Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

9:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuilimid ag plé an Bille seo. Is oth liom go bhfuilimid á phlé - ba chóir go mbeimid ag plé le toghchán Údarás na Gaeltachta, nó le torthaí an toghchán sin. De réir an reachtaíocht mar atá sí faoi láthair, bhí deis ag an Rialtas an toghchán a eagrú aon uair le breis is bliain anuas. De réir an reachtaíocht sin, tá sé de cheart ag an Rialtas toghchán Údarás na Gaeltachta a eagrú taréis tréimhse idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith. Sa Bhille beag seo, tá an Rialtas ag iarraidh orainn an daonlathas a chur ar ceal, nó ar athló ar aon chaoi, ar feadh dhá bhliain eile. Athraíodh an tréimhse idir na toghcháin roimhe seo i 1999, nuair a rinneadh leasú beag bídeach i reachtaíocht ceanann céanna - an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999, inar chur an Rialtas sé mhí leis an tréimhse chun a chinntiú go mbainfeadh an toghchán le toghcheantair athruithe an údaráis. Ag an am, ghlac gach éinne leis gur chóir é sin a dhéanamh. Níor chuir éinne ina choinne. Bhí gá leis an athrú toisc nach raibh an Rialtas taréis reachtaíocht eile - an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999 - a ullmhú. Arís i mbliana, táimid ag déileáil le fadhb an Rialtais, seachas fadhb an Fhreasúra nó fadhb an údaráis. Níl an obair déanta ag an Rialtas chun an t-athrú suntasach maidir le Údarás na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Tá an Rialtas ag iarraidh orainn iontaoibh a bheith againn as. Tá sé mar phlean ag an Rialtas go mbeidh an phríomhreachtaíocht os ár gcomhair agus rite in am le haghaidh toghchán i gceann dhá bhliain eile. Tá go leor ama fós ann chun toghchán a bheith againn i mbliana, roimh 1 Deireadh Fómhair seo chugainn. Measaim gur féidir linn athrú a dhéanamh a thabharfaidh deis don Rialtas, nuair atá an reachtaíocht mór atá molta críochnaithe sa Teach seo, an túdarás a scoir mar atá sé faoi láthair. Déanfaidh mé an argóint seo arís i gcomhthéacs leasú atá curtha chun cinn agam. Ó thaobh an daonlathas de, measaim nach bhfuil sé ceart go bhfuil an toghchán á chur ar athló. Ba cheart go mbeadh deis ag an bpobal sna ceantracha Gaeltachta a chuid vótaí a chaitheamh. Measaim freisin gur cheart dúinn soiléiriú do na comhaltaí a thoghadh cúig bliain ó shin cén uair a bheidh críoch lena thréimhsí mar comhaltaí an údaráis. Tá ualach breise de dhá bhliain á chur ag an reachtaíocht seo orthu. Cuirfidh mé críoch le mó ráiteas ansin. Déanfaidh mé déileáil leis an chuid eile den méid atá le rá agam nuair atá mé ag moladh an leasú atá agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.