Dáil debates

Thursday, 22 April 2010

11:00 am

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil staidéir ar bhealach sa Ghaeltacht ag an bhomaite. Bhí deis ag an Comhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an straitéis 20 bliain a phlé le muintir na Gaeltachta. Ag an am céanna, táimid ag smaoineamh ar chumhachtaí Údarás na Gaeltachta a leathnú agus, ag éirí as sin, chumhachtaí Údarás na Gaeilge a leathnú freisin. Tá an díospóireacht ar rudaí mar sin idir lámha ag an bhomaite - níl sí críochnaithe go fóill. Dá bhrí sin, níl sé socruithe cathain a bheidh an Bille úr os comhair na Dála. Caithfidh an Aire nua athbhreathnú a dhéanamh ar an obair atá idir lámha againn. Is é sin an fáth nach bhfuil mé ábalta freagra iomlán a thabhairt. Tá scrúdú á dhéanamh ag an Aire más cheart an straitéis 20 bliain agus an plean nua bheith mar pháirt den Bhille seo, nó gur cheart dúinn an Bille a athrú. B'fhéidir gur chóir dom labhairt leis an Aire, an Teachta Pat Carey, ag éirí as seo. Nuair atá athbhreathnú déanta ar na moltaí agus ar an straitéis, beimid in ann an am ina mbeidh Bille úr againn a fhógairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.