Dáil debates

Thursday, 22 April 2010

11:00 am

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

Is í an práinn atá ag baint leis an mBille ná go bhfuil tionóntaí agus gnóthaí beaga faighte ag muintir an Cheathrú Rua don suíomh seo. Bhí sé intuigthe go mbeadh an chumhacht acu léasanna a chur ar fáil dóibh siúd ata i gceist. Go tobann, fuaireadar litir ón údarás ag rá go raibh iniúchadh á dhéanamh ó thaobh an dlí de. Ní rabhadar ag súil leis an litir sin. Beidh na comhlachtaí i mbaol agus beidh an fostaíocht caillte. Ní féidir linn fanacht go dtí go mbeidh an díospóireacht leathan faoin straitéis críochnaithe. D'fhreastal mé ar na cruinnithe sa Ghaeltacht nuair a bhí mé ag cabhrú le gné eile den ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.