Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

 

Stráiteise 20 bliain don Ghaeilge

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a fhoclaíocht chomhgairdeachais. Tá mise abhus anseo agus é féin thall ansin agus is minic a bhí mise ar an taobh eile chomh maith.

Athnaítear sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a bhfuil tacaíocht traspháirtí aici, go mbeidh gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích thar tréimhse 20 bliain, agus is tréimhse 20 bliain atá i gceist.

Is cúis sásaimh dom a chur in iúil go bhfuil an coiste Rialtas faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus go raibh an chéad chruinniú den choiste Rialtais ann ar maidin. Ag an gcéad chruinniú inniu, rinneadh plé ar na féidearthachtaí maidir le cur i bhfeidhm na straitése. Tá mo Roinn chun roinnt moltaí maidir leis na féidearthachtai seo agus na roghanna a bhaineann leo a ullmhú don chéad chruinniú eile den choiste Rialtais.

Sa tréimhse amach romhainn, déanfaidh an coiste Rialtais maoirseóireacht ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus beidh grúpa oifigeach sinsearach ó na Ranna Rialtais cuí ag tabhairt tacaíochta don choiste Rialtais. Chomh maith leis sin, tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinnse ó thús na bliana seo, mar atá molta sa straitéis. Tá an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith le cinntiú go ndéantar feidhmiú trasrannach ar thionscnaimh agus monatóireacht ar fhorbairt acmhainní. Go bunúsach, tá an t-aonad straitéise ag tabhairt aghaidh go córasach ar na céimeanna is gá a thógáil le cinntiú go gcuirtear an straitéis i bhfeidhm.

Maidir leis na bearta atá idir lámha i mo Roinnse chun an straitéis a chur i gcrích, tá dréachtphlean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise i mbliana curtha i dtoll a chéile ag an aonad straitéise. Chomh maith leis seo, tá na céimeanna tosaigh a dtógál ag an aonad straitéise i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta. Táthar ag súil, ach cead an Rialtais a bheith ar fáil di, go bhfoilseofar an dréacht-reachtaéocht i 2012, de réir phlean reachtaéochta an Rialtais. Tá roinnt grúpaí oibre bunaithe nó ar tí a bheith bunaithe idir oifigigh san aonad straitéise i mo Roinn agus oifigigh i Ranna agus i gcomhlachtaí poiblí eile chun tosaíochtai na straitéise a chur chun cinn.

Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á thabhairt ar na céimeanna is gá a thógáil d'fhonn an straitéis a chur i bhfeidhm laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil san aeráid eacnamaioch reatha.

Mar atá ráite sa chlár Rialtais, tá sé i gceist ag an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge agus ar mhúineadh na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal. Tá se beartaithe faoin gclár Rialtas go ndéanfar athbhreithniú ar an gcuraclam chun níos mó béime a chur ar scileanna labhartha agus cluastuisceana. Tá sé beartaithe freisin faoin gclár Rialtais go dtabharfar 50% de na marcanna don bhéaltriail ag leibhéal na hardteistiméireachta. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm againn faoin gclár Rialtais líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge don ardleibhéal ag an ardteistiméireacht a mhéadú faoi dho faoin mbliain 2018.

Tá sé molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófaí Údarás Gaeilge agus Gaeltachta, dar teideal Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht.

Mar atá raite faoin gclár Rialtais, tá an Rialtas ag tabhairt tacaíochta don straitéis 20 bliain maidir leis na spriocanna indéanta áta luaite ann a chur i gcrích. Mar áta ráite cheana agam, tá na céimeanna tosaigh á dtógáil i mo Roinn i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta agus táthar ag súil go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais.

Tuigim go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leo sa timpeallacht achrannach ghnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch naisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin raite, caithfear nótáil gurb é an Rialtas deiridh, a raibh an Teachta mar bhall de, a laghdaigh an soláthar airgid caipitil atá á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó €27 milliún i 2006 go €18 milliún i 2010, agus a laghdaigh an soláthar céanna arís go tubaisteach go dtí €6 milliún i 2011. Tá an Teachta Ó Cuív ag tabhairt faoin Rialtas nach bhfuil istigh ach cupla seachtain. Níl sé dáiríre. Nach dtabharfadh sé cupla bliain dúinn.

Mar fhocal scoir, is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá spéis an Taoisigh sna cúrsaí seo thar a bheith soiléir agus an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe aige agus gan é istigh ach cupla seachtain.

Beidh mise mar Aire Stáit ag obair go dlúth leis an Aire Deenihan agus leis an gcoiste Rialtais le cinntiú go ndéanfar gach ní gur féidir ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. É sin ráite, caithfimid cuimhneamh gur am corrach atá ann ó thaobh na heacnamaíochta de agus dá bhrí sin, caithfimid a chinntiú go bhfuil an státchiste ag fáil an luach is fearr ar airgead ó na hacmhainní atá leithdháilte don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi látháir.

Tá an t-am crua agus níl éinne sa Teach seo is mó a thuigeann é sin ná an Teachta féin, a lig don bhuiséad a theacht anuas ó €26 milliún go €6 mhilliún i mbliana. Is bocht an oidhreacht atá fágtha agamsa, mar Aire Stáit. Is bocht ar fad é. Sílim gur chóir don Teachta a leithscéal a ghabháil. Caithfidh mé mo dhícheall a dhéanamh leis na hacmhaínní an-teoranta a d'fhág Rialtas an Teachta le huacht agam sula ndeachaigh sé anonn go dtí an taobh eile den Teach. Is féidir leis suí siar anois agus na lámha a chroitheadh ach caithfimid-ne an sparán a úsáid chomh maith agus chomh héifeachtach agus is féidir linn. Tá gach rún againn é sin a dhéanamh. Tá tacaíocht an Taoisigh agus tacaíocht an Aire agam. Tá mise im' Aire Stáit ach tá Aire atá an-fhábharach don Ghaeilge ag tábla an Rialtais. Tharla sin i gcás an Teachta féin nuair a bhí an Teachta Síle de Valera ina hAire agus é féin ina Aire Stáit. History does repeat itself.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.