Dáil debates
Tuesday, 10 May 2011
Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an cheist seo a thógáil ar an Athló anseo agus deis a thabhairt dom freagra a thabhairt. Mar atá ráite ag an Teachta, is minic, le blianta fada, a bhí mise thall ar an taobh sin den Teach agus eisean ar an taobh seo agus an argóint céanna á phlé againn.
Mar is eol don Teachta, tá sé molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófaí údarás Gaeilge agus Gaeltachta, dar teideal Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht.
Faoi mar atá sonraithe inár gclár Rialtais, tacóidh an Rialtas nua leis an straitéis 20 bliain agus déanfar na spriocanna inseachadta atá luaite inti a chur i gcrích. Tá lúcháir orm a bheith ábalta a rá go bhfuil tiomantas an Rialtais i leith na straitéise léirithe go soiléir cheana féin. Chomh maith leis na céimeanna atáthar á dtógáil laistigh de mo Roinn chun feidhm a thabhairt do mholtaí ábhartha na straitéise, ar a n-áirím bunú aonad straitéise agus ullmhú dréacht-reachtaíochta, is cúis sásaimh ar leith dom í go bhfuil an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas. Is faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin a fheidhmíonn an coiste Rialtais agus tá na hAirí seo a leanas mar bhaill de: an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; an tAire Oideachais agus Scileanna; an tAire Caiteachais Phoiblí; an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; agus mé féin mar Aire Stáit. Tionóladh an chéad chruinniú den choiste Rialtais ar 14 Aibreán 2011, áit ar tapaíodh an deis plé leathan a dhéanamh ar na féidearthachtaí éagsúla maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Ag eascairt ón bplé sin, tá oifigigh mo Roinne chun moltaí maidir leis na féidearthachtaí seo a ullmhú don chéad chruinniú eile den choiste Rialtais agus cuimseoidh na moltaí seo na féidearthachtaí maidir le ról agus cúraimí Údarás na Gaeltachta i ndáil leis an straitéis.
Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á tabhairt ar na céimeanna is gá a thógáil chun an straitéis a chur i bhfeidhm laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil san aeráid eacnamaíoch reatha.
Mar ionadaí pobail ón Ghaeltacht - cosúil leis an Teachta - atá le fada ag plé le riachtanais phobal na Gaeltachta, tuigim go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leo sa timpeallacht achrannach gnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Tuigim fosta an dea-obair atá déanta ag an údarás agus na torthaí fónta atá bainte amach aige tríd an infheistíocht atá déanta aige chun deiseanna fostaíochta a chruthú agus a chaomhnú sa Ghaeltacht.
Níl amhras ar bíth ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin ráite, caithfear a nótáil gurb é an Rialtas deiridh, a raibh an Teachta Ó Cuív mar bhall de, a laghdaigh soláthar airgid caipitil Údarás na Gaeltachta ó €27 milliún in 2006 go €18 milliún in 2010 agus a laghdaigh an soláthar céanna arís go tubaisteach go dtí €6 milliún sa bhliain reatha, 2011.
Ní mór a mheabhrú don Teachta fosta gurbh é a Rialtas siúd a d'fhoilsigh An tAthbhreithniu ar Thosaíochtaí Infheistíochta Caipitil 2010 - 2016, inar laghdaíodh buiséad caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ag an am, ó €105 milliún in 2010 go €86 milliún do na blianta 2011, 2012 agus 2013. Caithfidh mé a mheabhrú don Teachta chomh maith go leanann an soláthar don Roinn ag titim sna blianta ina dhiaidh sin go €40 milliún in 2014 agus €30 milliún in 2015 agus 2016. Ag cur san áireamh go bhfuil beagnach €70 milliún de bhuiséid 2011, 2012 agus 2013 le dul i dtreo an chláir LEADER agus go raibh scéimeanna uilig na Roinne atá dírithe ar an Ghaeilge, an Ghaeltacht, na hoileáin agus Údarás na Gaeltachta le maoiniú as an bhfuílleach de thart ar €16 milliún, tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta liom nuair a deirim nár fágadh morán airgid agam le caitheamh, ní hamháin ar chúrsaí teanga i gcoitinne, ach le tabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun cúraimí forbartha agus fiontraíochta na heagraíochta a chomhlíonadh.
Cé go mbeidh fáil ag an údarás ar thart ar €6 milliún breise óna chuid acmhainní féin i mbliana a chuideoidh leis an eagraíocht a chuid spriocanna a bhaint amach, aithním go bhfuil cur chuige an Rialtais dheiridh ag cruthú deacrachtaí suntasacha don údarás go fóill. Is sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs na reachtaíochta úire a bheidh mé ag déanamh mo dhíchill chun na deacrachtaí sin a réiteach.
Mar fhocal scoir, tá mise dóchasach go ndéanfaimid dul chun cinn suntasach faoin chlár Rialtais chun infheistíocht fhiúntach a thabhairt go dtí an Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, is cúis sásaimh dom í tiomantas pearsanta an Taoisigh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Beidh mise mar Aire Stáit ag obair go dlúth leis an Aire Deenihan agus leis an gcoiste Rialtais san am amach romhainn chun spriocanna inseachadta na straitéise a chur i gcrích ar bhonn costas-éifeachtach.
Ar ndóigh, tá lúcháir orm go mbeidh gach cuidiú le fáil agam ón Teachta agus óna pháirtí. Mar atá ráite agam cheana, tá oidhreacht agam, fágtha ag Fianna Fáil nuair a d'fhág siad an Rialtas, atá ag cothú agus a bheidh ag cothú deacrachtaí. Is é an dúshlán atá romham ná mo dhícheall a dhéanamh feabhas a chur ar rudaí, mar ní féidir leo a bheith mórán níos measa ná mar atá i láthair na huaire.
No comments