Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

9:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ag dul ar ais chuig an leasú atá os ár gcomhair, dá nglacfaí leis, beimis in ann toghchán a reáchtáil idir anois agus 1 Deireadh Fómhair 2010 agus mhairfeadh tréimhse uasta an údaráis sin go dtí Márta 2016. Ansin, nuair a bheadh sé cuí, i ndiaidh ritheadh na reachtaíochta a mhol an tAire, agus an Teachta Ó Cuív roimhe le ceithre bliana anuas, ag déileáil leis na hathruithe a bheadh réidh le tabhairt isteach, d'fhéadfaí an t-údarás nua sin a scoir. Aon am tar éis tréimhse bliana, d'fhéadfadh an tAire ordú a thabhairt a chuirfeadh deireadh leis an bhord sin go dtiocfadh an bord nua, agus cibé struchtúr a bheadh i gceist aige, i bhfeidhm. Tugann sin deis don Aire agus don Rialtas níos mó ama a chaitheamh le cinntiú go mbeidh cibé struchtúr nua a thiocfaidh i réim foirfe leis na feidhmeanna cearta.

Má tá trí bliana de dhíth, ar a laghad ní bheimid ag teacht ar ais i gceann bliana a rá go gcaithfimid síneadh ama eile a thabhairt agus ní bheimid ag rith reachtaíochta faoi dheifir. Faoin chlár ama a leagtar amach anseo, caithfidh gach rud a dheánamh go huile is go hiomlán roimh Dheireadh Fómhair 2012. Sin brú ollmhór ó thaobh na straitéise de. Smaoinítear cé chomh fada agus a bhí de dhíth chun déileáil leis an tuarascáil maidir le meath na Gaeltachta agus cé chomh mall agus atá an Rialtas - agus sinn féin chomh maith - leis an straitéis a leagan síos. Is féidir linn cúpla mí a thabhairt dúinn féin más gá. Más féidir linn é a chur isteach i gceann bliana, déanfaidh an leasú cinnte go dtiocfaidh deireadh leis an bhord nua.

Déanann an tAire iarracht loighiciúil a rá gur cóir go mbeidh leanúnachas ann. Faoin loighic chéanna, ba chóir go gcuirfí síneadh le tréimhse an Rialtais seo, go dtabharfaí cúpla bliain eile toisc na hathruithe suntasacha atá ag teacht ar an gheilleagar. Ní aontaím leis sin.

In ainneoin a dúirt an Teachta O'Shea, ní thuigim cén fáth nach bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt tacaíochta do sheasamh an Fhreasúra ag lorg toghcháin roimh Dheireadh Fómhair i mbliana, go mbeadh bunadh na Gaeltachta ag caitheamh vóta i bhfabhar nó i gcoinne na mbeartas atá an Rialtas seo ag cur i bhfeidhm. Bheadh i bhfad níos mó acu ag cur i gcoinne an Rialtais ná mar a tharla go dtí seo. Sin an fáth gur ait liom nach bhfuil an páirtí ag seasamh linn anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.