Dáil debates

Thursday, 22 April 2010

11:00 am

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

An féidir liom ceist a chur faoi reachtaíocht atá geallta - Uimh. 43 i Cuid C den chlár reachtaíochta - a bhaineann le feidhmeanna agus cumhachtaí Údarás na Gaeltachta? Bhí an reachtaíocht seo ar an liosta cheana, ach tá sí imithe anois. Níl sé soiléir cathain a bheidh sí os ár gcomhair. Tá práinn ag baint leis an reachtaíocht toisc go bhfuil daoine sa Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe ag déanamh iarracht forbairt agus fostaíocht a chur ar fáil. Níl siad in ann é a dhéanamh os rud é go bhfuil sé ráite nach bhfuil cead ag an údarás, ó thaobh an dlí de, taobhú leis na moltaí atá curtha os a chomhair an údaráis. Baineann an reachtaíocht seo, atá ar Cuid C den liosta faoi láthair, le soiléiriú agus leathnú feidhmeanna agus cumhachtaí Údarás na Gaeltachta. Tá práinn ag baint leis an reachtaíocht, mar a bhí i gcónaí. Tá sé athruithe sa chlár reachtaíochta don seisiún seo. Cathain a bheidh an reachtaíocht seo againn? Más rud é nach mbeidh sé againn, an mbeidh soiléiriú ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh forbairt agus fostaíocht a chur ar fáil sa Cheathrú Rua?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.