Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

9:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Ardaíodh an cheist chéanna nuair a bhí an Bille seo á phlé sa Seanad. Dúirt mé ansin go mbeadh gá dul ar ais chuig Oifig an Ard Aighne dá ndéanfaí athrú ar an Bhille seo. Níl sé i gceist agam sin a dhéanamh ar na cúiseanna a luaigh mé. Cur amú acmhainní Stáit a bheadh ann dá mbeadh toghchán ann anois agus ansin ceann eile i gceann bliana. Nílim chun an leasú a ghlacadh.

Rinne an Teachta Ulick Burke roinnt pointí maithe maidir le múineadh na Gaeilge. Iar-mhúinteoir is ea mé féin. Tá cuid mhaith le déanamh againn sa chóras oideachais agus táim ag plé na gceist sin leis an Aire faoi láthair. Tá mórán le rá sa straitéis faoi thábhacht na Gaeilge sa chóras oideachais. I measc príomhspriocanna na straitéise, tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as an Gaeilge go laethúil a mhéadúó 85,000 faoi láthair go dtí 250,000 roimh 2030. An-sprioc é sin ach is féidir é a bhaint amach má leanaimid ar aghaidh leis an phróiseas atá againn faoi láthair, is cuma cén páirtí a bheidh i réim.

Aontaíonn formhór an phobail sa tír gur gá rud éigean a dhéanamh sa treo is gur féidir linn cur leis an Ghaeilge. Ceist phráinneach é sin agus níl mórán ama fágtha againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.