Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

12:00 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)

Tá áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn agus go bhfuil cuid de gnó na Dála ag leanúint ar aghaidh as Gaeilge. I slí eile, tá díomá orm toisc nach bhfuil ach seachtain amháin againn sa bhliain nuair a dhéanann muid iarracht leanúint ar aghaidh as Gaeilge. B'fhéidir go mba ceart dúinn níos mó iarrachta a dhéanamh sa Dáil agus lá nó maidin gach seachtain, nó ar a laghad gach mhí, a thabhairt le gnó na Dála a phlé trí Ghaeilge.

Tá Gaeilge agam, ach b'fhearr liom dá mbeadh sí i bhfad níos fearr. An fáth go bhfuil sí agam ná go raibh an suim ag mo mháthair i gcúrsaí Gaeilge. Bhí an t-ádh orm chomh maith nuair a bhí mé ag freastal ar an mheánscoil - Cnoc Carmel, Sráid Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath - toisc go raibh beirt múinteoir Gaeilge agam a bhí ar fheabhas. Ba as Ciarraí an bheirt bhan agus ba chainteoirí ó dhúchas iad. Spreag siad grá don teanga ionam agus i mo chairde. Bhí a fhios againn gur rud bheo í an Ghaeilge agus gur teanga í le labhairt in ionad í a fhágaint sna leabhair. Sin an tslí le dul ar aghaidh leis an Ghaeilge. Caithfidh mé a admháil gur bhain mé lán taitneamh as Peig, Fiche Bliain ag Fás agus An t-Oileánach nuair a bhí mé ag staidéar don ardteist. Thaitin siad liom. Tá litríocht agus filíocht an-saibhir againn as Gaeilge. Nuair a bhí an toghchán ar siúl an bhliain seo caite, is dócha gur cheap a lán daoine gurb í an díospóireacht as Gaeilge idir na ceannairí an díospóireacht is fearr.

Má tá muid i ndáiríre maidir leis an Ghaeilge, ba cheart go mbeadh gach bunscoil mar Gaelscoil. Téann leanaí ar Gaelscoil ag ceithre nó cúig bliain d'aois agus bíonn Gaeilge ag cuid acu, ach ní bhíonn Gaeilge ag cuid mhór dóibh, ach bíonn fonn ar a dtuismitheoirí go mbeidh Gaeilge acu. Tar éis bliana nó dhá bhliain bíonn siad ar fad ag labhairt Gaeilge. Tá páistí cosúil le spúinsí ag an aois sin agus is féidir leo teanga eile a labhairt chomh maith lena gnáth teanga. Tá an obair á dhéanamh ag na Gaelscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna agus ba cheart go dtabharfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht dóibh leanúint ar aghaidh leis an obair. Nuair atá fonn ar tuismitheoirí Gaelscoil a bhunú, ba cheart don Roinn tacaíocht a thabhairt dóibh.

Ba cheart go mbeadh seans níos mó ag daoine labhairt as Gaeilge agus muinín a bheith acu é sin a dhéanamh. Labhair daoine faoi TG4 agus raidió trí Ghaeilge. Caithfidh mé comhghairdeas a ghabháil le Raidió na Life. Tá an jab á dhéanamh ag an fhoireann ansin agus anois tá a fhios againn gur féidir caint as Gaeilge le blas duine ó Bhaile Átha Cliath. Ceapaim gur féidir linn a bheith cosúil le tír mar Ceanada, An Bhreatain Bheag agus an Bheilg, tíortha atá dhátheangach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.