Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Is cúis ar leith áthais dom an seans seo a bheith agam mo thacaíocht do Sheachtain na Gaeilge a chur in iúl don Teach agus don phobal atá ag éisteacht linn. Is deas agus is cuí tréimhse ar leith a chur ar leataobh le ceiliúradh a dhéanamh ar an gné is suntasaí agus is ársa do chultúr na tíre seo: an Ghaeilge.

Tacaím go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Taoiseach maidir le tiomantas an Rialtais seo do chur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge tríd an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Aithníonn an straitéis go bhfuil tábhacht ar leith leis an teanga labhartha agus leis na ceantair Ghaeltachta mar bhun-tobar na teanga. Faoin straitéis, tá fúinn an teanga a chur á labhairt ar fud na tíre agus deis a thabhairt do gach saoránach an teanga a shealbhú agus a labhairt ó lá go lá.

Tá go leor tuartha dóchais ann maidir leis an nGaeilge san 21ú aois. Tá muinín agus beocht nua faoin teanga sna ceantair Ghaeltachta, a bhuíochas sin d'obair na gcoistí pobail, Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4. Tá borradh faoin teanga ar fud na tíre mar gheall ar an obair éachtach atá ar siúl ag daltaí, tuismitheoirí agus foirne na ngaelscoileanna, ag na heagrais dheonacha Ghaeilge is na meáin Ghaeilge ar fud an oileáin.

Ar ndóigh, ní leor dea-thoil leis an nGaeilge a thabhairt agus a choinneáil slán. Tá dúshlán mór romhainn mar phobal sna blianta beaga amach romhainn. Má táimid i ndáiríre faoin teanga, caithfimid níos mó ná dea-fhocail a rá mar gheall uirthi ó am go chéile. Caithfimid a chinntiú go bhfuil deis cheart ag saoránach plé leis an Stát trí Ghaeilge mar a leagtar amach in Acht na Teangacha Oifigiúla. Caithfimid beatha na teanga sna ceantair Ghaeltachta a chinntiú trí fhostaíocht a chur fáil do phobal na Gaeltachta, óige na Gaeltachta ach go háirithe.

Mar Thánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt don ról gur féidir a bheith ag an nGaeilge chun íomhá idirnáisiúnta an Stáit a fheabhsú chomh maith. Is ábhar ceiliúrtha dúinn go bhfuil staidéar á dhéanamh ar an nGaeilge in ollscoileanna agus in institiúidí léinn ar fud na cruinne, go háirithe ar mhór-roinn na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Is cúis áthais dom go dtugann mo Roinn tacaíocht ar leith don obair seo tríd scoláireachtaí Fulbright sna Stáit Aontaithe agus Fondúireacht Cheanada.

Le linn Sheachtain na Gaeilge, is cúis bhróid dom an tacaíocht a thugann mo Roinn do Ghlór na Gael, don chomórtas Global Gaeilge, a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud na cruinne i measc an phobail Éireannaigh. Le dhá bhliain anuas, bhuaigh grúpaí as an Astráil, as an Bhreatain, as na Stáit Aontaithe Meiriceá agus as Ceanada, i measc tíortha eile, duaiseanna san comórtas seo.

Tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil is oibre san Aontas Eorpach. Cuireann an t-aitheantas seo le tuiscint agus meas ballstáit eile an Aontais Eorpaigh ar ár bhféiniúlacht mar Éireannaigh is Eorpaigh. Ar ndóigh, cuireann an t-aitheantas seo deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge chomh maith.

Is ceart a chuimhneamh ar an ról a bhí ag an nGaeilge le linn na cuairteanna ag an Banríon Eilís II agus an tUachtarán Obama an bhliain seo chaite, agus an méid a dúirt an tUachtarán Obama agus é ar Fhaiche an Choláiste. Sin an dearcadh is ceart dúinn a ghlacadh maidir leis an nGaeilge, gur féidir linn í a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile agus gur féidir linn taispeáint don domhan ar fad go bhfuil meas againn ar an ngné seo dár gcultúr agus go gcreidimid go bhfuil an Ghaeilge mar sheod luachmhar de chuid an chultúir dhomhanda.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.