Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)

Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a d'eagraigh go mbeadh béim áirithe ar an nGaeilge inniu sa Dáil. Is féidir a rá gan dabht go bhfuil sé tábhachtach dúinn mar Pharlaimint agus mar thír go mbainfimis úsáid as an nGaeilge chomh minic agus is féidir. Fáiltím mar sin an seans labhairt san am atá tugtha inniu sa Dáil. Ba mhaith liom freisin a rá ag an tús go bhfuilim bródúil as an méid a bhain Fianna Fáil amach i Rialtas ó thaobh fhás úsáid na Gaeilge. Táim ag smaoineamh go háirithe ar an mborradh sa ghaelscolaíocht atá anois ar fáil ar fud na tíre.

Agus Fianna Fáil i Rialtas, chuireamar Acht na dTeangacha Oifigiúla in áit, bhunaíomar Oifig an Choimisinéara Teanga, bhunaíomar Foras na Gaeilge agus leathnaíomar soláthar oideachas trí Ghaeilge, go háirithe sna gaelscoileanna agus ag an tríú leibhéal. Chomh maith leis sin, bhaineamar amach stádas don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Caithfimid aitheantas áirithe a thabhairt don Teachta Éamon Ó Cuiv agus an iar-Theachta Pat Carey don obair seo. Gan iad, táim den tuairim nach mbeadh an Ghaeilge chomh láidir inniu agus atá sí.

Caithfimid aitheantas a thabairt freisin don dea-obair atá ar siúl go laethúil ag TG4 agus ag Raidió na Gaeltachta. Cuireann siad seirbhís ar fheabhas ar fáil do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta le cláir de hard-chaighdeán Gaeilge. Arís, tugaim aitheantas agus moladh do leithéidí Máire Geoghegan-Quinn agus don Uachtarán Michael D. Higgins don méid a bhaineadar amach.

Chomh maith leis an méid a bainte amach le blianta beaga anuas, chuir an Rialtas deireanach plean réalaíoch in áit chun úsáid na Gaeilge a fhás - an straitéis 20 bliain. I Rialtas, d'fhoilsíomar straitéis don Ghaeilge a thugann treoir-phlean chun caomhnú agus athbheochan na Gaeilge i dtréimhse 20 bliain. Is cuspóir lárnach sa straitéis é líon na ndaoine atá ag labhairt na teanga go laethúil a mhéadú ó 83,000 go 250,000. Fáiltím roimh iarrachtaí leithéidí Bernard Dunne, atá ag tabhairt ceannasaíocht maidir le cuspóir na straitéise a bhaint amach.

Ba mhaith liom díriú ar cúpla ábhar imní atá agam maidir le polasaithe an Rialtais ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá bainte amach, tá an Gaeilge á labhairt in áiteanna áirithe don chéad uair ó aimsir an Ghorta. Is féidir paistí a chloisint ag labhairt Gaeilge i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta lasmuigh don Ghaeltacht, tá an Rialtas ar tí cinneadh tubaisteach a dhéanamh maidir le scoileanna tuaithe, go háirithe na scoileanna Ghaeltachta. Ba mhaith liom glaoch ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh tubaisteach seo. Ní hamháin go gcuirfidh sé saol na tuaithe i mbaol, ach i gceantair Ghaeltachta cuirfidh sé an Ghaeilge mar theanga beo laethúil an phobail i mbaol. Ní cheart é seo a dhéanamh. Impím ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar seo gan mhoill.

Tá an cinneadh atá togtha ag an Rialtas chun nasc daonlathach a bhriseadh maidir le Údarás na Gaeltachta ag cur imní ar mhuintir na Gaeltachta freisin. Ar feadh na blianta, bhí nasc réalaíoch idir na ceantair Gaeltachta eagsúla agus an t-údaras tríd na toghcháin. Ar chúis nach dtuigeann éinne sa Ghaeltacht, tá an Taoiseach ag cur deireadh leis na toghcháin seo. Is cinneadh frith-dhaonlathach é deireadh a chur le toghcháin an údarais. Ba cheart don Taoiseach stop a chur leis an bpolasaí seo. Tá a fhios ag gach éinne go mbeidh an córas nua oscailte do go leor "cronyism" as seo amach má leantar ar aghaidh leis an bplean faoi mar atá sé faoi láthair. Impím ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an ábhar seo gan mhoill.

Ó mo chuid ama mar Aire Oideachas agus Eolaíochta, tá suim agam i mbunú ionad oiliúna chun teagasc na Gaeilge a fheabhsú agus áiseanna Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine a mhúineann an teanga sna gaelscoileanna agus na gnáthscoileanna. Ta géarghá ann ionad den tsórt sin a bhunú. Tuigim go raibh deacrachtaí i rith na blianta

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.