Dáil debates

Thursday, 25 February 2010

10:30 am

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

Ar an ábhar céanna, chuir mé ceist ar an Taoiseach inné faoin reachtaíocht atá liostáilte sa chlár reachtaíochta ag an Rialtas. An Bille atá ann ná, Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú). Ceapaim gur thug an Taoiseach freagra domsa i dtaobh Bille Údarás na Gaeilge. An féidir leis an Tánaiste a chinntiú cén reachtaíocht a mbeidh ag teacht os comhair an Tí? An mbeid dhá Bhille ann? An mbeidh an Bille faoi Údarás na Gaeltachta, Bille leasaithe againn nó an mbeidh Bille eile, Bille Údarás na Gaeilge againn nó an mbeidh an dá Bhille ag teacht os comhair an Tí. An Bille atá liostáilte sa chlár ná, Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.