Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

 

Stráiteise 20 bliain don Ghaeilge

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire Stáit as ucht a cheapadh mar Aire. Tá a fhios agam gur fear díograiseach, fear Gaeltachta agus gaeilgeoir dílis is ea é. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil mé thar a bheith buartha faoi threo an Rialtais i leith na Gaeilge. Go deimhin fhéin, tá sé sin léirithe cheana féin. Cé go bhfuil an-chuid oibre déanta san Oireachtas seo ag an Aire Stáit, an Teachta McGinley, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht thar na blianta, níor tugadh ach post sóisearach dó. Caithfidh mé a rá gur cheap mé go raibh post sinsearach tuillte aige. Cheap mé go gcloífeadh páirtithe an Rialtais leis an socrú a bhí déanta go mbeadh Aire sinsearach le freagracht laethúil as an Ghaeilge ag bord an Rialtais. Níor tharla sé sin, ar ndóigh. Ba é sin an chéad chéim ar gcúl. Níl aon milleán ar an Aire mar ní raibh sé freagrach as ceapadh na nAirí. Cásaím leis nár tugadh an gradam gur cheart a thabhairt dó.

Tá mé thar a bheith buartha faoi seasamh eile atá ag an Rialtas nua. Mar iar-mhúinteoir scoile, tuigeann an tAire Stáit an méid atá á rá agam. Tá Fine Gael ag rá nár cheart an phríomhtheanga náisiúnta a mhúineadh ag leibhéal na hardteiste do chuile ghasúr i scoileanna na tíre seo. Ní heol dom aon tír eile ar domhain nach múineann a gcéad teanga oifigiúil go chuile ghasúr sa tír sin, go leibhéal na hardteiste agus mar bhunábhar scoile. Ar ndóigh, caithfidh mé a rá go gcreidim gur cheart go múinfí an mBéarla, mar an dara teanga náisiúnta, go dtí an leibhéal céanna.

An tríú rud a chuireann an-imní orm ná chuile uair a chuirtear ceist ar an Aire Stáit faoi feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta, tugtar freagraí diamhaireacha. Tá a fhios agam nach ar an Aire Stáit atá an milleán. Dá mbeadh sé freagrach as an cinneadh, cinnte fágfadh sé na feidhmeanna leis an údarás. Nuair a bhíomar sa Rialtas, tháinig brú ó buanrialtas an státchórais chun na feidhmeanna fiontraíochta a bhogadh, ach chuireamar ina aghaidh. Go deimhin, scríobhamar go sonrach sa straitéis go bhfágfaí na cúraimí atá ag an údarás agus ag Roinn na Gaeltachta mar atá siad agus go gcuirfí leo. Thuigeamar go dtriallfadh an státchóras é sin a athrú nuair a bheadh Aire nua ann. Is léir go bhfuil troid idir lámha ag an Aire Stáit, an Teachta McGinley, anois. Gheobhaidh sé tacaíocht an Fhreasúra má chuireann sé troid suas. Caithfear na feidhmeanna sin a choinneáil, ach caithfidh mé a rá go bhfuil mé thar a bheith buartha faoi threo na gaoithe agus an éiginnteacht sna freagraí atá mé ag fáil ón Aire Stáit.

