Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

9:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Cuirim fáilte roimh an Teachta Frank Feighan, a ceapadh mar urlabhraí nua d'Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta. Tá súil agam go n-éireoidh leis go breá sa phost nua.

Bille gairid é an Bille seo, níl ann ach dhá alt. Baineann an dara halt leis an ghearrtheideal agus leis an chomhlua. Ba mhaith liom, áfach, go dtabharfadh an tAire sainmhíniú ar alt 1. San alt sin, leasaítear alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 trí"seacht mbliana agus sé mhí" a chur in ionad "cúig bliana agus sé mhí". Níl aon tagairt don "sé mhí" sin in alt 28(1) den Acht 1979. Cuireadh isteach na focail "agus sé mhí" mar leasú in Acht Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999. Pointe teicniúil é sin ach ba maith liom míniúón Aire maidir leis.

Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne an Bhille anocht - níl ciall leis sin ag an am seo - agus ní bheimid, ach oiread, ag iarraidh an Bille a leasú. Tá an milleán ar an Rialtas go bhfuilimid sa chrua-chás seo agus go bhfuil air an Bille seo a thabhairt isteach mar ní fiú bord nua a chur in ionad don seal a bheadh i gceist.

Tá Fianna Fáil i gcumhacht anois ó 1997 agus fós níl an straitéis 20 bliain don Ghaeilge in áit. Tá an straitéis seo tábhachtach ó thaobh chaomhnú agus fhorbairt na Gaeilge ar fud na tíre. Caithfidh an straitéis a bheith praiticiúil le spriocanna gur féidir a bhaint amach. Beidh an comhchoiste ag cur a chuid oibre os comhair na Dála agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh díospóireacht sa Dáil faoin obair sin. Má fheicimid ar an méid a tharla cheana, ní raibh díospóireacht faoin straitéis go dtí seo, cé go raibh díospóireachtaí ag an chomhchoiste, go ndearna an comhchoiste a chuid oibre agus gur eisigh sé tuarascáil eile. Níl aon eolas ag an phobal i gcoitinne ar an obair seo. Caitheadh €750 milliún ar an Gaeilge agus caithfear cur in iúl don phobal cad díreach atá ar siúl. Níl eolas ar bith ag formhór na ndaoine faoin straitéis. Mura ghlacann an pobal i gcoitinne úinéireacht ar an teanga, ní bhainfear an tairbhe is fearr as an straitéis nuair a chuirfear i bheidhm í.

Tá seoid againn, an teanga, ach caithfimid cur in iúl do dhaoine atá i bhfabhar na Gaeilge chun gur féidir an tacaíocht sin a neartú. Níl go leor daoine ag déanamh iarracht ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar níl duine ar bith ag cur ina luí orthu gur ceart sin a dhéanamh. Mionlach ar fud na tíre agus cuid de na Teachtaí istigh anseo, tuigeann siad go bhfuil dréachtstraitéis ann ach níl a fhios ag formhór an phobail. Ar thaobh amháin, íocann an pobal an cháin lena gcuirtear seirbhísí ar fáil don tír ach ní mór dóibh bheith ar an eolas faoi cad tá ar siúl. Theip ar an Rialtas go dtí seo an t-eolas a chur os comhair an phobail.

Má labharaímid Gaeilge istigh anseo, is beag tuairisc a chítear sna nuachtáin nó ar an teilifís ina thaobh. Seans go bhfuil suim ag The Irish Times agus na meáin Ghaeilge, ach seachas sin, is beag suim atá ag na meáin ghinearálta. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeidh díospóireacht dátheangach againn ar an dréachtstraitéis go gcuirfear an scéal os comhair an phobail. Tá dualgas orainn mar pholaiteoirí agus mar Bhaill den Teach, agus ar na meáin fosta, an scéal faoin dréachtstraitéis a phoibliú chun go mbeidh díospóireacht ar fud na tíre.

Is gá go mbeidh cúram na straitéise i Roinn an Taoisigh. Tá comhordú ag teastáil agus níl aon Roinn Stáit eile gur féidir an comhordú sin a dhéanamh. Bíonn an Taoiseach sa Dáil dhá lá sa tseachtain nuair a bhíonn an Dáil ina suí chun freagraí a thabhairt. Deirtear linn go bhfuil dhá phríomhaidhm ag Fianna Fáil: an tír a athaontú agus an Ghaeilge a athbheochan. Tagann an Taoiseach isteach agus freagraíonn sé ceisteanna ar na Sé Chondae ach ní fhreagraíonn sé ceisteanna i leith na Gaeilge. Beidh sin i bhfad níos tábhachtaí nuair a bheidh an straitéis ann.

Tá sé riachtanach go mbeidh díospóireacht sa Dáil gach bliain, ar an chéad lá don Teach bheith ar ais, ina gcuirfear spriocanna don bhliain atá le teacht agus ina bhfeicfear ar ais ar an bhliain atá caite agus na spriocanna a bhí ann don bhliain sin. Ar cuireadh i bhfeidhm na spriocanna sin? An ceart tabhairt futhu ar shlí eile? Ba cheart go mbeadh a fhios ag an bpobal go bhfuil straitéis á chur in áit, agus go bhfuil ómós sa Teach seo don teanga. Chun an fhírinne a rá, is fíor-annamh a labhartar an Ghaeilge sa Teach seo. Is féidir é sin a athrú. Tá an-iarracht á dhéanamh ag Baill den Teach seo a chuid Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú. Níl aon rud níos tábhachtaí ná an dea-shampla. Iarraim ar an Aire déanamh deimhin de go mbeidh díospóireacht cheart againn ar an dréachtstraitéis. Tá sé sásta athruithe a dhéanamh ar an dréachtstraitéis agus na moltaí is fearr a thagann ón chomhchoiste a chur i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh seans ag gach Ball den Teach seo moltaí a dhéanamh, agus go n-eisteódh an Aire leis na moltaí sin. Mar a dúirt sé, ní le haon phairtí an Ghaeilge. Is linn go léir í.

Is trua é go bhfuil orainn déileáil leis an mBille seo anocht. Ní cheart go mbeimid san áit sin. Mar a dúirt mé cheana, níl sé ciallmhar aon rud eile a dhéanamh um an dtaca seo. Tá Fianna Fáil sa Rialtas ó 1997. Chun an fhírinne a rá, is beag an dul chun cinn atá déanta, ó 1997 i leith, ó thaobh úsáid na Gaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.