Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

Lá na Gaeilge: Statements

 

11:00 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam ráiteas a dhéanamh maidir le Seachtain na Gaeilge. Tá Seachtain na Gaeilge ar bun le 110 bliain, agus tá sí ag dul i méid agus i neart i gcónaí. Is í an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan, agus tá na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud an domhain chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc Éireannaigh agus i measc na mílte daoine as tíortha eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.

Tugann an fhéile seo deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd atá ag fáil a gcéad bhlaiseadh den teanga. Molaim go hard na heagraíochtaí éagsúla, idir comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha, as an bpáirt atá á glacadh acu in imeachtaí na seachtaine.

I gclár an Rialtais leagtar amach spriocanna éagsúla chun stádas agus úsáid na Gaeilge a fheabhsú. Tacóimid le straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus déanfaimid na haidhmeanna agus na spriocanna insroichte atá molta a bhaint amach. Déanfaimid athchóiriú iomlán ar an gcuraclam Gaeilge agus ar an tslí a mhúintear an Ghaeilge i scoileanna ionas go leagfar níos mó béime ar scileanna cainte agus éisteachta. Déanfaimid 50% de na marcanna a thabhairt don scrúdú béil sa Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta agus beidh sé mar aidhm againn líon na macléinn a dhéanann an scrúdú ardleibhéil san ardteistiméireacht a dhúbailt faoin mbliain 2018.

Gheobhaidh limistéir Ghaeltachta tairbhe ónár bplean gníomhaíochta fostaíochta. Faoi na moltaí atá againne, déanfaimid ionchais nua maidir le cruthú fostaíochta a sholáthar do réigiúin Ghaeltachta. Déanfaimid infheistíocht i mbonneagar fuinnimh, leathanbhanda agus uisce, agus cruthófar an bonneagar nua-aimseartha is gá chun gnóthaí nua agus fostaíocht a tharraingt agus chun tacú leis sin. Tacóimid go mór leis na hionchais maidir le fostaíocht i ngníomhaíochtaí turasóireachta agus muirí. Leanfaimid de thacú le craolachán Gaeilge agus le hearnáil ealaíon na Gaeilge.

De bhreis air sin, cuirfidh an Bille Gaeltachta atá idir lámha againn faoi láthair ar ár gcumas na céimeanna cuí a thógáil chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus tabharfaidh sé feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Cé gur aidhmeanna tábhachtacha iad seo, ní leor iad gan an díograis agus an grá don teanga atá á léiriú ag gach duine a bheidh ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge. Spreagann said dóchas ionainn maidir le todhchaí na Gaeilge, agus guím gach rath orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.