Dáil debates

Tuesday, 10 May 2011

 

Údarás na Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach anseo tráthnóna agus as ucht an Athló a thógáil é féin, mar tá nós ag Airí gan teacht isteach agus éisteacht leis an rud atá le rá at Teachtaí Dála. Creidim nach bhfuil sé sin ceart. Tagann an t-Aire Stáit isteach i gcónaí agus tá a fhios agam go maith go dtuigeann sé an cheist seo. Ach an oiread liom féin, tá sé ar an mbeagán atá ag cónaí san nGaeltacht agus atá mar Theachtaí Dála. Tá an tríú duine ann. Is é sin comhghleacaí an Aire Stáit, an Teachta de Shinn Féin atá i nGaoth Dóbhair.

Tuigeann an t-Aire Stáit an riachtanas atá ag an údarás agus gan an t-údarás i mbun cúrsaí fiontraíochta nach mbeadh rath ar an nGaeltacht. Tá mé ag iarraidh air go ndéanfadh sé cinnte de go gcuirfear dóthain airgid ar fáil don údarás le go mbeidh sé in ann leanacht den obair a bhí ar bun ag an údarás faoi chúrsaí fiontraíochta agus forbartha san nGaeltacht le blianta beaga anuas agus le fada an lá. Ceist í seo a phléigh muid go minic cheana. Nuair a bhí an t-Aire Stáit ar an dtaobh eile den Teach is minic a thóg sé an cheist chéanna.

Bhí plé ann le gairid faoi cé mhéid airgid a chuir an Rialtas deiridh ar fáil, i bhfoirm chaipitil, an fhaid is a bhí mise mar Aire. Ins an mbliain 2007, bhí €34 milliún ag an údarás, de réir figiúirí an údaráis féin, le haghaidh chaiteachas chaipitil. Ins an mbliain 2008, bhí €33.93 milliún aige. Ins an mbliain 2009, bhí €30 milliún aige. Ins an mbliain deiridh a raibh mise mar Aire, bhí os cionn €23 milliún ag an údarás. Glacaim leis go bhfuil sé fíor nach bhfuil ach €12 mhilliún ar fáil do chaiteachas chaipitil i mbliana ó na foinsí éagsúla atá ag an údarás, agus is léir nach leor é sin. Bhí go leor rudaí a tharla ag deireadh na bliana seo caite a bhí chun tsiochair ar an bhfigiúr sin a bheith socraithe don Roinn. Bhí tuiscint soiléir ón Taoiseach deiridh go gcuirfí achmhainní ar fáil leis an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm agus le déanamh cinnte de go mbeadh rath ar an nGaeltacht.

Ar an dtaobh eile den scéal, tuigim an chath ata roimh an Aire Stáit. Ní haon mhaith domsa a rá go mbeidh a job éasca, mar ní bheidh. Ar ndóigh, bhí an Roinn Airgeadais go láidir den tuairim nach ceart go mbeadh cúrsaí fiontraíochta fágtha faoin údarás ach níor aontaigh an Rialtas leis sin. Tá mé cinnte nach n-aontaíonn an t-Aire Stáit ach oiread leis sin. Ach, má tá cúrsaí fiontraíochta agus forbartha le bheith faoin údarás, caithfí airgead a bheith aige. Teastaítear, ar a laghad, €20 milliún in aghaidh na bliana, don údarás.

Bhí an t-áth orm nuair a bhí mé mar Aire mar bhí mé in ann an-chuid airgid a fháil. Bhí mé in ann airgead a fháil le haghaidh céanna, bóithrí agus go leor rudaí mar sin. Chomh maith leis sin, bhí foinsí airgid dá gcuid féin ag an údarás. Níl na foinsí sin chomh fairsing anois, agus tuigim é sin. Táthar ag brath ar airgead Stáit agus ar airgead díreach ón Státchiste.

Déarfaidh daoine gur ionann €20 milliún agus go leor airgid. Ach beidh an Stáit ag caitheamh €4 bhilliún ar chaipiteal. Céard é €20 milliún as an méid sin do rud chomh tábhachtach leis an nGaeltacht?

Tá mé cinnte go gcuirfidh an t-Aire Stáit an chath suas. Má chuireann, beidh tacaíocht iomlán aige uaimse, mar dhuine Gaeltachta agus mar Theachta Dála Gaeltachta sa gcath sin. Ar ndóigh, má chliseann ar an Rialtas beidh muid gearánach agus beidh údar againn. Tá a fhios agam cá bhfuil croí an Aire Stáit agus cá raibh sé ariamh. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sé a dhícheall. Tá a fhios agam go bhfuil croí an Taoisigh san áit cheart, fiú má tá daoine sa gcóras a bhfuil gráin dóite acu don Ghaeilge. Tá na daoine sin sa gcóras agus admhóimís é.

Tá rud amháin gur mhaith liom a rá mar chríoch. Céad go leith bliain ó shin, scríobh duine anaithnid an méid seo:

As to the Irish language, toleration and patronage have come too late. It cannot be saved alive by any human power. It is at present confined to about one-third of the peasantry, and those the most ignorant and uncivilised. As a spoken language, it can hardly survive the present generation. The fathers and mothers will retain it till their death, but by the children it will be neglected and forgotten.

Scríobhadh é sin céad go leith bliain ó shin agus is mór an mhaith, ainneoin an méid a bhí ráite ag an am sin, gur tháinig an Ghaeilge slán. Bhí go leor daoine páirteach san iarracht sin agus rinne go leor daoine an t-uafás oibre. Ar ndóigh, le céad bliain anuas, bhí na daoine ann a deirfeadh i gcónaí, go mór mhór nuair a bhí brú airgid ann, nárbh fhiú an Ghaeilge nó nárbh fhiú an t-airgead a chaitheamh ar an nGaeilge. Cuirtear an argóint sin chun cinn go mór mhór nuair atá géarchéim eacnamaíochta ann.

Críochnóidh mé leis an méid seo. Dá bhfaigheadh an Ghaeilge bás, bheadh teanga nach mbaineann le haon treabh, cine nó dream ar domhan, nach bhfuil a shíolra in aon áit eile ach sa tír seo agus in Albain, tar éis bás a fháil agus bheadh an domhan níos boichte dá bharr. An bhfuil muid chun a rá go gcaillfear teanga na misinéirí, an teanga a bhfuair na mílte daoine bás ar a shon agus don dúchas, bás in Éire saor, bunaithe ar argóint go bhfuil géarchéim airgid ann? Tá mé cinnte go n-aontódh an Aire Stáit liom nach mbeadh sin ceart agus táim cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall déanamh cinnte go mbeidh an t-airgead ar fáil don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn, le jab foirfe a dhéanamh i bhforbairt na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.