Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

9:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Cuirim fáilte roimh gach deis a bhíonn againn cúrsaíÚdarás na Gaeltachta agus cúrsaí Gaeltachta a phlé sa Dáil mar ní ró-mhinic a bhíonn seans againn sin a dhéanamh.

Cosúil le mo chomhghleacaí, ní féidir liom fáilte a chur roimh an Bhille seo, áfach, mar le blianta bhí Bille Údarás na Gaeltachta geallta. Bhí sé ar chlár an Rialtais le trí nó ceithre bliana agus is minic a chuir muid ceist sa Teach maidir le cén uair a bheadh An Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair an Tí. Bhí fanacht fada orainn. Anois, tá Bille againn, ach ní hé seo an Bille a bhí geallta, an Bille a raibh muid ag fanacht leis a bhí chun breis cumhachtaí agus freagrachtaí a thabhairt agus sainmhíniú eile a thabhairt ar Údarás na Gaeltachta. Bhí muid ag fanacht le blianta, ach anois is é an Bille atá againn ná An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010. Is Bille an-ghairid é agus níl ach fáth amháin gur tugadh isteach é, is é sin ionas gur féidir leis an Rialtas an toghchán atá dlite ó mhí Aibreán seo caite a sheacaint agus é a chur siar bliain, dhá bhliain nó trí bliana. Is cuma cad a déarfaidh an tAire nó an Rialtas, níl sin daonlathach. Tá siad ag teitheadh ón daonlathas.

An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an údarás. Bhí Gaeltarra Éireann againn sar a raibh Údarás na Gaeltachta againn. Rinne Gaeltarra obair mhaith ar fud na tíre agus na Gaeltachta, ach i 1979-80 tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid baill a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an Tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidireachtaí atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó cuireadh ar bun iad. Mar dhuine atá i mo chónaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil oifig de chuid Údaráis na Gaeltachta in aice liom, is féidir liom a rá nach mbeadh an oiread daoine atá ag obair sna Gaeltachtaí inniu ach amháin go raibh Údarás na Gaeltachta ann le blianta anuas ag gníomhú go héifeachtach, ag tabhairt fostaíochta isteach chomh maith le obair, monarchain, tionscail agus araile. Is cinnte nach mbeadh oiread daoine sa Ghaeltacht agus Gaeilge sna ceantair Gaeltachta ach amháin an obair iontach atá déanta ag an údarás le blianta anuas.

Le cúpla bliain anuas, níl an t-údarás ag fáil cothrom na féinne. Tá na giorruithe agus an géarchéim airgid ag cur isteach go mór ar an údarás agus is beag tionscnamh atáá cheadú ag an údarás mar nach bhfuil na hacmhainní ná an t-airgead aige leis na deontais ná tacaíocht a thabhairt do fhiontair úra sa Ghaeltacht. Deacracht eile a fheicim leis an údarás le tamall anuas ná go bhfuil feidhmeannaigh sinsearacha ag fágáil an údaráis. Tá siad ag dul amach ar pinsean, tá a seal rite agus na blianta curtha isteach acu agus níl éinne á gcur isteach ina n-áít. Sílim nach bhfuil ach 100 ar fhoireann an údaráis anois. Roimhe seo, bhí 120 nó 130 ann. Is daoine tábhachtacha iad na daoine atá ag fágáil. Feidhmeannaigh sinsearacha iad a bhfuil taithí agus eolas acu ar mealladh tionscal isteach ón iasacht agus ar cuidiú a thabhairt. Is cinnte gur easnamh mór é sin ar an údarás i láthair na huaire. Is cuma mar gheall ar an Bille seo. Cuirfidh an Rialtas tríd é mar tá tromlach ag an Rialtas. Ní bheidh aon toghchán ann ar feadh dhá nó trí bliana agus is olc an rud é sin. Ba mhaith liom mar sin féin iarradh ar an Aire - is Aire úr é a thuigeann an Ghaeltacht agus a bhfuil meas aige ar a chuid oibre agus ar an Roinn - díriú isteach ar an fhadhb sin, sé sin, nuair a fhágann duine sinsearach an t-údarás, go mbeidh duine éigin eile ann lena áit a ghlacadh agus an obair atáá dhéanamh leis na blianta anuas a choinneáil ag dul ar aghaidh.

Tá seo go léir ceangailte leis an straitéis 20 bliain. Níl aon rud ag tarlú anois agus aon cheist a chuireann muid sa Dáil, tá an straitéis 20 bliain ag dul sa bhealach. Níl muid ábalta plean de chineál ar bith eile a dhéanamh ná níl muid ábalta treoir de chineál eile a thógaint mar go bhfuil an straitéis ansin. Cuirim fáilte roimh an straitéis, ach ní chóir úsáid a bhaint as an straitéis fá choinne an toghchán a chur siar. Níl sin ceart agus tá sé i gcoinne an daonlathais.