Tá mé buartha freisin faoin méarfhadachas a bhaineann le cur i bhfeidhm na straitéise. Dúirt an Aire Stáit go gcaithfidh chuile rud fanacht ar an reachtaíocht. Tá a fhios agam go dtógann reachtaíocht tamall, ach tuigim go raibh cuid mhaith oibre déanta ar cinn an Bhille roimhe seo. Tá súil agam go bhfoilseofaí cinn an Bhille go luath. Ar ndóigh, níl sa reachtaíocht ach cuid an-bheag de ghníomhú na straitéise. Is féidir dul ar aghaidh le ghníomhú na straitéise go láithreach i go leor gnéithe den saol. Mar is eol don Aire Stáit, tá caibidil sa straitéis a dhéanann plé le cúrsaí Rialtais. Tá roinnt áirithe oibre déanta againn ar sin. Tá caibidlí eile a bhaineann leis na meáin, na heagraíochtaí deonacha, an pobal Gaeltachta, an Garda Síochána, an tArm agus cursaí oideachais. Is féidir go leor gnéithe den straitéis a chur i bhfeidhm gan reachtaíocht. Ní áirím aon flosc chun oibre. Tá an scéal á thabhairt dúinn go bhfoilseofar an reachtaíocht i 2012. I dTithe an Oireachtais, faoin am go mbeidh an reachtaíocht sin tríd, d'fhéadfadh sé mí eile a bheith i gceist. Cuireann sé sin imní an tsaoil orm.

Ba mhaith liom labhairt faoi ghné eile den mhéid a dúirt an Aire Stáit níos luaithe, agus an méid atá ráite go ginearálta. Cé gur chaitheamar an-chuid ama ag plé leis an straitéis, tá rudaí nach bhfuil sa straitéis gur mian liom go pearsanta go mbeidís ann. Is é a bhí sa straitéis ná an méid a bhíomar sásta a bhféadfadh an Rialtas cur i bhfeidhm. Níl na rudaí gur mhian le gach duine sa straitéis, ach an méid a bhféadfadh an Rialtas cur i bhfeidhm. An fáth a foilsíodh mar dhréacht é - thóg sé breis ama - ná go mbeadh comhaontú agus tacaíocht iomlán don straitéis i measc na páirtithe éagsúla sa Teach seo, agus go gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán í. Is cosúil ón méid a dúirt an Aire Stáit inniu agus an méid atá ráite go bhfeiceann sé an straitéis mar chineál biachlár, nó menu as ar féidir rudaí áirithe a phiocadh, seachas rud atá le cur i bhfeidhm go hiomlán. An fáth gur thóg sé an oiread ama an straitéis a thabhairt chun cinn ná go rabhamar ag iarraidh teacht ar straitéis a d'fhéadfaimís cur i bhfeidhm go hiomlán. Ar ndóigh, níl sé sin ar bun.

Tá faitíos orm go bhfuil gnéithe eile den straitéis nach gcuirfear i bhfeidhm. Deirfear nach raibh an rogha ag an Rialtas é sin a dhéanamh. Tuigim gur tugadh tacaíocht don straitéis ag an gcoiste eadránach agus go raibh éileamh ón bhFreasúra ag an am go mbeadh breis rudaí sa straitéis. Ní thiocfainn in aghaidh cuid de na rudaí breise a bhí molta. Ba é an tuairim a bhí againn ag an am ná nach bhféadfaí iad sin a bhaint amach, in ainneoin ár ndícheall, ach go bhféadfaí gach aon rud atá sa straitéis a dhéanamh. Mura ndéanaimid é, ní éireoidh leis an straitéis. Is straitéis chomhtháite atá i gceist. Má thosaítear céim ar chéim rudaí a bhaint amach as an straitéis, agus iad a chur ar leataobh, ní eireoidh leis an straitéis. Tá sé spéisiúil breathnú siar ar an mbliain 1894. Bhí plé faoi chúrsaí airgid go mór sa treis i measc aos óg na linne sin.

Bhí ceist na Gaeilge faoi chaibidil ag an am sin freisin. Go fad téarmach, is mo tionchar a bhí ag an troid faoin nGaeilge ar thodhchaí na tíre agus ar leas agus rath tíre ná mar a bhí ag aighneas airgid a bhfuil dearmad déanta air fadó. Mar sin, d'iarrfainn ar an Aire Stáit a dhearbhadh go dtabharfar tosaíocht don Ghaeilge anois, nach gcuirfear ar an méar fhada í i ngeall ar bhrú airgid agus go ndéanfar cinnte go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm go hiomlán. Má déanfar sin beidh tacaíocht iomlán Pháirtí Fhianna Fáil aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.