Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

10:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aontaím go ginearálta leis an méid atá le rá ag an Aire. Tá sé an-tábhachtach ar fad go bhfaighimid an straitéis seo i gceart. Sin an fáth go bhfuil an comhchoiste agus an fochoiste ag caitheamh an oiread sin ama leis na moltaí agus na leasuithe. Tá súil againn, ag an chéad chruinniú eile den chomhchoiste iomlán ar an 14 Iúil, go mbeimid in ann an obair a thabhairt chun críche agus saothar ar gcuid oibre agus na haighneachtaí a rinneadh a chur chuig an Aire agus a chur os comhair an Rialtais chomh luath agus is féidir.

Tá lúcháir orm mar iar-mhúinteoir go bhfuil an tAire agus an tAire Oideachais agus Scileanna ag dul i gcomhairle le chéile maidir le teagasc na Gaeilge sna scoileanna. Is léir nach bhfuil ag éirí leis an bheartas a bhíá chur i bhfeidhm go dtí seo. Níl a fhios agam cén fáth, seans go bhfuil gá le níos mó béime ar an chomhrá in ionad litríochta agus scríobh. Comhartha dochais é sin.

Rinne an tAire tagairt ar 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge sa bhliain 2030. Tá aicme eile ar a gcaithfimid díriú isteach: cainteoirí dúchais. Tá uimhir na gcainteoirí dúchais faoi bhrú i láthair na huaire. Mura bhfuil cór cainteoirí dúchais Ghaeilge sa tír, gurb í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh agus teallaigh, ní mhairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo. Beidh sí cosúil leis an Laidin; bhí Laidin againn go léir agus sinn ar scoil ach cé atá ag labhairt Laidine? Ní raibh cainteoirí dúchais Laidine aon áit ar domhan, fiú sa Róimh féin, leis na cianta.

Is cainteoir dúchais mé féin agus feicim cad tá ag tarlú timpeall orm gach lá, go bhfuil cainteoirí dúchais faoi bhrú. I measc na moltaí sa straitéis, caithfear cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a thógfaidh a gclann le Gaeilge mar tá laigeacht mhór ansin. Tá ról fosta ag Údarás na Gaeltachta obair a chur ar fáil do na tuismitheoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.