt, pobal, oideachas agus Gaeltachta. Tacaíonn Sinn Féin le cultúrlann mar tá hubanna Gaelacha ar fáil anseo i mBaile Átha Cliath, ach níl aon cultúrlann sa chathair. Is éagóir é sin. Tá cultúrlann i mBéal Feirste agus i nDoire agus, b'fhéidir, in áiteanna eile. Ba mhaith liom go mbeadh ionad lárnach le himeachtaí sóisialta ar fáil in achan baile mór ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.