TáÚdarás na Gaeltachta ar bun ó 1980, 30 bliain. Bhí muid ag súil le Bille níos mó ná seo, ach caithimid déileáil leis an Bille atá againn. Mar a dúirt mé, thug an t-údaras tionscail isteach sna ceantair Gaeltachta ar fad agus rinne sé a dhícheall. I mo cheantar féin, tá suas le 1,000 duine ag obair i nGaeltacht Tír Chonaill agus sa pháirc gnó i nGaoth Dobhair. Tááisleann agus naíonraíá chur ar bun acu agus mar sin de agus tá tacaíocht do sin go léir ag teacht ón údarás. Is maith an rud é sin. Más féidir liom a bheith beagáinín paróisteach, tá tionscal i nGaoth Dobhair i láthair na huaire, Bia Ghaoth Dobhair-Largo Foods, a bhfuil deacrachtaí beaga aige. Feicim an tAire ag croitheadh a cheann agus tuigim go dtuigeann go bhfuil deacracht ansin maidir le pá agus gearradh pá agus mar sin. Is tionscal an-tábhachtach é sin agus tá cúpla céad duine ag obair ann. Tá sé mar "anchor industry" ar an eastát agus níor mhaith liom go dtarlódh aon rud dó. Tá a fhios agam go bhfuil comhráite ag dul ar aghaidh i láthair na huaire idir na hoibrithe, na ceardchumainn agus an bainistíocht agus tá súil agam go dtiocfaidh siad ar chomhréiteach sa dóigh gur féidir leis na postanna atá ansin a chosaint agus a chaomhnú. Tá an t-údarás i ndiaidh cead a thabhairt don tionscal sin tuilleadh fostaithe - 40 - a thabhairt isteach. Caithfidh muid an deis sin a thapú, mar tá gach post a chuirtear ar fáil an-thábhachtach ar fad.

Mhol McCárthaigh i dtuairisc an Bhoird Snip go mbainfí feidhm fiontraíochta de Údarás na Gaeltachta agus mhol sé an fheidm sin a thabhairt don IDA ná do dhream éigin eile mar Fiontar Éireann. Dá dtarlódh sin, ba bhuille mór a bheadh ann d'Údarás na Gaeltachta. Ba bhuille mór é dá gcaillfeadh sé an deis a bheith freagrach as feidhm fiontraíochta sin, mar sin an rud ,ór a rinne an t-údarás ó cuireadh ar bun é. Bhí séábalta na postanna a thabhairt isteach. Má déantar é sin, ní bheidh fágtha ag an údarás ach feidhm cultúrtha, feidhm teanga agus feidhm sóisialta. Tá siadsan uilig iontach tábhachtach, ach níl aon mhaitheas leis an údarás muna bhfuil fiontraíocht, fostaíocht agus obair aige fá choinne na daoine atá ina gcónaí ansin a choinneáil. Ní bheidh aon teanga muna bhfuil daoine ann agus ní bheidh aon daoine muna bhfuil obair ann. An dream is fearr a thuigeann an dóigh is fearr le obair a thabhairt isteach sa Ghaeltacht anois náÚdarás na Gaeltachta. Níl buntáiste ar bith ag Údarás na Gaeltachta ar Fiontar Éireann. Tá siad ar na coinníollacha céanna agus tá an modh céanna deontas acu agus mar sin de, ach tá eolas ag an údarás thar na blianta - eolas an-chruinn - ar na ceantair ina bhfuil sé ag gníomhú.

Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag na daoine atá ar bhord Údarás na Gaeltachta ar an mBille seo. Nuair a cuirtear siar toghchán, is dóigh go mbraitheann do dhearcadh ar má thoghtar tú. Dá mbeadh Bille á thabhairt isteach fá choinne cur leis an Dáil, b'fhéidir go mbeinn féin ag tabhairt tacaíochta don Aire. Tá an bord ann anois le os cionn cúig bliana. Bhí an toghchán deireannach againn in Aibreán 2005. Seo 2010 agus tá an bord ag dul ar aghaidh go dtí 2012. Bhí sé de nós againn é sin a dhéanamh cheana leis na húdaráis áitiúla. Nuair a bhí an comhairle contae ann cúig bliana, d'fhéadfadh an toghchán a chur siar go dtí an séú nó an seachtú bliain. Ach tá deireadh le sin. Tugadh isteach reachtaíocht agus níl sin ceadaithe a thuilleadh. Is mór an trua é nach mbaineann an rud céanna le Údarás na Gaeltachta. Dá mbeadh toghchán ann agus dá mbeadh mandate úr ag na baill, cuirfeadh sin fuinneamh úr isteach i mbord an údaráis agus cuideodh sin go mór leis an Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin Ghaeltacht. Is mór an trua é gur Bille beag mar seo atá sa Bhille seo, ag cur siar an toghchán agus ag teitheadh ón daonlathas. Níl a fhios agam cén uair a bheidh Bille ceart ag teacht isteach, Bille a thabharfaidh sainmhíniú ar na chumhachtaí agus na freagraíochtaí a bheidh ag an údarás. Is é an eagla atá orm faoi reachtaíocht úr, gur údarás na Gaeilge a bheidh ann. Níl sin de dhíth orainn.

TáÚdarás na Gaeltachta de dhíth orainn sna blianta atá amach romhainn. Má tá cúraimí eile ann dó ar fud na tíre, tá sin maith go leor ach má thugtar cúraimí Gaeilge dó, an gcuirfidh sin isteach ar Fhoras na Gaeilge, an mbeidh dúbláil i gceist? Tá na ceisteanna sin le freagair.

Seo an chéad Bhille a thug an tAire isteach agus tá súil agam nuair a bheidh sé ag tabhairt isteach an chéad Bhille eile, go mbeidh Bille tábhachtach ann, Bille a bheidh ag tabhairt téagair agus cumhachta agus freagaíochta don údarás. Má dhéanann sé sin, beidh tacaíocht le fáil aige uainne. Níl sé ag déanamh sin inniu agus sin an fáth go mbeimid ag vótáil i gcoinne an Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.