Dáil debates

Thursday, 25 February 2010

10:30 am

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)

Mar atá a fhios ag na Teachtaí uilig, táimid ag féachaint ar an straitéis úr 20 bliain don Ghaeltacht. Táimid ag fanacht ar thoradh na hoibre atá idir lámha ag an comhchoiste faoi láthair. Ní bheidh toghchán go dtí go mbeidh sin os ár gcomhair agus críochnaithe. Sin an fáth go mbeidh Bille úr os ár gcomhair fosta. Ag éirí as an straitéis, ar dtús báire beidh Bille úr os ár gcomhair. Níl sé socraithe go fóill an mbeidh toghchán ann i mbliana. Fiú muna mbeidh, leis an Bille atá ann, tá deis ag an Aire athfhéachaint a dhéanamh agus gan toghchán a shocrú díreach. I mo thuairim, tá sé ag fanacht go dtí go mbeidh an straitéis críochnaithe agus ansin cuirfidh sé Bille úr os ár gcomhair. Muna mbeidh an Bille críochnaithe in am don toghchán, beidh an Taoiseach in ann an toghchán a chur ar athló.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.